Ná cuirimis íospartaigh san Úcráin agus in Gaza in iomaíocht lena chéile

Míthuiscint agus mí-eolas an toradh a bhíonn ar chomparáidí díreacha idir básanna in Gaza agus básanna san Úcráin

Ná cuirimis íospartaigh san Úcráin agus in Gaza in iomaíocht lena chéile

Tá nós ann comparáid a dhéanamh idir líon na mbásanna sa chogadh i nGaza agus líon na mbásanna sa chogadh san Úcráin. An toradh a bhíonn air seo ná ráitis ar nós ‘tá trí oiread an líon daoine maraithe ag Iosrael le cúig mhí is a maraíodh sa choimhlint iomlán san Úcráin le dhá bhliain anuas’.

Is míthuiscint chomónta é seo ag daoine atá go hionraic ar buile faoi fhimíneacht pholasaí idirnáisiúnta Mheiriceá agus ag daoine eile ar mian leo beag is fiú a dhéanamh de shléacht na Rúise san Úcráin ar chúiseanna idé-eolaíocha.

Tá an tuiscint sin bunaithe ar chomparáid idir na figiúirí a thagann ó Roinn Sláinte Hamas i nGaza, agus figiúirí a thagann ó na Náisiúin Aontaithe i dtaca leis an Úcráin. Ar an gcéad amharc, deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 11,000 maraithe san Úcráin agus deir Roinn Sláinte Hamas go bhfuil tuairim is 33,000 maraithe i nGaza. Ach ní hionann na figiúirí seo.

An chéad difríocht ná nach ndéanann Roinn Sláinte Hamas idirdhealú idir sibhialtaigh agus trodairí de chuid Hamas ach níl na Náisiúin Aontaithe ach ag comhaireamh sibhialtach san Úcráin. Luaitear figiúirí ar nós 100,000 saighdiúir a bheith maraithe ar thaobh na Rúise agus 70,000 ar thaobh na hÚcráine.

An dara mórdhifríocht ná seo: mar gheall ar easpa comhoibrithe ón Rúis níl na Náisiúin Aontaithe den chuid is mó ach ag comhaireamh básanna atá dearbhaithe i réigiúin atá faoi smacht rialtas na hÚcráine agus mar sin deir siad féin go bhfuil fíorlíon na mbásanna ‘i bhfad níos airde’. Ní fios mar shampla cé mhéad a maraíodh i léigear Mariupol agus admhaíonn na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil formhór na mbásanna sin san áireamh ina gcuid figiúirí. Measann Human Rights Watch gur maraíodh ar a laghad 8,000 duine i Mariuopal ach deir siad gur dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde. Maíonn rialtas na hÚcráine gur maraíodh ar a laghad 25,000 ansin. Agus níl ansin ach Mariupol.

Tá a fhios againn gur aimsíodh olluaigheanna i ngach réigiún a bhí faoi smacht na Rúise agus ar éirigh leis an Úcráin iad a ghabháil ar ais ina dhiaidh sin.

Is é fírinne an scéil nach próiseas an-chruinn é líon na mbásanna i gcogadh a chomhaireamh, go háirithe le linn don chogadh sin a bheith ar siúl. Ní dhearna na Náisiúin Aontaithe aon iarracht figiúirí do bhásanna sibhialtach a sholáthar le linn ionradh Mheiriceá agus a gcomhghuaillithe ar an Iaráic in 2003. Figiúirí sna céadta a bhí á lua ag rialtas na hIaráice – i bhfad níos ísle ná na meastacháin a tháinig amach sna blianta i ndiaidh an chogaidh.

Agus ó shin i leith tá díospóireacht fhíochmhar i measc saineolaithe éagsúla faoi líon na marbh ansin agus raon leathan meastachán agus critéir agus tréimhsí ama éagsúla á n-úsáid acu. An t-aon rud is féidir a rá go cinnte ná nuair a dhéantar mór-ionsaí ar chathair phlódaithe áit ar bith ar domhan le diúracáin is airtléire, go séidtear idir throdairí agus sibhialtaigh, idir dhaoine fásta agus pháistí as a chéile, agus go maraítear – ar a laghad – na mílte duine.

Fágann an éiginnteacht seo ar fad go bhfuil comparáidí díreacha idir básanna i nGaza agus básanna san Úcráin neamheolaíoch, agus nach mbíonn mar thoradh orthu ach míthuiscint agus mí-eolas.

Tá eagraíochtaí difriúla ag tomhas rudaí difriúla ag baint úsáid as critéir éagsúla faoi thosca éagsúla. Lá éigin amach anseo is togra acadúil spéisiúil a bheidh ann do scoláirí iarracht a dhéanamh líon na mbásanna sna coimhlintí seo agus coimhlintí eile a mheas agus a chur i gcomparáid lena chéile. Ach le linn do na coimhlintí sin a bheith fós ar siúl tá an baol ann go ndéanfar díluacháil ar fhulaingt dream amháin íospartach.

Tá fimíneacht ag baint le dearcadh Mheiriceá agus dearcadh na Rúise araon i dtaca leis na coimhlintí i nGaza agus san Úcráin. Tá an Rúis ag cáineadh Iosrael as na coireanna cogaidh céanna atá ar bun aici fhéin san Úcráin. Tá sé dlisteanach aird a tharraing ar fhimíneacht na mórchumhachtaí, ach caithfear a bheith cúramach gan íospartaigh i gcoimhlintí éagsúla a chur i gcomórtas lena chéile. An fhuil a shil as corp Evangelina, ceithre bhliain d’aois, i Mariupol, is í an fhuil dhaonna chéanna í a shil as corp Adel Rami Adel Jaber , ceithre bliana d’aois, i nGaza.

Nóta: Sular gcuirtear i mo leith go bhfuilim ag déanamh leithscéalta ar son Hamas, mharaigh Hamas páistí ar nós Omer Keden, ceithre bliana d’aois, ar an 7 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Ná cuirimis íospartaigh san Úcráin agus in Gaza in iomaíocht lena chéile'

  • Pádraig

    An ceart ag Fachta – tá sé fíordheacair muinín a chur sna figiúirí atá á lua faoi láthair faoi bhás na sibhialtach i nGaza mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás trodairí agus bás na sibhialtach.

    Nuair a pléascadh ospidéal Al-Ahli i dtosach an chogaidh tháinig Hamas amach láithreach ag rá gurb iad na hIosraelaigh ba chiontach agus go raibh 500 duine tar éis bháis. Thuairiscigh na meáin go léir, nach mór, an mhífhaisnéis sin amhail is gurbh é lom na fírinne é cé nach raibh imscrúdú neamhspleách ar bith déanta ar an scéal an tráth úd. (Go deimhin, tá an mhífhaisnéis úd fós le feiceáil ar shuíomh idirlín an Dream Dearg, ar an leathanach ‘Gníomh’). De réir imscrúdaithe neamhspleácha atá déanta ó shin i leith (ag leithéidí Associated Press, CNN, The Economist, The Guardian, agus The Wall Street Journal), áfach, is é is dóichí gur diúracán de chuid Islamic Jihad a chuaigh ar strae ba chúis leis an bpléascadh agus go bhfuair an leathoiread daoine bás (ar a mhéad) ná mar a mhaígh Hamas.

  • Vitaly

    Na mílte íobairtí Rúisigh, a ndeachaigh go cogadh seo in aghaidh a dtola. Na céadta íobairtí Iosraeiligh, maraithe ag sceimhlitheoirí. Dar le Fachtna, ní ga iad a lua. Naisiúin mícheart atá acu, nach ea?

  • JP

    ‘Cheart náire bheith oraibh as an imeartas seo le figiúirí. Cén comhaireamh atá déanta ar an líon daoine i nGaza atá ag lobhadh fén smionagar? Nó na holl-uaigheanna atáthar a nochtadh ó lá go lá?
    Bhfuil aon áireamh agaibh ar an líon daoine a maraíodh sa Bhruach Thiar? Glacann Biden le figiúirí ‘Hamas’, figiúirí atá deimhnithe ag toscairí ó NA. Cén fáth nach lobhálann Iosrael tuairisceoirí;& polaiteoirí neamhspleácha idirnáisiúnta isteach sa limistéir? Cad tá á cheilt acu?
    Mo náire sibh.