Ba chóir do gach duine breathnú ar ‘20 Days in Mariupol’

Tá an méid sin uafáis in 20 Days in Mariupol a fhanann id chuimhne – marú páistí an rud is mó a d’fhan liom féin

Ba chóir do gach duine breathnú ar ‘20 Days in Mariupol’

Tagann an chéad duine atá gortaithe go dtí an t-ospidéal in otharcharr, páiste ceithre bliana d’aois, lucht leighis ag breith uirthi agus ag rith isteach léi chuig an seomra éigeandála, an mháthair ag impí orthu a páiste a shábháil, éadaí naíonáin smeartha le fuil, an dochtúir i gceannas ag labhairt go feargach leis an gceamaradóir: ‘Scannánaígí mar atá na motherfuckers seo ag marú sibhialtach. Taispeáin súile an pháiste seo don chunús Putin. Agus na dochtúirí seo ar fad atá ag caoineadh. An cunús lofa. Taispeáin é. Is maith go bhfuil an preas anseo. Lean ort ag scannánú.’

Lochán fola ar an urlár, an fhoireann leighis ag iarraidh an páiste a athbheochan. Ach tá an cath seo caillte. Clúdaíonn siad a corp atá nocht anois le píosa dá héadach fhéin, smeartha le fuil. Dúnann siad na súile. Anois an seomra gan éinne ann ach an páiste marbh ar an tralaí. Evangelina. Ceithre bliana d’aois.

Shroich foireann de chuid na háisíneachta nuachta AP Mariupol uair an chloig sular thosaigh an Rúis ag buamáil na cathrach ar an 24 Feabhra 2022. Ba iadsan an físcheamaradóir Mystyslav Chernov, an grianghrafadóir Evgeniy Maloletka agus an léiritheoir Vasilisa Stepanenko. D’fhág na hiriseoirí idirnáisiúnta eile go léir sular thimpeallaigh fórsaí na Rúise an chathair ach d’fhan foireann AP chun an méid a bhí ag tarlú a thaifeadadh agus a chraobhscaoileadh don domhan mór.

D’éirigh cúrsaí níos deacra agus níos deacra de réir mar a scrios an Rúis an córas teileachumarsáide, ionas go raibh an chathair scoite amach go hiomlán ón gcuid eile den tír. Chomh maith leis an uafás a tharla don chathair agus dá phobal a thaispeáint, baineann cuid mór den scannán 20 Days in Mariupol lena n-iarrachtaí comharthaí fóin laga a aimsiú agus giotaí físe a chur amach go dtí an chuid eile den domhan.

Go luath tar éis bhás an naíonáin sin, thosaigh na coirp bhasctha agus corpáin na marbh ag carnadh in ospidéil na cathrach. Ionsaí airtléire ar fhobhaile ciúin darbh ainm Kirov. Bean, fuil ag doirteadh as a béal, í ag béicíl, créacht oscailte uirthi, dochtúir arís ag fógairt ar Mystyslav: ‘Scannánaigh é seo!’ Corpáin mharbha agus coirp bhasctha i ngach aon áit. Tuilleadh daoine basctha fós ag teacht isteach. Duine i ndiaidh duine i ndiaidh duine. Athair ag caoineadh ‘Mo mhac, mo mhac bocht’, oibrithe sláinte ag breith barróg air. Bhí an mhac sé bliana déag d’aois ag imirt sacair lena chairde nuair a thosaigh an t-ionsaí airtléire, a chos séidte de sa phléasc, a bhróg agus a stoca spóirt ar an urlár báite lena chuid fola. Cath eile caillte ag lucht leighis. Téann an t-athair fhad lena chorp, beireann ar a cheann agus tosaíonn ag olagón, an fhuil smeartha anois ar a éadan féin. Illa, sé bliana déag d’aois.

Tá an méid sin radharcanna as 20 Days in Mariupol a fhanann id chuimhne. Marú páistí an rud is mó a d’fhan liom féin. Ach an rud eile atá dochreidte ná na daoine a leanann orthu ag cur a mbeatha féin i mbaol ag déanamh a jabanna fiú agus fios maith acu nach bhfuil aon tslí éalaithe agus go mbeidh an bua luath nó mall ag na hionsaitheoirí.

Na dochtúirí agus na hoibrithe leighis ag oibriú i ndeireadh na dála gan aibhléis, gan uisce, gan drugaí chun an phian a mhaolú in ospidéil atá i lár láthair chatha. Na saighdiúirí is gan tada acu le troid ar ais i gcoinne tancanna agus airtléire agus eitleáin. Na póilíní ag déanamh a ndíchill ord agus eagar a choimeád agus an pobal a shuaimhniú fiú agus an t-uafás ag teannadh isteach orthu. Na comhraiceoirí dóiteáin ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh tinte a mhúchadh agus daoine a shábháil ó smionagar foirgnimh scriosta fiú agus iad fhéin faoi ionsaí i gcaitheamh an ama. Agus an dornán oibrithe cathrach ag dul thart ag bailiú na gcorpán ó na hospidéil agus na sráideanna agus á gcaitheamh i dtrinse mór amháin, iad i málaí plaisteacha dubha ar dtús ach tar éis tamaill, iad á gcaitheamh isteach díreach mar a aimsítear iad, gan sagart, gan gaolta á gcaoineadh, gan fios cé hiad fhéin.

I measc na bpíosaí is tábhachtaí den scannán tá an taifead a rinneadh ar an ionsaí ar an ospidéal máithreachais. Bhí Mystyslav ar an láthair go luath tar éis an ionsaithe, agus na mná torracha agus máithreacha le páistí nua-bheirthe á dtabhairt amach as an ospidéal. Feictear bean thorrach amháin agus í gonta go dona á hiompar ar shínteáin. Dearbhaíonn Mystylav níos déanaí go bhfuair sí fhéin agus an báibín sa bhroinn bás.

Scaip bolscairí na Rúise bréagaisnéis gur ‘stáitsíodh’ an t-ionsaí agus gurbh aisteoirí iad na máithreacha. Faraor, fhad is a bhí sé fhéin is a chomhghleacaithe ó AP ag cur a mbeatha i mbaol ar mhaithe leis an bhfírinne faoin méid a bhí ag tarlú a chur ar fáil don domhan, bhí daoine áirithe a mhaíonn gur ‘iriseoirí neamhspleácha’ iad, laochra eochairchláir i bhfad ó pháirc an áir, ag déanamh clúmhilleadh orthu agus ag cur ina leith go raibh siad páirteach i gcur i gcéill ollmhór.

D’éirigh le Mystyslav éalú ón gcathair agus a chuid ábhar físe ar fad a smuigleáil amach. Is é an t-aon taifead atá againn den mhéid a tharla i Mariupol sna laethanta sin, de bhás na cathrach agus go leor dá cuid áitritheoirí.

Ní fios cá bhfuil go leor de na daoine a fheictear ann anois nó an beo nó marbh atá siad. Tá súil agam go ndéanfar scannán chomh cumhachtach leis seo lá éigin faoin uafás atá ag titim amach i nGaza faoi láthair.

Ba chóir do gach éinne breathnú air. Bhí mé i láthair ag ócáid de chuid Aontas Craoltóireachta na hEorpa i Meitheamh na bliana seo caite ag ar labhair Mysyslav ar nasc físe ón líne thosaigh san Úcráin, áit a raibh sé fillte ar a cheird ag déanamh taifeadadh ar an gcogadh. Ba léir go raibh sé traochta agus cráite, ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná a shúile – súile doimhne dorcha nach féidir leo na huafáis atá feicthe acu a cheilt. Creidim é nuair a deir sé go mb’fhearr leis gan an scannán seo a bheith déanta aige, go mb’fhearr leis gan Oscar a bheith buaite aige.

Is féidir 20 Days in Mariupol a fheiceáil ar seinnteoir Channel Four agus in áiteanna eile.

Fág freagra ar 'Ba chóir do gach duine breathnú ar ‘20 Days in Mariupol’'

  • Máire

    Uafáis. Tar éis dom sin a léamh, ní dóigh liom go mbeinn ábalta breathnú air ach is maith ann é.