‘An Focal Beo’ i Leitir Ceanainn, IMRAM i  mBéal Feirste agus scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne…

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘An Focal Beo’ i Leitir Ceanainn, IMRAM i  mBéal Feirste agus scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne…

FÉILE

An Focal Beo i Leitir Ceanainn

Tá Líonra Leitir Ceanainn ag cur an fhéile ‘An Focal Beo’ ar bun arís i mbliana don dara bliain as a chéile. Beidh an fhéile ar bun ón Satharn 20 Aibreán go dtí an Mháirt 30 Aibreán agus é d’aidhm acu beocht agus spleodar na Gaeilge agus phobal na Gaeilge a léiriú.

“Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht.” a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn

Cuirfear tús leis an bhféile i Kinnegar Taproom ar an Satharn, 20 Aibreán le tráthnóna filíochta agus ceoil leis na filí Dubhán Ó Longáin agus Laoighseach Ní Choistealbha agus ceol le Clann Bhreathnach.

Beidh Pop-Up Gaeltacht Tigh Blakes tráthnóna Dé Máirt 23 Aibreán i gcomhpháirtíocht le Comhaltas Leitir Ceanainn agus neart spraoi á ghealladh ag an ócáid.

Tráthnóna Dé Céadaoin 24 Aibreán beidh mórimeacht na féile ar siúl agus painéal plé ar an ábhar ‘Éire Nua’ ar bun in Óstán Dillons ar phríomhshráid Leitir Ceanainn.

Is é Micheál Ó hÉanaigh a bheidh sa gcathaoir agus beidh na cainteoirí seo a leanas ag glacadh páirt sa bplé; Jake Mac Siacais ó Forbairt Feirste; Mary Durkan, abhcóide a bhfuil saineolas aici ar an reachtaíocht nua atá i bhfeidhm sna sé chontae maidir leis an nGaeilge agus leis an Ultais; Caolán Ó Coisneacháin ó Turas Skainos, eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gceantar Aontachtach; Catherine Pollock, ón eagraíocht Doire Trasna; agus Rosa Nic Lochlainn, oideachasóir le taithí bhainistíochta i scoileanna i mBéal Feirste, i nDoire agus i Leitir Ceanainn.

Tá ‘Béile na Féile’ eagraithe don Aoine an 26 Aibreán in The Yellow Pepper agus tá dearbhán €10 don fhéile á ofráil don chéad 15 duine a chláróidh leo trí pobal@lionralc.ie

Beidh ceardlann chruthaitheach leis an scríbhneoir Myra Zepf bunaithe ar a leabhar do pháistí Rita agus an Dineasár ar bun maidin Satharn, 27 Aibreán agus Ceardlann Amhránaíochta an tráthnóna sin le Diane Cannon. Gach eolas anseo.

FILÍOCHT

IMRAM ar cuairt ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Beidh Siúracha na Gealaí Caillte – The Diane de Prima Project’ ag teacht go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Aoine, an 3 Bealtaine. Imeacht de chuid na féile IMRAM atá ann ina ndéantar ceiliúradh, athfhilleadh agus athshamhlú ar shaothar an fhile Diane di Prima. Ócáid draíochta a ghealltar ina samhlaítear comhrá fileata idir Diane di Prima agus an file Éireannach Dairena Ní Chinnéide. Tá ceol nuachumtha le Nick Roth ina chuid den chur i láthair, chomh maith le píosaí á gcanadh ag Olesya Zdorovetska agus íomhánna á dteilgeadh ag Margaret Lonergan.

File radacach Meiriceánach ab ea di Prima a raibh glór cumhachtach feimineach aici tráth a raibh glór na bhfear chun tosaigh ar son ghlúin na bhfilí Beat. Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici Revolutionary Letters (1971) a léiríonn samhlaíocht Útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é, tarraingíonn sí ar go leor miotas chun spiorad an fhaolchú mar bhandia a chruthú le cantaireacht orthaí.

Ticéid ar fáil ar £12 don seó amháin, nó £30, a chlúdaíonn an seó agus béile dhá chúrsa ó Bhia Loch Lao, an bhialann atá suite san fhoirgneamh. Tá ticéid ar fáil anseo.

LEABHARÁN

Scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne

Tá leabhrán foilsithe ag Leabhar Breac chun airgead a bhailiú do mhuintir na Palaistíne i nGaza. Naonúr scríbhneoirí le Leabhar Breac agus dearthóir atá páirteach sa bhfiontar deonach do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza.

Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a’Bhaird , Colm Ó Ceallacháin, Cathal Ó Searcaigh, Antain Mac Lochlainn, Vincent Morley agus Darach agus Caomhán Ó Scolaí atá páirteach ann.

Ar na sleachta nua a scríobhadh go speisialta don leabhrán tá ‘Oiliúint’ le hAntain Mac Lochlainn, ‘Deoraí’ le Proinsias Mac a’Bhaird, agus trí dhán le Cathal Ó Searcaigh, ‘Gaza’, ‘Níl Teitheadh i nDán Dúinn’ agus ‘Cathair na Mairgní’. Tá dán leis an bhfile Palaistíneach Refaat Alareer (a maraíodh in ionsaí Iosraelach anuraidh) aistrithe ag Colm Ó Ceallacháin don leabhrán, agus is sleachta as saothair nua dá gcuid atá á bhfoilsiú ag na scríbhneoirí eile.

Paimfléad 16 leathanach A5 clóite ar pháipéar maith (A2 fillte mar a bheadh léarscáil ann) atá sa leabhrán Ar Son na Palaistíne, agus é deartha go healaíonta ag an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí.

Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar Chorrán Dearg na Palaistíne. Go dtí seo, tá beagnach €1500 bailithe agus tá súil ag Leabhar Breac go mbeidh siad in ann €3000 a sheoladh chun na Palaistíne le fóirithint a dhéanamh orthu siúd atá ina ghátar.

Tá an leabhrán ar fáil anois sna siopaí seo a leanas: An Siopa Leabhar (Baile Átha Cliath), An Ceathrú Póilí (Béal Feirste), Charlie Byrne’s Bookshop (Gaillimh), Siopa Chló Iar-Chonnacht (An Spidéal), An Pota (An Tulaigh), agus An Café Liteartha (An Daingean). Tá an leabhrán ar fáil freisin ar líne ar shuíomh idirlín Leabhar Breac.

IMEACHTAÍ

Buile Shuibhne agus Fite Fuaite in Áras Mhic Reachtain

Beidh Buile Shuibhne, imeacht de chuid na féile IMRAM ar siúl in Áras Mhic Reachtain ar an Aoine seo, an 26 Aibreán. Ócáid ilmheán, ilteangach é ina gcuirtear téacs ón mheánaois, Buile Shuibhne i láthair. Is é an scéal atá leis an bpíosa ná go gcuireann Rónán, cléireach, mallacht ar rí Ultach, Suibhne, agus go dtéann an rí as a chiall. Is éan nó leathéan é dar leis agus canann sé duanta buile faoina chuid trioblóidí. Sa léiriú seo tá leaganacha nua i nGaeilge agus i nGàidhlig le Rody Gorman, ceol beo leis an gcumadóir Seán MacErlaine agus an t-amhránaí Diane Ní Chanainn agus íomhánna le Margaret Lonergan á dteilgeadh ar scáileán mór. Ticéid £12.50 anseo.

Beidh an ócáid FITE FUAITE in Áras Mhic Reachtain mar chuid den 24 féile ag an  Cathedral Quarter Arts Festival ar an Aoine, an 3 Bealtaine. Is iad na haoicheoltóirí a bheidh ag glacadh páirt san ócáid ná: Boss Sound Manifesto, Róisín Seoighe, SÉIMÍ (agus a bhanna ceoil), Colm Seoighe agus Na hEasógaí, agus Na Brigideens.

Tá lucht leanúna dílis cruthaithe ag Boss Sound Manifesto ag a gcuid gigeanna Cois Cuain agus in áiteanna eile i gcéin. Bhí siad mar thacaíocht do leithéidí Neville Staples, agus do Lee Scratch Perry & The Upsetters ag féilte éagsúla le blianta beaga anuas.

Tá Róisín Seoighe aitheanta go forleathan mar cheoltóir cumasach spreagúil comhaimseartha a bhfuil a cuid amhrán féin scríofa aici agus stíl amhránaíochta agus fuaim faoi leith aici. As Conamara ó dhúchas di, thosaigh Seoighe amach mar amhránaí agus damhsóir ar an sean-nós ach na laethanta seo tá cáil uirthi mar dhuine de phríomhamhránaithe IMLÉ.

Buíon cheoil nuabhunaithe de bhunadh Bhéal Feirste, iad Séimí agus a chomrádaithe ceoil ar Bharr a’ Tí lena seit nuálach de cheol reigé Gaelach.

As Conamara do Cholm Seoighe, Daragh Jennings, agus Fionn Ó Cualáin, an triúr ógánach ceolmhar atá sa bhuíon cheoil spraíúil, Colm Seoighe agus Na hEasógaí. Déanann siad a leaganacha féin de shean-amhráin agus cuireann liricí nua leis an gceol. Seo é an chéad seó beo ag an ngrúpa i mBéal Feirste.

Meascán den cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha a chasann Caitríona Ní Ghribín agus Aoife Ní Raghallaigh sa mbanna ‘Na Brigideens’.

Ticéid £15.00 le fáil anseo.

Fág freagra ar '‘An Focal Beo’ i Leitir Ceanainn, IMRAM i  mBéal Feirste agus scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne…'