Faireachas go deo?
Údar: Chris Robé
Foilsithe i mbliana ag: PM Press
ISBN: 9781629633619
Formáid: Clúdach bog
Toisí: 6 x 9
336 leathanach
Braithim go bhféadfaí léitheoirí an mhionléirmheasa seo a roinnt ina dhá gcuid: iad siúd a ghlacann le faireachas
mar riachtanas, nó mar rud éigin de na mílte rudaí eile a gcaithfimid cur suas leo mar go n-ordaíonn an rialtas dúinn
cur suas leo. An dream sin ar thaobh amháin mar sin, agus ina measc tá daoine nach smaoiníonn mórán faoi fhaireachas
(ná faoi aon ní eile, seans).
Agus ar an taobh eile, iad siúd a chuirfeadh deireadh le faireachas. Go deo! Is ceart dúinn a bheith ag faire ar lucht faireachais!
Beimidne mar chuid den fhadhb ansin, ar ndóigh, agus gach éinne ag faire ar a chéile. Nó d’fhéadfaimis clárú le dream a choinneodh súil ar lucht faireachais thar ár gceann, Comhairle um Chearta an Duine (Irish Council for Civil Liberties), cuir i gcás.
An tÚll Mór
Foilsithe ag teNeues Publishing, Meán Fómhair 2023
Phil Penman
Toisí: 10.83 in x 13.39 ”
224 Lch
ISBN: 9783961714957
https://www.teneues.com/en
Stoirm Shneachta, Ascaill a Sé, Nua-Eabhrac
Grianghraif de Nua-Eabhrac le linn na paindéime atá sa leabhar seo. Tá cáil ar Phil Penman mar ghrianghrafadóir sráide.
Póilíní ar Asaill a Cúig. Duine díobh ar lár agus tionlacan mór leis.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Is ceart dúinn a bheith ag faire ar lucht faireachais! '