MIONLÉIRMHEAS: An tEorpach a chuaigh sa tóir air féin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar spéisiúil faoin bhféiniúlacht Eorpach agus San Francisco tamall sular tharla an crith talún

MIONLÉIRMHEAS: An tEorpach a chuaigh sa tóir air féin

Europea
Joakim Kocjancic
Bokförlaget Max Ström Press, a d’fhoilsigh
224 leathanach
Toisí: 8¾x11½x1″
Suíomh gréasáin an ghrianghrafadóra

Bhíomar an-aonchineálach in Éirinn ar feadh i bhfad agus cuid de na cuairteoirí a tháinig chugainn –

na hionróirí, más mian leat, ar nós na Normannach – d’éiríodar níos Gaelaí ná na Gaeil féin. Nach fíor?

Tá Eorpaigh áirithe ann, áfach, agus is de chúlra an-mheasctha iad, an grianghrafadóir  Joakim Kocjanic, cuir i gcás. Is mór an áis dó an ceamara, deir sé, chun an nóiméad, an radharc a reo; chun go mbeadh a fhios aige i gceart cá bhfuil sé, agus cé hé féin. Iodálach é, Sualannach í a mháthair, Beilgeach a bhean chéile agus is sloinne Slavach é Kocjanic.

Deir sé gur cuid dá fhéiniúlacht féin iad na daoine go léir a fheiceann sé ar an tsráid; na daoine a nglacann sé grianghraif díobh, is eisean iadsan agus is iadsan eisean, ar chuma éigin. Leabhar spéisiúil ar go leor slite.


San Francisco tamall sular tharla an crith talún

Ní mhaireann an scannán seo ach aon nóiméad déag nó mar sin, scannán a léirionn San Francisco sa bhliain 1906, ceithre lá i mí Aibreáin sular bhuail crith talún uafásach an chathair sin. Chonaic mé an scannán cheana ach tá dath agus fuaim curtha leis ó shin.

Is cinnte go bhfuil Éireannaigh le feiceáil ann agus iad ag siúl na sráideanna, i measc na bplód gan ainm, gan aon tuairim acu go raibh tubaiste an-mhór i ndán don chathair. Cailleadh breis is 3,000 duine san eachtra sin agus na tinte a lean é.

Chonaic mé liosta sealadach de na mairbh agus roinnt mhaith sloinnte Éireannacha air: Byrne, Callahan, Conway, Donohue, Feeney, Gallagher, Heffernan, Kelly, McCarthy, Murphy, O’Neill, O’Brady, O’Brien, Sullivan agus mar sin de. D’fhéadfadh go bhfuil sé seo á léamh ag gaol éigin le duine éigin atá ar an liosta sin. Cá bhfios?

http://www.sfmuseum.org/hist11/list.html

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An tEorpach a chuaigh sa tóir air féin'