I mBéarla atá an HSE i mbun cumarsáide i gcónaí le hiar-uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge a d’inis a scéal an tseachtain seo faoi na deacrachtaí a bhí aici clárú i nGaeilge do vacsaín Covid-19.
In ainneoin an dua a chaith sí ag iarraidh clárú i nGaeilge don vacsáin, i mBéarla amháin a bhí an t-uasdátú a fuair Íte Ní Chionnaith ón HSE inniu.
Chomh maith leis sin, litríodh a hainm mícheart sa teachtaireacht ghutháin a fuair sí ag insint di go mbeidh coinne vacsaíne amárach aici.
‘iteni chionnaith’ a tugadh ar Íte Ní Chionnaith sa teachtaireacht ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt sí go raibh an easpa seirbhíse i nGaeilge ón HSE “uafásach míshásúil” agus gur “masla breise” a bhí ann nár éirigh leo a hainm a litriú i gceart.
B’amhlaidh, a dúirt sí, go bhfuil an phaindéim agus an ghéarchéim sláinte “á n-úsáid mar leithscéal ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gan seirbhís a chur ar fáil don phobal i nGaeilge ina dteanga féin”.
“Ar ndóigh dá mbeadh an struchtúr ceart ón gcéad lá, ní tharlódh a leithéid mar bheadh seirbhís i nGaeilge ar fáil go nádúrtha i gcásanna mar seo, ach níl an struchtúr sin san HSE agus is léir nach suim leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge don phobal,” arsa Íte Ní Chionnaith.
Níl aon rogha eile ag duine atá ag iarraidh clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19 ach dul i muinín an ghutháin mar nach féidir clárú i nGaeilge ar líne.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga mar gheall ar an teip sin.
Mhaígh an HSE inné go raibh siad le rogha na Gaeilge a chur ar roghchlár réamhthaifeadta a líne chabhrach do dhaoine atá ag iarraidh clárú do vacsaín.
Dúirt an HSE an tseachtain seo caite nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.
Maíonn siad áfach gur féidir le duine clárú i nGaeilge ar an líne chabhrach.
S. Mac Muirí
D’fhéadfainn a cheapadh gur de míthapa a mílitríodh an t-ainm, ainm duine a tharraing cíoradh 7 aird na meán orthu an tseachtain seo, ach ní dóigh liom go mba é Tadhg na Scuab a leag faoi chopóig mé ach an oiread.
Ní fheadar cé acu den dá leatrom is measa, an baol do shláinte Íte Ní Chionnaith nó an léiriú drochmheasa a rinneadar sa mullach air.