An HSE le rogha na Gaeilge a chur ar líne chabhrach vacsaíní

Tá leithscéal gafa ag an HSE le daoine nár éirigh leo clárú i nGaeilge do vacsaín ar a líne chabhrach, ach deir siad go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil

An HSE le rogha na Gaeilge a chur ar líne chabhrach vacsaíní

Tá an HSE le rogha na Gaeilge a chur ar roghchlár réamhthaifeadta a líne chabhrach do dhaoine atá ag iarraidh clárú do vacsaín.

Bhí deacrachtaí ag daoine clárú i nGaeilge do vacsaín le HSELive le tamall ach dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le Tuairisc.ie go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh.

Ghéill an HSE, áfach, nár éirigh le daoine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge sin a dhéanamh agus ghabh siad leithscéal leis na daoine sin.

Níl aon rogha eile ag duine atá ag iarraidh clárú i nGaeilge do vacsáin in aghaidh an Covid-19 ach dul i muinín an ghutháin mar ní féidir clárú i nGaeilge ar líne.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga mar gheall ar an teip sin.

Dúirt an HSE an tseachtain seo caite nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.

Deir siad áfach gur féidir le duine clárú i nGaeilge ar an líne chabhrach. 

“Tá gníomhairí a labhrann Gaeilge ag obair sa líne chabhrach gach lá. Ba mhaith linn leithscéal a ghabháil le daoine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge agus nach raibh ábalta labhairt le gníomhaire i nGaeilge le cúpla lá anuas de bhrí go raibh an oiread glaonna á fháil sa líne chabhrach.  

“Tá muid ag obair chun rogha a chur ar fáil ar ár dteachtaireacht fóin chun deis a thabhairt do dhaoine ar mian leo clárú i nGaeilge labhairt níos éasca le gníomhaire le Gaeilge. Beidh sé seo ar fáil go luath.”

I measc na ndaoine a raibh deacrachtaí móra acu nuair a rinne siad iarracht clárú i nGaeilge don vacsaín le HSELive bhí iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, ar dúradh léi nach raibh a leithéid de sheirbhís ar fáil.

Fág freagra ar 'An HSE le rogha na Gaeilge a chur ar líne chabhrach vacsaíní'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.’

    A leithéid de ráiteas!! Chéad teanga na tíre agus níl an córas sláinte ábalta aitheantas a thabhairt dí! Béarla uilig abhus anseo i dTír Chonaill! Fógraí Béarla uilig ag na hionad tástála i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall. Contae le ceantar Gaeltachta agus níl faic a dhéanamh acu le comhionannas a thabhairt d’ár dteanga dúchais. Agus tá sé leitheadach ar fud achan rannán sa chóras sláinte – níl athrú scéil ar bith ann ó bunaíodh an stáit.

    Gan dabht beidh an Ghaeilg, chéad teanga na tíre, ar fáil mar rogha as liosta de theangacha eachtracha eile atá sa tír agus gan aitheantas ar leith aici mar chéad teanga, agus teanga dúchais na tíre seo. Náireach agus maslach amach is amach!!

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!