Bhí tost uafásach ar an bhfón, ansin dúirt sé, ‘We don’t have a service in Irish’

Is feachtas ollmhór thar a bheith tábhachtach do shláinte an phobail an clár vacsaínithe, ach is sárú ollmhór é ar chearta teanga nach féidir clárú i nGaeilge don tsnáthaid

Bhí tost uafásach ar an bhfón, ansin dúirt sé, ‘We don’t have a service in Irish’

Dé Sathairn seo caite a bhí mé le clárú don vacsaín. B’in an lá dóibh siúd a bhí 67 bliain d’aois. Thuig mé ó Tuairisc.ie agus ó Tús Áite ar RnaG gur i mBéarla amháin a bhí an fhoirm chláraithe ar líne – an Tairseach nó an Portal, mar a thugann an HSE air. Ní raibh mé sásta é a líonadh isteach dá bharr.

Bheartaigh mé mar sin glaoch ar an líne speisialta ghutháin atá ag an HSE –1850 241 1850. Chuala mé ar an raidió go raibh 500 duine ag obair san ionad teileafóin seo agus go raibh siad ar fáil chun cabhrú leis an bpobal clárú don vacsaín.

“Ba mhaith liom clárú don vacsaín, led’ thoil,” arsa mise nuair a freagraíodh an guthán. Tost uafásach. Dúirt mé arís é. “I can’t do it in Irish,” ar seisean. “We don’t have a service in Irish.” “Ach ba mhaith liomsa é a dhéanamh as Gaeilge,” a dúirt mé leis. Mhínigh mé dó go mba chainteoir dúchais Gaeilge as Baile Átha Cliath mé agus gur mhian liom mo ghnó a dhéanamh as Gaeilge, go raibh mo chuid cáipéisí oifigiúla ar fad as Gaeilge.

Lean an comhrá ach ba léir dom nár thuig sé mo chuid Gaeilge, in ainneoin mo chuid iarrachtaí labhairt go mall simplí. Léirigh sé bá do mo chás ach dúirt arís gur seirbhís i mBéarla amháin a bhí ar fáil. Lorg mé duine éigin eile a d’fhéadfadh freastal orm as Gaeilge. “Hold on and I’ll get someone else for you,” ar seisean.

D’imigh sé agus tar éis cúpla nóiméad chuala mé “Nóiméad amháin le do thoil”. Sos gairid eile agus seo ar ais chugam é.

“I do apologise,” ar seisean “but we’ll have to do it in English.” Bhí sé tar éis comhairle a fháil, óna shaoiste is dóigh liom. Dúirt mé nach raibh sé sin sásúil. Rinne sé iarracht a mhíniú dom gur bhain sé le GDPR agus go mbeadh orainn an clárú a dhéanamh as Béarla “for quality purposes”.

Thairg sé go labhródh sé go mall agus go n-úsáidfeadh sé abairtí simplí. Cé gur bhain an tairiscint seo stad asam (agus beagán gáire freisin b’fhéidir),  mhínigh mé dó nach raibh caill ar bith ar mo chuid Béarla agus nach mbeadh deacracht ar bith agam é a thuiscint. Ceist eile ar fad a bhí ann, a dúirt mé leis. Bhí mé ag iarraidh mo theanga féin, an Ghaeilge a úsáid agus an gnó a chur i gcrích i nGaeilge, i.e. clárú don vacsaín.

Mhínigh sé dom arís gur i mBéarla amháin a bhí an tseirbhís ar fáil, de bharr brú na paindéime. Ní raibh a fhios aige cathain a bheadh seirbhís ar fáil i nGaeilge ach dúirt sé go raibh sé i gceist acu an tseirbhís a chur ar fáil “in other languages” chomh luath agus ab fhéidir leo.

Chuir mé in iúl dó nárbh ionann an Ghaeilge agus “other languages” gurbh í ár dteanga féin í. Níor Pholannach ná Liotuánach mé (agus ní ag caitheamh anuas ar bhealach ar bith orthu siúd a bhí mé) ach Éireannach agus ba í an Ghaeilge mo chéad teanga agus mo rogha teanga. D’aontaigh sé liom go raibh sé míshásúil nach raibh seirbhís ar fáil as Gaeilge.

Dhiúltaigh mé glan clárú as Béarla. Ach cad faoi mo vacsaín? An bhféadfainn glaoch ar ais lá eile agus seirbhís a fháil as Gaeilge? Ní raibh mé ag iarraidh mo vacsaín a chailliúint. Bhí sé an-bhéasach liom ar feadh an ama agus léirigh sé tuiscint áirithe do mo chás.

Dúirt sé go ndearna sé staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach go raibh sé sin blianta fada ó shin.

Bhí formhór an chomhrá seo i mBéarla toisc nár thuig sé a raibh á rá agam i nGaeilge. Ach ní raibh mé sásta géilleadh ó thaobh an chlárúcháin de. Luaigh sé an GDPR agus “quality purposes” arís ach sa deireadh dúirt sé go raibh sé sásta iarracht a dhéanamh, agus triail a bhaint as a chuid Gaeilge, dá gcuideoinn leis.

Dhéanfadh seisean a dhícheall na ceisteanna a chur orm as Gaeilge agus d’fhéadfainnse iad a fhreagairt as Gaeilge.  Ansin léifeadh seisean na freagraí ar fad ar ais chugam, ceann ar cheann, chun a chinntiú nach raibh aon bhotún déanta aige.

Ní raibh sé ródheacair – ainm, uimhir PPS, cód postais, uimhir fóin agus dáta breithe. Uimhreacha is mó a bhí i gceist sna freagraí. Bhí mé buartha nach mbeadh sé in ann déileáil leis na huimhreacha ach, nuair a chuir mé ceist air, dúirt sé go raibh sé go maith ag na huimhreacha ar scoil. I ndáiríre ní dhearna sé ach cúpla botún beag. Mheasc sé náid (0) agus naoi (9) mar shampla, ach cheartaigh mé na botúin sin.

Ba mhór an faoiseamh dúinn beirt nuair a chuireamar deireadh leis an bpróiseas. Dheimhnigh sé go raibh mé cláraithe don vacsaín agus go bhfaighinn scéal uathu laistigh de thrí seachtaine. D’fhágamar slán lena chéile as Gaeilge.

Bhí an próiseas fadálach agus míshásúil agus bhain frustrachas uafásach leis. Ní raibh uaimse ach clárú don vacsaín. Ní raibh mé ag iarraidh cath eile a throid ar son na Gaeilge. Ní ar an duine aonair a raibh mise ag déileáil leis a bhí an locht, rinne seisean a dhícheall.

Tá an locht ar chóras an HSE, a chinn arís eile le linn na paindéime seo, gur seirbhís i mBéarla amháin a chuirfidís ar fáil do phobal na hÉireann, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

D’fhéadfaí an fhadhb a réiteach go héasca ach timpeall 20 duine a roghnú as an 500 atá i mbun na dteileafón, a bheadh sásta agus in ann seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge. Mura bhfuil go leor daoine sa chóras cheana féin, ba chóir daoine breise a thabhairt isteach.

D’fhéadfaí a shocrú go gcuirfí glaonna i nGaeilge ar aghaidh chuig na daoine sin. Bheidís in ann déileáil le clárúcháin i nGaeilge nó i mBéarla. Rogha eile ná go gcuirfí cnaipe breise, m.sh. brúigh a trí má tá tú ag lorg seirbhíse as Gaeilge, leis an gcóras teileafóin. Ba ghá a chinntiú, ar ndóigh, go mbeadh an fhoireann ann chun déileáil le glaonna as Gaeilge.

Ní próiseas casta é an clárú féin. Tá raon cúng teanga i gceist, a bhaineann le huimhreacha ach go háirithe, mar aon leis na ceisteanna a bheadh mar an gcéanna i mbeagnach gach cás.

Ceist meoin agus tola atá ann. Tuigimid go bhfuil an HSE faoi bhrú. Tuigimid go maith go bhfuil paindéim ann agus go bhfuilimid go léir i mbaol dá barr.  Ach ní haon leithscéal é sin le satailt ar chearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá an dearcadh ag an HSE go bhfuil Béarla againn ar aon nós agus gur chóir go mbeimis sásta glacadh leis an mBéarla de bharr na práinne. Ach tá práinn eile ann freisin, práinn na teanga.

Gach uair go ndiúltaítear seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge, go háirithe ar scála chomh leathan seo, déanann sé dochar do thodhchaí na teanga agus do phobal a labhartha.

Seo an feachtas clárúcháin is mó a reáchtáil an stát riamh. Níl sé ach ina thús. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag iarraidh ar gach duine idir 16 agus 69 clárú leo chun an vacsaín a fháil. Ach tá siad ag diúltú cead do phobal na Gaeilge é sin a dhéanamh as Gaeilge ar cheachtar den dá chóras atá in úsáid acu, ar an tairseach idirlín ná ar an nguthán.

Caithfidh an HSE an tseirbhís seo a chur ar fáil gan mhoill. Cad is fiú é a dhéanamh nuair a bheidh daoine cláraithe cheana féin?

Níl sé inghlactha go gcuirfí sláinte dhaoine i mbaol trí bhrú a chur orthu roghnú idir a  gcearta teanga agus a sláinte phearsanta. Anois atá an tseirbhís de dhíth.

Is feachtas ollmhór é seo ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, feachtas thar a bheith tábhachtach do shláinte an phobail uile, ach is sárú ollmhór é ar chearta teanga, sárú nach féidir agus nár chóir glacadh leis.

Fág freagra ar 'Bhí tost uafásach ar an bhfón, ansin dúirt sé, ‘We don’t have a service in Irish’'

  • Áine

    Maith thú a Íte…. níl aon mheas ag córas riaracháin na tíre seo ar chearta teanga na saoránach.

    Tá an tseirbhís vacsainithe a bhíodh á chur ar fáil do ghasúir na céad bhliana uilig sa scoil fhéin do ghasúir na Gaillimhe agus Chonamara á reáchtáil istigh ar an Rinn Mhóir (agus tuigim do ghasúir bunscoile freisin)…. sin turas uair a chloig AR A LAGHAD isteach agus an an fhaid chéanna amach aríst d’fhormhór ghasúir na Gaeltachta i gCois Fharraige agus siar sna hOileáin (nílim cinnte ach is dócha Ros Muc agus Carna freisin – ?!) sin leathlá oibre nó lá oibre uilig caillte ag chuile thuismitheoir agus lá scoile iomlán caillte ag na gasúir… agus an milleán á chur ar COVID…. leithscéal eile le cur ar liosta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) ó thaobh an gcaoi a gcaitear le daoine. Tá sé ró-dheireanach faoin am a bhíonn duine leis an vacsaín a fháil…. tá an duine idir an bád agus an balla faoin tráth sin
    … cén rogha atá acu…
    ….diúltú don tseirbhís mí-éifeachtach agus a bheith gan vacsaín nó do bhéal a dhúnadh mar a dhéanann formhór na ndaoine mar go bhfuil a fhios acu go maith gur ag caint leob fhéin a bheas siad agus nach bhfuil aon mhaith bheith caint leis an té atá ag tabhairt an vaicsín dhóibh mar gur b’shin an duine deireadh ar an runga a dhéanann na cinntí seo…
    Tá mé cinnte go mbeadh neart hallaí pobail breá toilteanach ionaid a chur ar fáil sa nGaeltacht os rud é go bhfuil siad go hiomlán dímhaoin …. ach ar iarradh orthu é … fiú ar an taobh thiar den chathair… ach soir trasna na Cathrach….

  • Peadar T Mac Ruairi

    Comhgháirdeas Íte. Láimhseáil tú an gnó seo ar fheabhas ar fad. Sheas tú an fód go daingean ar son ár gcearta bunreachtúla mar shaoránaigh a roghnaíonn an ‘teanga náisiúnta’ a úsáid leis an státchóras agus rinnis sin gan drochmheas a chothú ar na cearta sin leis an duine a bhi ag plé leat.
    Peadar T Mac Ruairí

  • Art

    A Ité a chara, téir go https://www.change.org agus cuir achainí ar bun. Scríobh alt eile chugainn faoi ionas gur féidir linn ár n-aimneacha a chur leis, ansin d’fhéadfá an achainí leis na hainmneacha a sheoladh chuig Paul Reid agus David Watt.