‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn

Labhraíonn an scannán nua ‘George Best—All On My Own’ go líofa linn faoin gcaillteachán spóirt ab áille riamh in Éirinn

‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn

‘They’ll forget all the rubbish when I’ve gone and they’ll remember the football. If only one person thinks I’m the best player in the world, that’s good enough for me.’ George Best

Seo an scannán a bhí tuillte go maith ag draoi Eastát an Creggagh, Oirthear Bhéal Feirste – ‘Our Georgie’.

Is fairsinge ná sacar, mná, gluaisteáin, faisean agus alcólachas an George Best a léirítear in opus géarchúiseach Daniel Gordon. Ní sheachnaíonn sé na mórcheisteanna: cé a bhris George Best? Sinne, an pobal? Galar an alcólachais? Nó, arbh é George a bhain an tslat dá dhroim féin?

‘In 1969 I gave up women and alcohol – it was the worst 20 minutes of my life.’

Ba é Best an chéad rac-réalta sacair. An chéad imreoir a bhí ina entrepreneur. D’oscail sé clubanna oíche agus búitící faisin ina ainm féin. Bhí raon speisialta cumhráin amuigh aige, ‘Grooming aids for men – ‘Fore’ brings out the Best in a man.’  Maith is cuimhin liom féin é. Níor loic sé riamh orm.

D’oir ré na Beatles don draoi peileadóra, beannaithe ón mbroinn. Leaid óg álainn, leaid óg dathúil.

‘I spent a lot of money on booze, birds and fast cars. The rest I just squandered.’

Níl aon ghanntanas cúl, cluichí, peileadóirí, ‘cairde’, bainisteoirí, clubanna oíche – an ‘ful-faic’, mar a déarfá, i mbéarlagair Chúil Aodha, i George Best, In His Own Words. Agus níl aon éalú ann ó ‘na héiníní dollaí’, má mhaitear dom úsáid leathfhocal comhaimseartha na linne luascaí sin, a chuala, lá den saol, i mbéal fhile le linn Dámhscoil Mhúscraí Uí Leidhin, i 1969 – ‘An Sciorta Ar a dTugtar Miní’, á chur de go fearúil ag an mbard céanna.

‘I used to go missing a lot… Miss Canada, Miss United Kingdom, Miss World.’

Thug George Best go díograiseach fán tsaol. Pé suáilce a thug na seascaidí dó, agus bhronn na blianta sin a lán air, sciob na seachtóidí santacha ar ais arís uaidh é. Ar deireadh thiar thall, áfach, as sin amach, ba é Best údar a threascartha féin. Scéal mór poiblí, tragóid bheag phearsanta.

Is maith a ríomhann scannán Gordon coimhthiú aonarach Best.

Má bhí Best beannaithe idir mhná, na mílte díobh, is cosúil, bhí triúr ban eisceachtúil a sheas leis in am an ghátair. A chéad shearc i Londain, an mainicín Jackie Glass, Angie MacDonald-Janes, an chéad bhean chéile aige, agus aingeal coimhdeachta bhlianta dorcha na nóchaidí, Alex, an compánach a d’fhan leis chomh fada le béal na huaighe.

Is iadsan an triúr is fearr atá cáilithe chun fianaise a dhéanamh lena scrios agus is tráchtairí scannáin iomlán inchreidte gach duine díobh.

Is maith a thuigeann Gordon tábhacht an chéad dá neomat. Samhlaigh – oíche shalach báistí. Gluaisteán, ón taobh istigh, ag treabhadh chun tosaigh tríd an doineann. Na cuimilteoirí gaothscátha ar lánluas. Guthú Angie, a thug an aonghin, Calum do George.

‘I’m taking my new baby to hospital for a check-up. I see this man walking down the centre of the road, all soaking wet, and I think – “Oh my God, that poor, helpless tramp”. Then I realise, it’s my husband, drunk as a skunk, staggering home. ….I just kept driving.’

Braithimid slám mór ceana dó iontu fós, na hanamchairde ban, in ainneoin gach tarcaisne agus tréigint a d’fhulaingíodar faoi gheasa na draíochta a tháthaigh dlúth le George iad.

Níor aithníos Jackie Glass an lae inniu, mainicín an ghúna crochet trédhearcach – 1966, más buan mo chuimhne. Cé anois í ach Ani Rinchen-Ghandro, bean rialta chiallmhar Bhúdaíoch, cónaí uirthi i nDún Éideann na hAlban. Bean álainn, ghrámhar. An t-aon bhean riamh a thug bata agus bóthar do George Best, ar bhonn minicíocht a chuid imeartha as baile. Ní cluichí peile a chuir isteach uirthi, áfach, ach farasbarr na gcluichí leapan. Leathar ‘as baile’, mar a déarfá .

Mheas Matt Busby, Pat Crerand, Mike Summerbee agus a lán eile gurb í Jackie an deis ab fhearr a bhí ag George. Ach chuir briathra meala na sluaite ban, ollghairdeas an lucht leanúna, béal bán na meán agus andúil George Best san alcól ó bhealach a leasa é.

I was born with a great gift, and sometimes with that comes a destructive streak. Just as I wanted to outdo everyone when I played, I had to outdo everyone when we were out on the town.’

Más iad na hanamchairde na tráchtairí is géarchúisí ar George, ní fada ina ndiaidh ‘Our Georgie’ féinig. Cuireann a ghuth domhain ó na céadta cartlanna raidió agus teilifíse, cruth dírbheathaisnéiseach ar George Best – All On My Own.

Chuir sé iontas orm chomh féinfheasach a bhí sé – bua nach dtugtar go minic d’alcólaithe nár éirigh riamh leo bóthar a leasa a aimsiú. Tar éis dó ‘éirí as’ an imirt, in aois a 25, sa bhliain 1971, ag preas-agallamh i Marbella, dúirt sé, ‘I’m a bloody wreck. All I’ve done for the past year is drink. I can’t play to a high standard any more.’

A leithéid de chur amú na naofachta coise.

Ach, tháinig sé ar ais. Arís, is arís, is arís eile – an ghrian ag dul faoi leis, beagán, club i ndiaidh club, leithscéal i ndiaidh leithscéil, go dtí nach raibh ann sa deireadh, agus é meata go mór agus imithe ar fad ar an uisce bruite, ach an scáil, lagmhacalla tragóideach na sean-áilleachta a spreag Pelé le fógairt, i 1966, ‘George Best is the greatest footballer in the world’.

B’fhíor dó – ar feadh bliana, nó dhó.

Is ait an mac an saol. I 1978, i Meiriceá, agus bánta na maitheasa i bhfad san aimsir chaite leis, d’aimsigh an t-asarlaí cúl álainn eile – cúl an chéid, b’fhéidir.

Labhraíonn scannán Daniel Gordon go líofa linn. Níl aon doicheall orm é a mholadh.

N’fheadar cé a chum nó a cheap, ach bainim súp as an seanfhocal seo leanas: ‘Maradona Good, Pelé Better, George Best.’

Croch suas é, ar son an chaillteacháin spóirt ab áille riamh in Éirinn Bheannaithe – Thuaidh nó Theas.

Bulaí peileadóra.


Seoladh George Best – All On My Own ag Féile Scannán Bhéal Feirste inné agus tabharfar rith ó dheas dó ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath anocht. Beidh sé ar na scáileáin náisiúnta ón Aoine seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn'