LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní hé gach duine a roghnódh ‘Pioc do Ride’

Tá tábhacht ag baint le cláracha siamsaíochta ar sceideal TG4 le faoiseamh a thabhairt dúinn ón noir Gaeltachta agus cláracha faisnéise sollúnta ach…

Pioc-Do-Ride-Pick-Your-Ride

Bhí cad é bús faoi Pioc do Ride (TG4, Déardaoin) roimh a chraoladh agus ina dhiaidh, agus tuairisc ar an suíomh seo ag tabhairt le fios go raibh sé mar phríomhscéal ag an MailOnline ar feadh scaithimh Dé Domhnaigh.

Ag an bpointe seo, tá gaisce fógraíochta agus margaíochta déanta a chinnteoidh go mbeidh cleatráil mhaith duine ag luí ar chnaipe an chianrialtáin an Déardaoin seo chugainn.

Is é seo oidhre na gcláracha Cleamhnas agus Paisean Faisean agus dealramh aige le Room Raiders MTV. Fágann sin gur múnla foirmleach agus díorthach go maith atá ag an gclár suirí seo ina roghnaíonn cailín buachaill bunaithe ar an gcairt atá aige. Ní nach ionadh, déanann an clár iarracht a bheith tíriúil agus greannmhar le ráitis ar nós “scileanna sa sack” mar aon leis an imeartas focal i dteideal an chláir féin.

Tugann an triúr fear (tá Gaeilge ag beirt acu) faoin seó le flosc agus fuinneamh. Tríd is tríd, áfach, is saothar tláith agus tur go maith atá ann.

Ba bhuaicphointe de shaghas é an “casadh gránna,” faoi mar a thug an láithreoir, Áine Goggins air.

Agus an buachaill roghnaithe ag an gcailín, thug an láithreoir le fios gur aige a bheadh an cinneadh deiridh mar go raibh rogha aige idir coinne leis an gcailín agus dearbhán €250 do Advance Pitstop. Roghnaigh an Ciarraíoch an dearbhán le tabhairt dá mháthair, mar gur léi an chairt!

Ba é an strainc ar aghaidh an chailín agus an míshuaimhneas a bhain leis an rud ar fad a mheall na meáin. Bheifeá ag gáirí agus ag cúbadh chugat féin in éineacht. Aithním go bhfuil tábhacht ag baint le cláracha siamsaíochta ar sceideal TG4 le faoiseamh a thabhairt dúinn ón noir Gaeltachta agus cláracha faisnéise sollúnta. Glacaim leis chomh maith go mb’fhéidir go mbeidh goile ag sciar den lucht féachana don chlár seo ach caithfidh mé a rá go mbead féin á sheachaint.

Is é Clean Break (RTÉ1, aréir) an saothar drámaíochta is déanaí ón gcraoltóir náisiúnta, agus an dream a thug Love/Hate dúinn, Octagon Films mar chomghuaillí acu.

Cuireadh tús stuama leis an tsraith ceithre chlár seo a bhfuil fuadach tíograch mar mháithreacha aige. Is é an fear gnó Éamon (Charlie Kelly) an príomhcharachtar agus tá sé in umar na haimléise ina shaol gnó agus a shaol pearsanta.

Agus é i ndeireadh na feide, cinneann sé meitheal strólairí a earcú le bean chéile bhainisteoir an bhainc a fhuadach. Ní nach ionadh, téann rudaí ina choinne. Fan na slí buailimid le meascán mearaí de charachtair: íníon guagach Éamoin; dornálaí óg atá ag suiríocht léi; an bainsiteoir bainc a bhfuil uisce fé thalamh i gceist leis; traenálaí dornálaíochta le Sean McGinley; agus a thuilleadh nach iad.

Is é Billy Roche a sholáthraigh an scríbhinn agus déanann sé maitheas dúinn go bhfuil an scéal lonnaithe ina fhód dúchais, Loch Garman, lena shráidreanna cúnga, ársa agus seat de dhealbh Nicky Rackard. Déantar iarracht fhónta léargas a thabhairt ar an saol comhaimseartha agus is deas mar a thugann an suíomh do

bhaile deis scéalta cúlra na gcarachtar a chniotáil le chéile.

Bhí míreann áirithe, áfach – seanmóir an bhaincéara faoin gcúlú eacnamaíochta go háirithe –  nach raibh chomh láidir ná chomh nádúrtha sin. Tá na máithreacha leagtha ach is ina thosach atáimid fós.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní hé gach duine a roghnódh ‘Pioc do Ride’'