Scéal faoi TG4 mar phríomhscéal ar an suíomh nuachtáin Béarla is mó tóir ar domhan

Bhain príomhscéal an MailOnline, a mbíonn nach mór 14 milliún duine ar an meán á léamh in aghaidh an lae, leis an gclár réaltachta Pioc Do Ride

Screen Shot 2015-09-27 at 13.43.13

Bhí scéal faoi chlár ó TG4 mar phríomhscéal inniu ar an suíomh nuachtáin Béarla is mó tóir ar domhan – suíomh an Daily Mail.

Bhain príomhscéal an MailOnline leis an gclár réaltachta Pioc Do Ride ar craoladh den chéad uair é an tseachtain caite.

‘I’d rather spoilers than spoil her! Mortifying moment Irish dating show contestant chooses to take €250 to spend on his mother’s car rather than on the female contestant,’ a dúirt an ceannlíne ar an suíomh a mbíonn nach mór 14 milliún duine ar an meán á léamh in aghaidh an lae.

Bhí an scéal faoi Pioc Do Ride mar phríomhsceál ar an MailOnline ar feadh os cionn cúig uair a chloig ar maidin.

Bhí mír físe ón gclár leabaithe sa scéal mar chruthúnas ar  “the moment where an Irish man chooses a voucher to service his mother’s car over a date with a young lady in a hilarious new dating show.”

Clár nua cúirtéireachta é Pioc do Ride ina mbíonn ar bhean shingil amháin duine de chúigear fear a roghnú chun dul ar ‘date’ leis bunaithe ar charanna na bhfear.

Ag deireadh an chláir bíonn rogha ag an bhfear a roghnaítear glacadh leis an gcuireadh dul ar an ‘date’ nó dearbhán €250 a fháil le caitheamh ar a charr.

Fuair cinneadh an fhir an dearbhán seachas an ‘date’ a roghnú sa chéad chlár den tsraith go leor poiblíochta sna meáin anseo le cúpla lá anuas.

Craolfar an dara clár sa tsraith Pioc do Ride Déardaoin.

Fág freagra ar 'Scéal faoi TG4 mar phríomhscéal ar an suíomh nuachtáin Béarla is mó tóir ar domhan'

  • hup

    Ní thaithníonn an Daily Mail liom ach más rud é go bhfuil sibh chun alt a scríobh faoi alt eile, ba chóir daoibh nasc chuig an alt sin a fhágáil.

  • Seamus

    an bhfuil sibh chun e so a chaineadh…. n’fheadar.. ach chomh fada lem thuiscint go dti so (d’fheachas ar fhisean den mir thuas) tha se scanallach an staicin aifeise a deineadh do mhna sa chlar san. Cad fen Suil Eile so? An bhfuilimid cho holc ceanna anois le badhbha mhean an Bhearla.. tha suil agam gur iocadh go maith an cailin (mar sa bhfisean fhein is dealrach gurbh i an cailin a dh’ioc as… lena macantacht)