Leas bainte ag nach mór 3,000 turasóir as ‘scéim dhílseachta’ Oileáin Árann

Údar sástachta don Aire Stáit don OPW, Simon Harris, spéis mhór a bheith i scéim dhílseachta Oileáin Árann

Dún Aonghusa (James Van Gundy)

Tá ‘suim mhór’ á léiriú ag turasóirí sa scéim nua dhílseachta a cuireadh ar bun ar Oileáin Árann níos luaithe i mbliana.

Faoin scéim sin, aon chuairteoir a chaitheann oíche i dtithe lóistín áirithe ar na hoileáin, bronntar dearbhán air a thugann saorchead isteach chuig Dún Aonghasa dó. Tugadh an scéim isteach i mí Aibreáin agus tá feidhm bainte ag 2,936 cuairteoir cheana féin aisti. Tá 10 dteach lóistín páirteach sa scéim faoi láthair.

Bhí an tAire Stáit Harris ar Inis Mór an deireadh seachtaine seo caite le léarscáil agus treoirleabhar nua a sheoladh a thabharfaidh léargas do chuairteoirí ar na séadchomharthaí seandálaíochta atá ar an oileán.

“Tá breis agus 52,000 cuairteoir tagtha chuig Dún Aonghasa i mbliana go dtí seo agus níl amhras orm ach go gcuirfidh na tionscnaimh nua seo ar fad le heispéireas na gcuairteoirí le linn an tséasúir,” a dúirt sé.

Dun_Aengus1

Is méadú 2,000 é an 52,000 sin ar líon na gcuairteoirí a thug cuairt ar an Dún ársa faoin am seo an bhliain seo caite.

Dúirt Clodagh Ní Ghoill, ar léi an teach lóistín Ard Éinne, go bhfuil sé “ró-luath” fós tionchar na scéime ar líon na ndaoine a fhanann thar oíche ar an oileán a mheas ach go bhfuil aiseolas maith faighte aici ó thurasóirí an tséasúir seo go dtí seo.

“Is scéim nua í ach is rud maith í do na turasóirí. Is bealach deas é le ‘go raibh maith agat as fanacht linn’ a rá leo. Bhí grúpa agam anseo an tseachtain seo nach raibh a fhios acu faoin scéim agus bhí siad fíorbhuíoch as na dearbháin. Bhí a fhios ag grúpaí eile fúithi agus bhí siad sin an-sásta léi freisin.

“Tá sé róluath go fóill é a mheas ach nuair a bheidh an chéad bhliain eile ann beidh muid in ann margaíocht mar is ceart a dhéanamh ar an scéim agus níos mó tairbhe a bhaint aisti,” a dúirt Ní Ghoill le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Leas bainte ag nach mór 3,000 turasóir as ‘scéim dhílseachta’ Oileáin Árann'