Léargas tugtha faoi phlean ‘Nuacht TG4’ a bheith níos neamhspleáiche ar RTÉ

Tá folúntas do Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha á fhógairt ag TG4 tráth a bhfuil glactha ag an Rialtas le moladh go mbeadh ‘ceannas neamhspleách eagarthóireachta’ ag an stáisiún ar a sholáthar nuachta

Léargas tugtha faoi phlean ‘Nuacht TG4’ a bheith níos neamhspleáiche ar RTÉ

Tá léargas tugtha ag TG4 ar conas go bhfuil sé i gceist ag an stáisiún neamhspleáchas eagarthóireachta a bhaint amach ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

I mí Iúil ghlac an Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ.

Moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Thug urlabhraí ón stáisiún le fios do Tuairisc go mbeadh ceapachán Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha do TG4 lárnach maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta a bhaint amach.

Tá sonraí an phoist sin ar fáil anois.

“Post ar fhoireann TG4 atá i gceist agus míneofar an ról san fhógra earcaíochta,” a dúirt urlabhraí TG4.

Dúirt an t-urlabhraí gur chun neamhspleáchas eagarthóireachta TG4 a chinntiú, a fhostófar an Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha.

“I measc dualgais eile, beidh ról ag an duine seo straitéis iomlán Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 a fhorbairt agus a threorú i gcomhthéacs straitéis lucht féachana TG4; fís eagarthóireachta Nuacht TG4 a fhorbairt sa réimse digiteach ilardáin; spreagadh a thabhairt d’iriseoireacht chróga, théagartha; branda Nuacht TG4 a láidriú agus a chur i mbéal an phobail; agus an caidreamh reachtúil le RTÉ a bhainistiú agus a fhorbairt maidir leis an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha a chuireann RTÉ ar fáil faoin Acht Craolacháin 2009.”

An 28 Meán Fómhair an sprioc d’iarratais ar an bpost nua agus súil ag lucht TG4 go gcuirfidh an ceapachán tús le ré nua sa stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha.

Faoi láthair ó RTÉ a thagann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá –mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

Ní cosúil go dtiocfaidh aon mhórathrú ar an mbunsocrú sin idir RTÉ agus TG4 sa ghearrthéarma, ach glactar leis gur gá an caidreamh idir an dá stáisiún ó thaobh na nuachta a athmheas i bhfianaise mhian an Rialtais go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta ag TG4.

Tá sé ina sprioc ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le tamall go mbeadh neamhspleáchas ag an stáisiún ó thaobh na nuachta agus cúrsaí reatha seachas a bheith ag brath go hiomlán ar sholáthar RTÉ, mar atá faoi láthair.

Dúirt Alan Esslemont ag cruinniú de Choiste Oireachtais anuraidh go mbeadh sé casta an nasc le RTÉ ó thaobh na nuachta a bhriseadh tar éis 25 bliain ach thug sé le fios nach mbeadh aon doicheall ag TG4 roimh a leithéid de chinneadh.

Faoin reachtaíocht chraolacháin ní mór do RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 agus tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an dá stáisiún faoin soláthar sin.

Beidh béim mhór ar chúrsaí nuachta sna cainteanna sin, go háirithe ó tharla gur ábhar nuachta agus cúrsaí reatha atá i gceist le thart ar leath den 365 uair an chloig.

Tá an socrú cúig bliana is déanaí idir an dá stáisiún i leith sholáthar reachtúil RTÉ ag dul in éag ag deireadh na bliana seo agus tá tús curtha cheana féin leis an bplé faoi shocrú nua a aontú.

Is sa chomhaontú, nó prótacal sin, a leagfar síos cad a bheidh sa 365 uair an chloig de chláir a chuirfidh RTÉ ar fáil do TG4 idir 2023-2027.

Tá sraith cúrsaí reatha nua, Iniúchadh TG4, coimisiúnaithe ag TG4 ón earnáil neamhspleách, sraith sé chlár 50 nóiméad a bheidh á craoladh an bhliain seo chugainn.

Beidh clár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ an bhliain seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid acu.

Fág freagra ar 'Léargas tugtha faoi phlean ‘Nuacht TG4’ a bheith níos neamhspleáiche ar RTÉ'