Le troid, gleo agus feachtais a bhain mná gach ceart amach le céad bliain

Nár dheas dá bhféadfaí an lá speisialta seo a cheiliúradh agus páistí beaga agus a muintir a bheith in ann dhá choinneal déag a lasadh ina bhfuinneog féin seachas a bheith á ruaigeadh as seomra go seomra óstáin?

Le troid, gleo agus feachtais a bhain mná gach ceart amach le céad bliain

Emma Mhic Mhathúna

Anna Burns, Beyoncé, Taylor Swift, Serena Williams, Angela Merkel, Christine Lagarde, Jacinda Ardern, Theresa May, Vicky Whelan, Catherine Corless, Emma Mhic Mhathúna, Ailbhe Smyth, Dolores O’Riordan, Lynn Ruane, Emily Lohan, Rhona Mahony – tá a lorg fágtha ag chuile dhuine de na daoine seo orainn ón tráth seo anuraidh agus níos iontaí fós, dá mairfidís céad bliain ó shin ní dóigh go mbeadh a fhios ag aon duine faoina gcumas seachas a dteaghlach féin agus gach seans gur mó aitheantas a thabharfaí dá mbuanna bainistithe tí ansin féin.

Is deacair a chreidiúint anois go mbíodh mná buíoch as lá amháin i ndeireadh na Nollag le sos a ghlacadh agus tamall cuartaíochta agus seanchais a dhéanamh le mná eile, a ndaoine muinteartha féin níos minice ná a mhalairt.  Ach is fiú an t-aitheantas fánach sin féin a cheiliúradh más é an caipitleachas féin a chothaíonn é.

Níl aon bhean sa tír seo ag iarraidh filleadh ar an tarcaisne, an chos ar bolg, an streachailt agus an ciúnas. Is beag fear óg a thuigfeadh a leithéid agus tá súil agam gur beag bean óg nach mbeadh de theacht aniar inti diúltú dá leithéid agus í cinnte do thacaíocht.

A bhuíochas do mhná agus máithreacha, tá rogha anois ag mná sa tír seo nach raibh acu an t-am seo anuraidh. 

Le cúnamh Dé ní ar an bpost a thiocfaidh luaithreach a bpáiste chuig aon lánúin eile arís go deo in Éirinn. Is sa mbaile lena muintir a gheobhaidh mná cóir leighis, comhairle agus  tacaíocht. Nár dheas dá bhféadfaí an lá speisialta seo a cheiliúradh agus páistí beaga agus a muintir a bheith in ann dhá choinneal déag a lasadh ina bhfuinneog féin seachas a bheith á ruaigeadh as seomra go seomra óstáin?

Beidh mise thíos le cladach Oíche Chinn an Dá lá Dhéag ag faire amach ar Loch Lurgan ag súil leis an oileán draíochta a gheafáil díreach mar a bheidh na páistí sin ag súil le fuinneog dá gcuid féin i mbliana.

Solas na gCoinneal a bheidh ag bigil ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh ag a 6.00 pm an Domhnach beag seo, Lá Nollaig na mBan nó Lá Chinn an dá lá dhéag, i gcuimhne ar Emma Mhic Mhathúna agus na mná eile a d’fhulaing de bharr faillí maidir leis an tástálacha ar mhuineál na broinne agus scannal CervicalCheck a lean iad. Comhairle na gCeardchumann i nGaillimh atá ag eagrú na hócáide in ómós na mban sin agus le brú a chur ar an Oireachtas an 50 moladh a rinneadh i dTuarascáil Scally a chur i bhfeidhm.

Dúirt Marian Spelman, Uachtarán Chomhairle na gCeardchumann: “Ní leor trua a bheith ag ár n-ionadaithe i nDáil Éireann do mhná nó fearg a bheith orthu mar is beag an sólás é sin do na teaghlaigh atá ag fulaingt. Caithfear ceadúnas a fháil leis na tástálacha ailse seo a dhéanamh in Éirinn nó san Eoraip agus iad a bheith ar fáil do mhná na hÉireann. Caithfear gníomhú ar mholtaí an Dochtúra Scally.”

Le troid, gleo agus feachtais a bhain mná gach ceart amach le céad bliain agus is mithid seasamh fós le haon bhean atá ar anchaoi. 

Ceiliúraimis na buanna agus diúltaímis don doicheall agus don chur ó dhoras.

Fág freagra ar 'Le troid, gleo agus feachtais a bhain mná gach ceart amach le céad bliain'

  • Pat Butler

    Ná laga Dia do pheann, a Mháire. Treise leat.

  • Aonghus

    Is fíor go raibh ár sinsir ag streachailt leis an saol fadó agus is fíor freisin gur thit ualach trom oibre ar mhná. Ach le go dtuigfeadh fir óga an ‘tarcaisne, cos ar bolg agus ciúnas’ a d’fhulaing mná níor mhór an fhianaise a nochtadh. Cén fhianaise atá ann gurbh seo cás na mban sular thosaíodar ag eilimh a gcearta céad bliain ó shin?

  • An Teanga Bheo

    Leanann an cogadh ar aghaidh agus is cearta bunusach iad go deimhin.