Le trí bliana anuas ghabh an PSNI 5,000 i dtaca le foréigean baile

Deir an PSNI go bhfuair siad breis is 1,400 glaoch faoi dhrochíde baile le linn shaoire na Nollag

Le trí bliana anuas ghabh an PSNI 5,000 i dtaca le foréigean baile

Féile an tsonais agus na síochána, más ea. Ní suairceas agus suaimhneas a thugann an Nollaig do gach duine faraor. Mar chruthúnas gur tréimhse an-chontúirteach í, nocht an PSNI go bhfuair siad breis is 1,400 glaoch faoi dhrochíde baile le linn shaoire na Nollag.

Ba é Lá Caille an lá ba mheasa nuair a fuair póilíní 116 glaoch. B’in glaoch amháin sa bhreis ar Lá Nollag (115). 1,407 eachtra ar fad ba chúis le glaonna idir an 20 Nollaig agus an 2 Eanáir. Bhí éileamh níos mó ar chabhair ón tSeirbhís Póilíneachta gach lá nach mór sa tréimhse sin ná mar a bhí ar na dátaí céanna sa dá bhliain roimhe sin.

Nár bhreá an rud é aghaidh a thabhairt ar bhliain nua gan aon ghá le bheith ag tochras ar sheancheirtlín an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní? Ní raibh faoiseamh le fáil an geábh seo. Patrún seasta is ea é go mbíonn méadú ar líon na nglaonna a fhaigheann na póilíní faoi fhoréigean baile aimsir na Nollag is na hathbhliana.

Bíonn brú breise ar theaghlaigh i dtaca le hairgead, meisce agus daoine a bheith in aontíos gan bhriseadh. Is minic a chuireann siad an lasair sa bharrach san áit ina raibh ansmacht, smachtú comhéigneach, alcólachas nó brúidiúlacht cheana féin.

Is minic a imíonn iompar thar fóir ar fad. Bíonn se níos deacra éalú nó baol foréigin a sheachaint nuair a bhíonn páistí sa bhaile ar laethanta saoire agus gá iadsan a choinneáil slán.

I réigiún atá ar cheann de na cinn is contúirtí san Eoraip do mhná agus cailíní, níl aon laghdú déanta ar an mhí-úsáid baile d’ainneoin feachtais go leor a bheith fógartha ina coinne ag na húdaráis. Mharaigh fir ghaoil, páirtnéirí nó iarpháirtnéirí 28 bean agus beirt pháistí le cúig bliana anuas. Le trí bliana anuas ghabh an PSNI 5,000 i dtaca le foréigean baile.

Mar atá ráite na scórtha uair sa cholún seo is maith ann cur chuige dian in éadan an fhoréigin baile agus pionós trom sna cúirteanna ach ní leor iad. Tá cúiseanna ciallmhara le hainmneacha ciontóirí a cheilt chun na híobartaigh a chosaint.

Ar an láimh eile, áfach, ba cheart bealach furasta a bheith ag daoine chun a fháil amach an bhfuil cara nua contúirteach, an bhfuil coir ar a thaifead; b’fhiú féachaint lena gcur ar chlár mí-úsáideoirí mar a dhéantar le ciontóirí gnéis.

Tá gá freisin le hathrú meoin. Ní mór a chur i gcion ar gach éinne go bhfuil leithscéal as iompar foréigneach baile do-ghlactha mar a bheadh ionsaí ar an tsráid. Seafóid is ea é a bheith ag rá ‘ní dual dó é féin a iompar mar sin’, ‘eisceacht ab ea é, táim cinnte nach dtarlódh sé arís’ nó, níos measa fós ‘ní raibh neart air, saighdeadh é’. Tá aon uair amháin iomarcach agus do-ghlactha agus is iomaí cineál foréigin ann, ionsaí fisiciúil ar ndóigh ach foréigean is ea smachtú comhéigneach nó ceilt acmhainní ar nós airgid agus bia.

D’eisigh an PSNI bileog úsáideach a chuideodh le lucht gaoil agus cairde na comharthaí sóirt a aithint ar dhuine atá ag fulaingt mí-úsáide sa bhaile ach atá á ceilt. Molann siad a bheith airdeallach má tá duine éirithe cúlánta, má chuireann siad deireadh go tobann le glaoch gutháin, má bhíonn siad ag ceilt baill choirp a mb’fhéidir go mbeadh créachta nó brú orthu. Go ginearálta tá siad ag cur fainic ar dhaoine gan neamhaird a dhéanamh d’athrú pearsantachta.

Tá an saol ag athrú chomh sciobtha sin faoi láthair go bhfuil baol ann nach leagfar an bhéim ba cheart ar cheansú na mí-úsáide baile. Nuair atá cúrsaí idirnáisiúnta ina gcíor thuathail agus é á mhaíomh ag lucht cumhachta go dtig leo a rogha rud a dhéanamh beag beann ar dhlíthe, ní mór a chinntiú nach ndéanfar beag is fiú den fhoréigean teaghlaigh. Ní féidir glacadh leis an mbréagtheagasc go gcloíonn neart ceart sa saol poiblí ná taobh istigh de chreat an tí.

Fág freagra ar 'Le trí bliana anuas ghabh an PSNI 5,000 i dtaca le foréigean baile'

  • Pól Réamonn

    @b’fhiú féachaint lena gcur ar chlár mí-úsáideoirí mar a dhéantar le ciontóirí gnéis – dea-smaoineadh