Lá mór don Rinn agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais an chontae

Ní hé cluiche ceannais na Rinne an t-aon chluiche tábhachtach ag foireann Ghaeltachta an deireadh seachtaine seo, agus cluichí craoibhe le himirt ar fud na tíre

Lá mór don Rinn agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais an chontae

Port Láirge

Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair
Craobh Idirmheánach Iomána Phort Láirge
An Rinn v Dún Aill – 4pm, Páirc an Bhreathnaigh

Beidh lá mór ag iománaithe na Rinne inniu agus iad ag iarraidh Craobh Idirmheánach Phort Láirge a thabhairt leo den cheathrú huair. Beidh áit ag fir na Gaeltachta i measc bhoic mhóra na hiomána i bPort Láirge má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Dhún Aill i gcluiche ceannais an lae inniu.

Tabharfaidh bua na Rinne an deireadh seachtaine seo caite i gcluiche ceannais an iarthair muinín dóibh. Ceapadh Maigh Deilge a bheith ar cheann de na foirne is fearr sa chomórtas ach d’éirigh leis an Rinn bua sé phointe a thabhairt leo.

Chuir an Rinn drochthús leis an gcluiche agus iad cúig phointe chun deiridh tar éis 20 nóiméad ach bhí an bhearna sin laghdaithe acu roimh leath ama agus ba í foireann na Rinne ba láidre sa dara leath. Ba é an cosantóir Shane Ó Cuirrín a fuair an cúl cinniúnach luath sa dara leath. Scóráil an t-imreoir óg Oisín Ó Floinn 11 pointe don Rinn sa chluiche agus rinne Donie Breathnach an beart i measc na dtosaithe freisin.

Buille é don Rinn nach mbeidh Jack Ó Floinn, fear a d’imir d’fhoirne faoi aois Phort Láirge, ar fáil mar gur bhain gortú dó i gcluiche leathcheannais an iarthair. D’imir Ó Ceallaigh agus Caolán Mac Craith freisin d’fhoirne an chontae agus tá neart taithí ag fir na Gaeltachta. Bhuaigh An Rinn an Chraobh Idirmheánach in 2008, 2012 agus 2017 agus bhí Liam Ó Lionáin, Tadhg Ó hUallacháin, Shane Ó Cuirrín agus Ferdia Ó hAodha páirteach i ngach aon cheann de na gaiscí sin.

Foireann chumasach í ceann Dhúin Aill a bhain an cluiche ceannais amach gan mórán stró ach tá teipthe orthu i gcluichí ceannais le blianta beaga anuas, gan ach ceann amháin buaite acu agus ceithre cinn caillte acu le scór bliain anuas. Beidh An Rinn ag súil go seasfaidh an taithí bhreise sin dóibh inniu i bPáirc an Bhreathnaigh.

Gaillimh

Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v An Cheathrú Rua – 4.30pm, Ros Muc
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe
Oileáin Árann v Gleann na Madadh – 2pm, Staid an Phiarsaigh
Micheál Breathnach v Naomh Anna, Leitir Móir – 2.30pm, Ros Muc
Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Bearna v Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach – 1.45pm, Staid an Phiarsaigh
An Spidéal v An Creagán/Maigh Locha – 3.45pm, Staid an Phiarsaigh

Imreofar na cluichí deireanacha i mbabhtaí na ngrúpaí i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile an deireadh seachtaine seo agus formhór na bhfoirne Gaeltachta ag iarraidh áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais.

Is iad Maigh Cuilinn agus An Cheathrú Rua an t-aon dá dhream sa Chraobh Shinsir atá cinnte faoina bhfuil i ndán dóibh agus iad ag casadh ar a chéile tráthnóna. Tá áit sna babhtaí ceathrú ceannais bainte amach cheana féin ag Maigh Cuilinn agus an dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo buaite acu. Is i dtreo na mbabhtaí dícháilithe atá an Cheathrú Rua ag dul, fiú má éiríonn leo inniu.

Tá seans fós ag An Spidéal agus ag Bearna na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus iadsan ag imirt amárach. Éireoidh le fir an Spidéil an beart a dhéanamh má fhaigheann siad an ceann is fearr ar an gCreagán/Maigh Locha i Staid an Phiarsaigh ach d’fhéadfadh sé tarlú freisin go gcríochnódh siad ag bun an ghrúpa, ag brath ar thorthaí na gcluichí.

Tá an scéal céanna fíor i gcás Bhearna. Údar iontais é go bhfuil dhá chluiche as péire caillte ag Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i gcraobh na bliana seo agus d’fhéadfadh Bearna buille eile a bhualadh orthu. Beidh gach scór ag teastáil ó fhir na Gaeltachta agus an chuma ar an scéal go mbeidh difríocht na scór ag teastáil leis na foirne i nGrúpa 4 a scaradh óna chéile.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá Micheál Breathnach beagnach cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais chomh fada is nach gcailleann siad le níos mó ná sé phointe in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir. Má bhuann Naomh Anna le seacht bpointe nó níos mó, rachaidh siad os cionn Mhicheál Breathnach i nGrúpa 1 ach d’fhéadfadh an dá fhoireann dul tríd, ag brath ar an toradh sa chluiche eile sa ghrúpa idir Naomh Gabriel agus Áth Cinn.

I nGrúpa 2, má bhuann Oileáin Árann ar Ghleann na Madadh le ceithre phointe nó níos mó, beidh dóthain déanta acu chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais.

Ciarraí

Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair
Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí
Piarsaigh na Dromoda v Na Mistéallaigh

Ag iarraidh na babhtáí dícháilithe a sheachaint a bheidh Piarsaigh na Dromoda nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar na Mistéallaigh tráthnóna amárach. Agus cluichí in aghaidh Chill Chuimín agus Bhaile Uí Dhonnchú caillte ag an dá fhoireann seo go dtí seo sa chraobh, beidh fir Uíbh Ráthaigh ag iarraidh an bua a fháil inniu agus deireadh a chur le feachtas crua craoibhe.

Maigh Eo

Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Béal an Mhuirthead v An Cnoc Mór – 4pm, Béal an Mhuirthead
Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Cill tSéadhna v Bréachmhaigh – 2pm, Cill tSéadhna

Beidh Béal an Mhuirthead agus Cill tSéadhna ag iarraidh a gcéad bhuanna a fháil i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine agus na cluichí dara babhta á n-imirt.

Comhscór a bhí ag Béal an Mhuirthead an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh Bhaile Chathail ach beidh cluiche crua rompu inniu agus curaidh 2020, An Cnoc Mór, ag triall ar cheantar Iorrais.

An dream a chaill in aghaidh an Chnoic Mhóir sa chluiche ceannais sin anuraidh, Bréachmhaigh, a bheidh ag imirt in aghaidh Chill tSéadhna. Chaill an fhoireann Ghaeltachta in aghaidh an Gharraí Mhóir an deireadh seachtaine seo caite.

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Náille v Gleann tSúilí – 6.30pm, Páirc Uí Ghallchóir
Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Conaill v An Tearmann – 12pm, Na Gleannta
Gaoth Dobhair v Gleann Fhinne – 2pm, Machaire Gathlán
Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall
Bun Cranncha v Cloich Cheann Fhaola – 2pm, Bun Cranncha
Naomh Columba v Naomh Muire, Conmhaigh – 2pm, Páirc na nGael
An Bheart v Gaeil Fhánada – 2pm, An Bheart
Naomh Ultan v An Clochán Liath – 2pm, Dún Cionnaola
Naomh Bríd v Naomh Muire, Íochtar na Rosann – 2pm, Páirc Naomh Bríd[infobox]

Beidh Gaoth Dobhair ag iarraidh áit a choinneáil ar bharr an tábla i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall le bua eile an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Ghleann Fhinne. Cluiche amháin atá buaite agus ceann eile atá caillte ag Gleann Fhinne go dtí seo sa chraobh.

Bhí ceann eile de na foirne atá ag barr an tábla, Cill Charthaigh, san iomaíocht aréir in aghaidh Ard an Rátha agus is tráthnóna a rachaidh Gleann tSúilí, a bhfuil dhá chluiche as péire buaite acu, chun páirce in aghaidh Naomh Náille. Comhscór a bhí ag seaimpíní 2019, Naomh Conaill, in aghaidh Aodha Ruadh ach beidh súil acu An Tearmann a shárú nuair a chasfaidh na foirne ar a chéile amárach.

An Mhí

[infobox]Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Iomána na Mí
Bhulf Tón v Naomh Peadar, Dún Búinne – 7pm, Áth Buí
Dé Domhnaigh, an 3 Deireadh Fómhair
Craobh Shinsir Iomána na Mí
Clann na nGall v Cill Mheasáin – 1pm, Cill Dealga

Tá Bhulf Tón fós ag fanacht lena gcéad chluiche a bhuachan i gCraobh Shinsir Iomána na bliana seo ach tá dúshlán rompu an deireadh seachtaine seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Naomh Peadar, Dún Búinne, a bhfuil trí chluiche as trí cinn buaite acu go dtí seo.

Bua amháin a bhí ag Clann na nGael go dtí seo, ach beidh siad ag súil le ceann eile amárach nuair a imreoidh siad i gcoinne Chill Mheáin.

Fág freagra ar 'Lá mór don Rinn agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais an chontae'