Ith do dhóthain inniu, Máirt na hInide!

A fhad a théas an Inid san earrach is ea a théas an Chincís sa samhradh, a deirtear

Ith do dhóthain inniu, Máirt na hInide!

Inniu Máirt na hInide agus is é amárach Céadaoin an Luaithrigh. Ón bhfocal Laidne initio a tháinig an focal inid.

‘Shrove Tuesday’ a thugtar i mBéarla air. Ciallaíonn “ to shrive” peacaí a mhaitheamh. Sa mBreatain bhuailtí clog an tséipéil an, ‘Shriving Bell’, le cur i gcuimhne do na fíréin faoistean a dhéanamh agus iad féin a ullmhú go spioradálta i gcomhair an Charghais.

47 lá ó inniu beidh Domhnach Cásca againn. Mar atá ráite sa seanrá, a fhad a théas an Inid san earrach is ea a théas an Chincís sa samhradh. Ní bheadh aon chall dhuit a bheith chomh meabhrach le Einstein leis an méid sin a thuiscint.

Bhíodh go leor lánúineacha ag pósadh san Inid fadó mar nach ndéantaí aon phósadh i rith an Charghais.

Mar a dúradh san amhrán:

Tá aithne agam ar chailín deas, cneasta is cóir,

Tá a píob mar an eala, a leacain mar rós;

Má bhíonn sí is mise faoi Inid faoi sheol

Ó, caidé sin don té sin nach mbaineann sin dó.

Bhí file eile á bheophianadh é féin:

Mura ndéantar mé phósadh lem stór an Inid seo chughainn,

Titfidh mé i mbrón is ní dócha go mairfidh mé bliain.

Lá féasta a bhíodh i Máirt na hInide fadó. Bhí leagan cainte ann faoi sin:

Oíche Inide gan feoil,

La Nollag Mór gan im,

Domhnach Cásca gan arán,

Sin é an bothán lom.

D’itheadh daoine a ndóthain Máirt na hInide ar chuma ar bith. Bhídís ag cuimhneamh ar ndóigh ar an daichead lá troscaidh a bhíodh amach rompu.

Is é Lá na bPancóg Máirt na hInide. Deirtear gur sa mbliain 1445 a thosaigh Lá na bPancóg i Sasana, Bean as Olney, Buckinghamshire, a bhí ag déanamh pancóige. Bhí ag éirí go maith léi gur airigh sí clog an teampaill ag bualadh ag gairm an phobail chuig urnaí.

Rith sí amach agus an phancóg fós ar an bhfriochtán aici. Níor theastaigh uaithi an phancóg a dhó agus thosaigh sí á caitheamh in airde agus í ag rith.

Bíonn rás pancóg in Olney i gcónaí. Ritheann mná 415 slat agus pancóg ar fhriochtán acu. Ní mór dóibh an phancóg a chaitheamh in airde ag tús agus ag deireadh an rása. Iarrtar orthu freisin scairf agus naprún a bheith á chaitheamh acu.

Eagraíonn Teach na dTeachtaí sa mBreatain rás pancóg, idir foirne as na feisirí, na tiarnaí agus na hiriseoirí. Ar mhaithe le ciste carthanachta dhéanann siad é.

Maidir le Céadaoin an Luaithrigh ba é an rud ba suntasaí faoi le fada an lá go gcuirtí luaithreach ar bhaithis daoine. Ní dócha go dtarlóidh sé i mbliana. Ní bheadh sé inrásta é a dhéanamh. Na crainnte pailme a úsáideadh Domhnach na Pailme roimhe sin a dhóitear leis an luaithreach a dhéanamh.

Deirtear gurbh é an Pápa Gréagóir 1 (c.540-604) a thosaigh an nós.

Is iomaí tagairt sa mBíobla don luaithreach. Seo cuid acu:

1. Le hallas do ghrua

 a íosfaidh tú do chuid aráin

Go bhfillfidh tú ar an talamh

Mar is as a tháinig tú.

Óir is luaithreach tú,

Agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.

2. Rinne siad troscadh an lá sin,

ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.

3. Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin.

Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.

4. Ansin d’iompaigh mé m’aghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht, le guí agus le hurnaí le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach.

5. Nuair a d’éignigh Amnón a dheirfiúr Támár:

Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d’imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.

Ná déanadh muid dearmad gurb é Céadaoin an Luaithrigh an Lá Náisíunta In Aghaidh Caitheamh Tobac in Éirinn.

Mar bhuille scoir, an chuid agaibh a bhí ag smaoineamh ar a dhul chuig an gcarnabhal i Rio de Janeiro is maith an scéal daoibh nár chuir sibh ticéad in áirithe: tá sé curtha ar ceal mar gheall ar Covid-19.

Ag meán lae Céadaoin an Luaithrigh a chríochnaíodh sé chuile bhliain.

Fág freagra ar 'Ith do dhóthain inniu, Máirt na hInide!'