Bhí rialú na tíre i bhfad níos simplí fadó, nuair a bhí cur chuige an rialtais á threorú ag an Troika.
Mar is eol do gach léitheoir is idir 2010 agus 2015 a bhí maoirseacht ar pholasaithe an rialtais, agus go háirithe ar chúrsaí caiteachais, á déanamh ag an Troika.
Gan dabht, is cuimhin le gach léitheoir freisin go raibh ionadaithe ar an Troika ag na heagraíochtaí a thug €67.5 billiún d’Éirinn nuair a theip ar státchiste agus ar bhanc na tíre in 2010 (an tAontas Eorpach, Banc Ceannais na hEorpa agus an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta).
Ar ndóigh, múineann easpa stuaim gan aon stró. Ní raibh aon ardú ar phá sa tseirbhís phoiblí le meá ag an rialtas an uair sin. Bhí ganntanas airgid an rialtais soiléir do gach ceannaire ceardchumainn. Ní raibh baol ann ach oiread go rachadh caiteachas an stáit ar thógáil ospidéil ó smacht toisc go raibh tógáil den uile chineál curtha ar ceal.
Chuir an comhrialtas idir Fine Gael agus an Lucht Oibre a toghadh in 2011 roinn nua rialtais ar bun chun déileáil leis an ngéarchéim airgeadais. Socraíodh go bhfágfaí mórpholasaithe airgeadais agus athsceidealú fhiacha an stáit faoin roinn airgeadais mar a bhí ach go mbeadh an roinn nua, ar ar tugadh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, freagrach as caiteachas as sin amach.
Cheap Enda Kenny Michael Noonan mar aire airgeadais agus Brendan Howlin mar aire caiteachais. Ceapadh Paschal Donohoe in ionad Howlin in 2016 ach leanadh leis an socrú go dtí gur tháinig deireadh le ré Enda Kenny in 2017. Nuair a chuaigh Leo Varadkar i gcomharbacht air mar Thaoiseach, níor athraigh sé an struchtúr riaracháin ach chuir sé Paschal Donohoe i gceannas ar an dá roinn.
Ní féidir a bheith cinnte go mbeadh toradh difriúil ar scéal Ospidéal na Leanaí ná ar aighneas na n-altraí dá mbeadh beirt airí seachas aire amháin fós freagrach as riar airgeadais an rialtais. Mar sin féin, i bhfianaise ar tharla le coicís anuas, is léir ceist thábhachtach ar fiú í a athchíoradh. An cúram iomarcach d’aon aire amháin é a bheith freagrach as caiteachas agus teacht isteach an rialtais chomh maith le rialáil na mbanc agus cúrsaí éagsúla eile?
Labhair an scríbhneoir seo le hairí éagsúla tar éis dóibh a gcás réamhcháinaisnéise a chur faoi bhráid na státseirbhíseach sinsearach sa Roinn Caiteachais nuair a bhí Brendan Howlin, agus Paschal Donohoe ina dhiaidh, freagrach as cúrsaí na roinne sin amháin. Ba léir ó gach comhrá gur chuir maoirseacht pholaitiúil na beirte téagar breise sa chur is cúiteamh a dhéantar roimh gach buiséad.
Is mar seo a rinne aire amháin cur síos air: “Tuigimid ar fad anois nach aire amháin ach beirt, agus nach roinn amháin ach dhá cheann, atá ag seasamh sa tslí idir an Buiséad agus an caiteachas breise a theastaíonn uainn nó an laghdú [ar chaiteachas] nach maith linn.
“Is deacra mo shaothar dá bharr, ach cuireann sé iallach ormsa agus ar fheidhmeannaigh mo roinne troid níos déine a dhéanamh chun caiteachas a chosaint. Ní drochrud é sin.”
Neartaigh an ganntanas agus an ghéarchéim buanna an chórais idir 2008 agus 2013 go háirithe. Ar ndóigh cuireann gach rialtas stuaim agus spárálacht i leataobh de réir mar a théann an geilleagar i bhfeabhas. Ní hionann sin agus a rá nach rachadh riar beirte chun tairbhe don rialtas agus don tír anois, go háirithe agus géarchéim an Bhreatimeachta ag teannadh linn.
Ní foláir a admháil nár thóg iriseoir ospidéal riamh, agus nár réitigh siad aighneas sláinte a chuir othair i gcontúirt riamh ach oiread. Sin ráite, is fearr dhá thuairim de ghnáth ná tuairim amháin.
Seán Mac Gearailt
Ní thuigim cén fáth gur ann do Airí in aon chor. Ní dhéanann siad aon rud agus níl siad freagrach as aon rud. Má bhíonn fadhb ann (sé sin ma thagann an fhadhb chun solais), cuireann siad bínse fiosraithe ar bun chun an fhadhb a raideadh síos an bóthar go dtí go mbeidh toghchán ann agus ansin bíonn Aire nua ann a mhaíonn nach raibh baint ná páirt aige leis an bpraiseach. Ansin cuireann sé siúd coiste ar bun chun ceacht a fhoghlaim ionas nach dtarlóidh a leithéid arís. I rith an ama tá tuarastail mhóra agus “costaisí” ollmhóra á n-íoc leis na polaiteoiri . Ní greann go dtí é.