Áine Ní Fhoghlú
News from Carolina
Noticias de Carolina
Foilsithe ag Éabhlóid €15
Agallamh ar an suíomh nuachta seo a ghoin m’aire faoin leabhar spéisiúil trítheangach seo. Turas chun na hAirgintíne a spreag an fhilíocht agus an ceangal spéisiúil a bhí ag an bhfile leis an tír sin a spreag an léamh. Ach ní haon Lonely Planet atá againn anseo ach daoine, fuil is feoil, atá lán le ceol, dúchas is daonnacht, idir phaisean is saothar.
I m’intinn go ceann fada feicfidh mé na pictiúir sin a chruthaigh an file, máistir na meafar meacanta lena friotal fileata.
Ní filíocht í seo a léifidh tú faoi dheifir, caithfidh tú deis a thabhairt do do theanga, do shúil agus do chroí na súimíní a bhlaiseadh, agus gach braon aoibhnis is iontais a thál go mall is go milis as gach aon fhocal is íomhá.
Go hiondúil ní spéis liom aistriúchán ar dhán Gaeilge agus an bunsaothar faoi mo láimh agus b’amhlaidh cás leis an leabhar seo go dtí go bhfaca mé go raibh plúr na bhfilí Gaeilge ar an ochtar a rinne na haistriúcháin, daoine a léifinn aon saothar uathu le fonn. Faraor níl aon Spáinnis agam, ní áirím Spáinnis na hAirgintíne agus fágfaidh mé aistriúcháin Jorge Fondebrider faoi Spáinniseoir éigin. Chinn mé na dánta Gaeilge a léamh astu fhéin agus neamhshuim a dhéanamh tamall den Bhéarla.
Duine mé a tógadh ar mheafair is ceol na n-amhrán is na filíochta pobail, sin an ghné den fhilíocht is gaire do mo chroí agus tá sin go teann sna dánta seo. Mar atá léirithe ag an bhfile seo go minic cheana níl cinneadh ar bith léi ag grinniú eachtraí agus daoine atá beo fós i mbéal an phobail. Ón gcéad dán tá tú cos ar chois leis an bhfile ar shráidíní cathrach san Airgintín agus fuaimeanna is bolaithe na háite ag éirí den leathanach mar a airíonn an Déiseach file Jorge Luis Borges ag fálróid fós sna bólaí sin “ná taithíonn turasóirí, sna baill ná tarlaíonn dada”.
Is aoibhinn liom dán an teidil ina nochtar fáth a turais ó dheas dúinn agus blaiseadh againn den seomra ranga lán déagóirí ar mó a spéis i bhfaisean na n-óg ná i dteicnící litríocht na hArdteiste ‘ach an naonúr is fiche anois ar aire’ ag ríomhphost don oide as an Airgintín. Chuirfinn geall!
An bhfuil aon duine beo nár réab cóifrín toirmiscthe na seanmhuintire ag dúil le rún ceilte éigin a aimsiú? Ón bhfonn púitseála céanna a gineadh an dán ‘Treasa sa mBosca’, agus an urraim chuí le brath don Spáinneach naoimh agus don té a stóráil í sa mbosca.
Mar is minic le file maith, bua ar leith ag Áine Ní Fhoghlú an nua a aimsiú i láithreacha mór le rá. Tagann sí ar an nua san Airgintín mar a fheicimid i reilig ‘classy’ an ‘ráiteachais’, La Recoleta, agus is deas mar a éiríonn léi na taibhsí sin a chur ‘ag baint cleatair as tíleanna’ i ‘cathair na marbh’. Ag Iguazú na n-iontas is é finscéal na Guariní a spreagann an file, na leannáin óga ansin romhainn ina staiceanna go brách agus ise ag seoladh ‘boghaisín grá anonn’ chuig a grá geal thar an eas ollchumhachtach.
Ní hionann agus fógraí turasóireachta, tuigeann sí don áilleacht sa ghnáth. I gcaifé sráide agus triúr ban ag cadráil ag bord, is léir di ‘scáileanna na scéalta a’ léim óna mbeola daite, ar neamhní san insint’ mar a ‘d’fhágfadh béaldath dearg póg ar bhéal cupáin’.
Ar an dul céanna sa dán ‘An gaucho ar Aonach an tSeamlais’ nuair a scarann na rinceoirí ‘líonann an spás eatarthu le haoiríocht sna pampas’ agus tuigimid di nuair a chloiseann sí ‘uaill an chaointe’ sa liú ugaigh. Nach ndearna Bríd Ní Mháille amhlaidh?
Bhain an dán ‘An chéad lá’ croitheadh asamsa nár smaoinigh riamh i mo shaol ar an lá sin agam féin ach éiríonn le hÁine muid a chur ina seasamh le taobh na leapa luí seoil sin i Knightsbridge agus an naíonáinín á streachailt ar an sop ‘í ag scréachaigh le traochadh a turais’, ‘Elvis ar an raidió’ agus ‘Batista ag cur allas a chroí de ag tabhairt na sála leis amach as Havana’.
Ní teangacha amháin atá á roinnt againn sa saothar seo ach cultúir is dúchas chomh maith, mar a léirítear sa dán álainn tráthúil ‘Marbh le mate’.
‘Tá cuma na bhflaitheas ar an áit seo’ a deir an file faoi ‘Siopa leabhar Ateneo’ agus éiríonn léi mistéir agus míorúiltí na bhflaitheas sin a bheochan don léitheoir seo. Má shantaíonn tú turas ó dheas gan an chathaoir mhór a fhágáil, ceannaigh an leabhar seo agus léigh ‘La Boca’ agus beidh do chroí agus do mheanma ag tangóáil. Má chuir Pádraig de Brún ag tnúthán le Valparaiso muid, lena bua eisceachtúil éiríonn le hÁine Ní Fhoghlú muid a chrochadh léi go dtí Buenos Aires agus an aislingíocht, éalúchas is áilleacht romhainn seachas an ghruaim is foréigean.
Ní haon údarás mór ar an mBéarla mise ach ritheann sé liom go seasfadh na haistriúcháin seo talamh mar dhánta astu fhéin don té nach gcleachtann Gaeilge. Nach leor mar bharántas go bhfuil Theo Dorgan, Eiléan Ní Chuilleanáin, Cathal Ó Searcaigh agus Celia de Fréine ar an ochtar a chuir leagan Béarla ar fáil.
‘A heady swirl of dance-tunes and the sharp drift of beefy smells swells the night-air’: tá scannán is aiste iomlán sa dá líne sin ag Cathal Ó Searcaigh ina aistriúchán ar an dán ‘Sráidíní’, nó ‘Walking around’ mar a thug seisean air.
Is deas mar a chuireann an dá líne seo ag Paddy Bushe ina leagan ‘A night at the Milonga’ le mistéir is ealaín an rince féin: ‘whose sum and substance hides itself behind the alluring mask of metaphor’.
Seoid ghalánta eile an leabhar seo ón bhfoilsitheoir Éabhlóid, pé bua atá acu a leithéidí a chruthú ar airgead fánach. Is aoibhinn liomsa toisí an leabhair mar go bhfuil sí thart liom le coicís agus mé ag súimínteacht aisti ar mo chompord. Leabhar aoibhinn agus dánta dea-cheardaithe idir dhá chlúdach a scuabfaidh leo thú ó dheas go dtí an Airgintín.
alan titley
Ceart agat go brothallach. Leabhar den scoth.