Is féidir leis an iomarca taighde scéal maith a mhilleadh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Eolas a bhailiú go héifeachtúil agus torthaí an chuardaigh a shní isteach go nádúrtha sa scéal, sin iad na dúshlán is mó a bhíonn roimh an scríbhneoir agus é i mbun taighde.

Is féidir leis an iomarca taighde scéal maith a mhilleadh…

An tábhacht a bhaineann leis an taighde sa phróiseas scríbhneoireachta a bhí faoi chaibidil i ‘Léamh agus Scríobh’ na seachtaine seo caite.

Tá aguisín ag teastáil leis an gcolún sin.

Is fíor go bhfuil taighde ceart ríthábhachtach nuair a bhíonn togra scríbhneoireachta idir lámha agat atá suite in áit, i dtréimhse nó i dtimpeallacht chultúrtha nach mbeadh cur amach agat féin orthu.

Ach is féidir dul thar fóir. Cuireann barraíocht taighde isteach ar phróiseas na scríbhneoireachta, agus sa chás is measa is féidir leis an iomarca taighde scéal maith a mhilleadh.

Tógann taighde am. Cinnte, is féidir leis an bpóirseáil a bheith taitneamach. Ní bhíonn a fhios agat riamh céard a gheofá amach. Lena chois sin, is minic a fheictear don scríbhneoir go bhfuil obair fhiúntach ar bun aige agus é i mbun taighde. Bíonn sé sásta ag deireadh a lae oibre – fiú mura mbíonn oiread agus focal curtha ar pháipéar aige.

Fadhb ar bith leis sin, chomh fada is go mbainfidh sé úsáid as torthaí an taighde agus peann á chur le páipéar aige lá éigin eile. Ach a luaithe is a mhealltar an scríbhneoir i dtreo eolas nach mbaineann le hábhar, tá sé ag moilleadóireacht, ag cur ina luí air féin go bhfuil sé i mbun pinn nuair nach bhfuil.

Tá cur amú ama sách dona, ach is measa fós nuair a mhilleann an iomarca taighde scéal maith.

Tharlódh go dtiocfadh scríbhneoir ar eolas fíorspéisiúil agus é i mbun taighde. Cur síos céim ar chéim ar dhéantús fheadóga móra sna meánaoiseanna, mar shampla, nó na buntáistí ar fad a bhaineann le meariompar bus thar chóras meitreo. Tharlódh go mbeidh an scríbhneoir féin chomh meallta ag an eolas sin go dtiocfaidh fonn air léacht bheag a thabhairt don léitheoir. 

Nó sin, tharlódh go gcaithfeadh scríbhneoir oiread dua leis an taighde, nó go mbeadh oiread ceana nó measa aige ar na daoine a chabhraigh leis agus é ina bhun, go mothaíonn sé go bhfuil dualgas pearsanta nó morálta air úsáid a bhaint ar an eolas ar fad a bhailigh sé.

Is minic, i gcásanna mar sin, go gcuirtear scéal ó mhaith toisc go stoptar an t-aicsean ar feadh leathanaigh nó dhó chun eolas éigin a thabhairt a d’fhéadfadh an léitheoir a aimsiú ar an Vicipéid é féin. 

Is maith atá a fhios agam é, tá an botún sin déanta agam féin uair nó dhó.

Fág freagra ar 'Is féidir leis an iomarca taighde scéal maith a mhilleadh…'