Ná bí ag scríobh faoina bhfuil ar eolas agat!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is breá le daoine labhairt faoina gceird – agus saibhríonn taighde an scríbhneoireacht!

Ná bí ag scríobh faoina bhfuil ar eolas agat!

‘Scríobh faoina bhfuil ar eolas agat!’ a deirtear go minic le scríbhneoirí atá ag tosú amach sa cheird. Ní aontaím féin leis an gcomhairle sin a bheag nó a mhór. Mura scríobhfadh duine ach faoina eispéireas féin bheadh gort fíortheoranta ag a shamhlaíocht. ‘Scríobh faoina bhfuil spéis agat ann!’ an chomhairle a chuirfinn féin ar ábhair scríbhneoirí.

Sin é go díreach atá ar bun agam féin faoi láthair. 

Saghas saoithín a bhí ionam riamh maidir le cúrsaí iompair phoiblí agus bhí tráth ann, sular chuir mé spéis i dteangacha, gur theastaigh uaim a bheith i mo phleanálaí cathrach. Níorbh aon iontas mar sin gur rith sé liom saineolaí ar chúrsaí tráchta a dhéanamh de dhuine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair: ‘gúrú pleanála’ is ea an boc seo, fear ón Ísiltír ‘a chuireann ollréitigh ar fáil d’fhadhbanna tráchta i dtíortha atá i mbéal forbartha’. 

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus chuaigh mé i mbun pinn. Bhí dóthain cur amach agam ar chúrsaí tráchta agus ar an meon atá lucht na hearnála sin faoi láthair gur thuig mé go mbeadh an carachtar go mór i bhfabhar na rothaíochta agus an iompair phoiblí agus go láidir i gcoinne an spleáchais ar charranna. D’fhorbair mé guth oiriúnach don charachtar, leis: abairtí gonta, éifeachtacha agus smeadar de bhéarlagair a cheirde iontu (‘meariompar bus’ anseo, ‘réiteach iarnróid éadroim’ ansiúd.)

Ach de réir mar a bhí mé ag scríobh liom, b’fhacthas dom nach raibh dóthain tuisceana agam ar cheird an phleanálaí le go mbeinn in ann pictiúr inchreidte a chruthú d’obair laethúil mo charachtair. 

Fadhb mhór a bhí ansin. Céard a bheadh ar bun aige ar chor ar bith? An mbeadh sé lonnaithe in oifig ag déanamh anailíse ar shonraí? An gcaithfeadh sé an lá i mbun cruinnithe leis na húdaráis? Nó an mbeadh sé amuigh ar na sráideanna, ag comhaireamh carranna nó ag déanamh taighde ar mhianta iompair an phobail?

Shocraigh mé dul i mbun taighde mé féin. 

B’fhaoiseamh ollmhór dom é nuair a fuair mé amach gur ann dáiríre do phleanálaithe cathrach ón Iarthar a bhíonn ag obair go príomha i dtíortha atá ag forbairt. Rinne mé teagmháil le beirt acu féachaint an mbeidís sásta cúpla ceist a fhreagairt faoina gceird. 

Bhí. Chuir mé cúig cheist an duine chucu. Fuair mé dhá aiste ar ais an lá dár gcionn.

Is breá le daoine léachtaí beaga a thabhairt faoina gceird. Is fiú go mór do scríbhneoirí teacht i dtír ar an gclaonadh sin in aigne an duine.

D’fhoghlaim mé an t-uafás ón aiseolas ó na pleanálaithe cathrach. Dheimhnigh siad dom tuairim nó dhó a bhí agam féin cheana, roinn siad tuilleadh tuiscintí liom faoi mhórcheisteanna tráchta an lae inniu agus thug siad raidhse mionsonraí dom a chuirfidh ar mo chumas pictiúr níos inchreidte a chruthú d’obair laethúil mo phríomhcharachtair.

Lena chois sin, spreag duine den bheirt foshnáithe scéil úrnua.

Is é an chaoi, a dúirt an pleanálaí seo liom, go bhfostaítear pleanálaithe ón iasacht go minic i dtíortha atá ag forbairt toisc go mbíonn ‘cead’ ag saineolaithe thar tír isteach rudaí áirithe a rá a bheadh follasach do phleanálaithe áitiúla – ach nach bhféadfadh duine áitiúil a rá ar eagla go gcaillfeadh sé a phost, nó níos measa.

Gné í sin d’obair an ghúrú phleanála nach rithfeadh liom féin go brách – ach a oireann go seoigh don úrscéal atá idir lámha agam. Saibhríonn taighde an scríbhneoireacht ar níos mó ná bealach amháin.

Fág freagra ar 'Ná bí ag scríobh faoina bhfuil ar eolas agat!'