‘Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi Rúisigh ná faoi Úcránaigh’

Labhair Tuairisc le Olena Kuznetsova, teifeach 45 bliain d’aois as baile Kurakhova i gcúige Donetsk sa Donbas faoin gcaidreamh idir an ceantar sin agus an Rúisis

‘Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi Rúisigh ná faoi Úcránaigh’

Olena Kuznetsova lena hiníon Maria

‘Measaim go bhfuil an tuairim seo go bhfuil na daoine sa Donbas dílis don Rúis bunaithe ar an teanga. Ceapann daoine má labhraíonn muid Rúisis go mothaímid gur cuid den Rúis muid, ach ní mar sin atá.’

Olena Kuznetsova, bean 45 bliain d’aois as baile Kurakhova i gcúige Donetsk sa Donbas atá ag caint. Tá sí féin agus a hiníon, Maria, atá aon bhliain déag d’aois, ina dteifigh sa Phasáiste i gCorcaigh. Tá a fear céile Alexander Salii fós in Kurakhova.

De réir an t-aon daonáireamh amháin a rinneadh ó bunaíodh stát neamhspleách na hÚcráine, dúirt 75% de mhuintir Donetsk in 2001 gurbh í an Rúisis a máthairtheanga agus roghnaigh 24% an Úcráinis. Bhí Olena ar dhuine den tromlach Rúisiseoirí ach deir sí dá bhfiafrófái an cheist sin di anois go ndéarfadh sí gurbh í an Úcráinis a príomhtheanga. Léiríonn taighde go bhfuil aistriú teanga i dtreo na hÚcráinise ag tarlú i measc chainteoirí Rúisise na hÚcráine mar gheall ar an gcogadh.

Griangraf: Alexander Salii

Deir Olena go labhraíonn an teaghlach Rúisis agus Úcráinis sa bhaile ach go mb’fhearr léi gan na teangacha a mheascadh:

‘Labhraíonn a lán daoine Surzhyk. Is meascán é mar shampla d’fhocal Rúiseach le fuaimniú Úcráinise, nó focal Úcránach le fuaimniú Rúiseach. Ní maith liomsa é sin a dhéanamh agus cuirim iachall ar m’iníon teanga amháin a labhairt go soiléir. Más Rúisis í, is Rúisis í. Más Úcráinis í is Úcráinis í.’ Deir Olena dá mbeadh sí ag cabhrú lena hiníon lena hobair bhaile ón scoil go labhródh sí Úcráinis mar go bhfuil an obair scoile in Úcráinis.

Ach admhaíonn sí go ‘n-úsáideann muid beagáinín níos mó Rúisise inár ngnáthshaol laethúil. ‘Mar tá sé…,’ a deir sí sula smaoiníonn sí ar feadh meandair. ‘Tá sé níos tapúla.’

Tá an chuid den líne thosaigh atá gar do bhaile Kurakhova neamhghnách sa mhéid is nár tháinig mórán athruithe air ó 2014, fiú tar éis mhór-ionradh na Rúise Feabhra 2023. Cé nach raibh an baile ach tuairim is 15 ciliméadar ón bhfronta ag tús an mhór-ionraidh, tá sé fós i seilbh na hÚcráine. Ach ní raibh sé soiléir gur mar sin a bheadh sa chéad cúpla seachtain.

‘Bhíomar ag breathnú ar an nuacht gach nóiméad de gach lá. Bhíomar ag breathnú ar an rud a bhí ag tarlú in Mariupol, agus é á thimpeallú. Bhí eagla orainn go dtarlódh sin agus nach mbeadh slí amach againn. Mar sin tar éis trí seachtaine bheartaíomar fágáil. Ní raibh aon diúracáin tar éis an baile a bhualadh ach bhí torann na bpléascán an-ghar dúinn.’

Griangraf: Alexander Salii

Dar ndóigh, ní raibh cead ag fear céile Olena fágáil mar go bhféadfaí glaoch isteach san arm air. Oibríonn sé san ionad ginte leictreachais áitiúil. Deir Olena gur bhuail diúracáin an t-ionad ginte leictreachais scata uair ach go bhfuil sé ‘deisithe go pointe áirithe’.

Deir sí nach ionad an-nua-aimseartha é, agus mar sin nach bhfuil a lán teicneolaíochta ann atá deacair le deisiú. Sin an fáth, a deir sí, go rabhthas ábalta é a dheisiú agus go bhfuil sé ag feidhmiú cuibheasach maith cé go bhfuil dochar déanta dó.

Deir sí go bhfuil dochar déanta dá lán tithe sa bhaile agus go bhfuil roinnt acu scriosta go hiomlán. Deir sí gur maraíodh roinnt daoine a bhfuil aithne ag cairde nó ag gaolta léi orthu sa chogadh. Luann sí cailín amháin a bhfuil aithne aici uirthi a bhfuair a mac bás ag an líne thosaigh.

Níor chreid Olena go dtarlódh an t-ionradh, fiú tar éis 2014 ‘nuair a thóg siad an Chrimé agus nuair a d’ionsaigh siad réigiúin Luhansk agus Donetsk’. Ina dhiaidh sin a rinneadh Comhaontú Minsk ‘agus go bunúsach fuair an Rúis an chuid sin den tír’. Cheap sí ag an bpointe sin nach n-ionsódh siad an Úcráin arís.

‘Maidir le Putin agus a chairde, bhí an oiread sin airgid acu thar sáile, bhí a bpáistí thar sáile, agus bhí siad ag díol gáis agus ola thar sáile agus bhíos cinnte dá bharr nach nach ndanfaidís ionsaí mar go mbeadh siad ag iarraidh an stádas sin a chosaint.

‘Chreid mé go dteastódh an deis uathu an t-airgead sin a úsáid chun taisteal ar fud an domhain, chun go mbeadh fáilte rompu bualadh le ceannairí na dtíortha ar fad… faoi dhínit.’

Alexander, fear céile Olena agus Maria i Kurakhova roimh an mór-ionradh. Pictiúr: Alexander Salii

Maíonn Olena go bhfuil líon na ndaoine sa Donbas ar mian leo a bheith mar chuid den Rúis laghdaithe go mór ó thús an mhór-ionraidh mí Feabhra 2022.

‘Chonaic daoine nár spáráil na Rúisigh Kharkhiv nó Mariupol, cathracha inar labhraíodh Rúisis den chuid is mó. Scrios na Rúisigh na cathracha sin – is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi Rúisigh ná faoi Úcránaigh. Is dóigh liom go dtuigeann formhór na ndaoine é sin anois, fiú iad siúd a bhí dílis don Rúis.’

Deir sí gur léiriú air sin an áit a ndeachaigh na teifigh ó oirthear na hÚcráine.

‘Tá siad anseo san Eoraip, i Meiriceá, i gCeanada agus tá fíorbheagán díobh imithe chun na Rúise. Ní dheachaigh ach corrdhuine a bhfuil aithne agam orthu chun na Rúise. Bhí cara liom sna críocha gafa agus d’imigh sí chun na Rúise ach dúirt sí nach raibh rogha ar bith eile aici agus bhí deartháir léi san Rúis, agus mar sin chuaigh sí chuig a deartháir.’

D’éalaigh bean eile a bhfuil aithne ag Olena uirthi ó chathair Donetsk atá sna críocha gafa. ‘Thaistil sí tríd an Liotuáin, Laitvia agus an Eastóin chun dul chun na Gearmáine, mar nach raibh sí ábalta taisteal tríd an líne thosaigh san Úcráin.’

Creideann Olena nár bhuamáil an Úcráin an chuid den Donbas a bhí i seilbh na Rúise aon chuid níos mó ná mar a bhuamáil siadsan taobh na Úcráine den líne thosaigh idir 2014 agus 2022.

‘Bhuamáil siad mo bhaile ó am go ham díreach lena mheabhrú dúinn: ‘Féach is féidir linn sibh a ionsaí’.’

Ní ghlacann Olena leis beag ná mór gur chóir talamh a thabhairt suas ar son na síochána. ‘Tá laochra caillte ag a lán de mhuintir na hÚcráine sa chogadh. B’fhéidir go bhfaca tú na reiligí lán le huaigheanna le bratacha gorma agus buí? Is dóigh liom, fiú na daoine a bhíodh i bhfabhar tailte a thabhairt suas roimhe seo, nach dtacódh siad leis anois. Cad a déarfá leis na máithreacha a bhfuil a gclann mhac caillte acu?’

Creideann Olena nach sásódh sé an Rúis roinnt tailte a thabhairt suas.

‘Tá dallamullóg ort má cheapann tú go bhfuil Putin nó an Rúis chun socrú síos tar éis na gcríocha sin a fháil. Ní hiad na críocha seo atá uathu. Tá siad ag iarraidh an Úcráin ar fad.

Dá bhfágfaí acu an píosa atá ina seilbh, ghlacfadh siad sos ar feadh bliain nó dhó, neartódh siad a bhfórsaí agus ansin thosódh siad an cogadh arís.’ Sin an fáth dar léi ‘go gcaithfear an Rúis a fhágáil d’uireasa na teicneolaíochta agus na n-acmhainní a chuirfeadh ar a gcumas cogadh a thosú arís’.

Tagraíonn sí don gheallúint a thug an Rúis i meamram Bhúdaipeist i 1994 gan an Úcráin a ionsaí. ‘Gheall siad nach n-ionsódh siad muid nuair a thugamar suas ár n-airm núicléacha. Agus cad a rinne siad? D’ionsaigh siad muid. Ní chreidfinn an Rúis.

Tá a ngeallúintí briste acu níos mó na uair amháin. Cén barántas a bheadh ann dá síneodh an Úcráin conradh mar seo nach n-ionsódh na Rúisigh muid arís i gceann cúig bliana?’

Creideann Olena dá mba rud é go raibh an Úcráin in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] nach mbeadh ionsaí déanta ag an Rúis uirthi. ‘Fiú anois tá na Rúisigh ag iarraidh eagla a chur ar an bPolainn agus ar an Liotuáin. Bíonn eitiltí gar don teorainn acu. Gríosaíonn siad iad. Ach ní bheadh sé de dhánaíocht acu iad a ionsaí mar go bhfuil siad i NATO.’

Deir sí go bhfuil sí ‘nach mór cinnte’ gur chóir don Úcráin a bheith i NATO, nó ar a laghad gur chóir ‘barántais a bheith againn ó NATO.’

Vótáil Olena do Volodymyr Zelensky sa toghchán deireanach. Deir sí go bhfuil sé ‘ag déanamh a dhíchill’ agus gur ‘duine daonna é’ a dhéanann botúin. Deir sí go bhfuil gá ag an Uachtarán le daoine maithe a bheith thart air agus tá amhras uirthi gur fíor sin i ngach cás. Tá muinín mhór aici, áfach, as ardcheannasaí an airm, an Ginearál Valerii Zaluzhnyi.

Fiafraím di cad a tharlódh dá stopfadh an tIarthar nó Meiriceá ag tabhairt cúnamh míleata don Úcráin agus deir sí ‘go leanfadh Úcránaigh den tstreachailt, fiú gan airm’ agus go mbeadh sé ‘ina chogadh páirtiseán’. Maidir le cad tá chun tarlú anois deir sí ‘má bhíomar ábalta an fód a sheasamh ar feadh bliain go leith, is dóigh liom gur féidir linn an bua a bheith againn.’

Ag filleadh arís ar an ngráin atá aici ar an Rúis, deir Olena.

‘Is cuma leo fúinne. Is cuma leo fiú faoina mbailte beaga féin. Níl spéis acu ach sna cathracha móra – Moscó, Cathair Pheadair agus mar sin de. Tá gás agus ola acu ach ní chuirtear gás ar fáil i go leor dá mbailte beaga. Measaim go bhfuil sé díchéillí a chreidiúint go bhfuil aon aird acu orainne. Sin an fáth nár shíl mé riamh gur cuid den Rúis í an Úcráin nó an Donbas.’

Fág freagra ar '‘Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi Rúisigh ná faoi Úcránaigh’'

  • Indrek

    GRMA as an alt seo, a Fhachtna.

  • jpmorley0@gmail.com

    Conas a dhéanfá síocháin le dream a bhfuil fúthu do thír a réabadh & a ionghabháil ar ais is ar éigin? Gur “cuma leo faoi dhaoine”?