Léiríonn suirbhé nua gur tháinig méadú mór ar úsáid na hÚcráinise san Úcráin i ndiaidh ionradh na Rúise ar an tír. Dúirt 58% nach labhraíonn siad ach an Úcráinis nó go labhraíonn siad an Úcráinis go príomha, méadú ó 50% sa bhliain 2017. Ní dúirt ach 15% go labhraíonn siad Rúisis, agus dúirt an chuid eile go labhraíonn siad meascán den dá theanga.
Fiú in oirthear agus deisceart na hÚcráine, ceantracha a raibh tionchar níos mó ag an Rúis orthu go stairiúil, bhí níos mó daoine a mhaígh gur cainteoirí Úcráinise iad (29%) ná cainteoirí Rúisise (28%).
Rinneadh taifead freisin ar cén teanga a dúirt freagróirí ar mhian leo an t-agallamh a dhéanamh inti agus cén teanga a labhair siad de réir mar a lean an t-agallamh ar aghaidh. Chuaigh na hagallóirí ó theanga amháin go dtí an teanga eile d’aon ghnó chun rogha a thabhairt do na freagróirí.
Léirigh an suirbhé méadú ar líon na ndaoine a roghnaigh an Úcráinis mar theanga an agallaimh agus méadú ar líon na ndaoine a lean orthu ag caint in Úcráinis le linn an agallaimh.
I suirbhé a rinneadh go luath sna 1990idí, thart ar 55% a labhair an Rúisis agus thart ar 45% a labhair an Úcráinis. San oirthear agus sa deisceart roghnaigh 90% labhairt i Rúisis. D’athraigh an cóimheas seo de réir a chéile i dtreo theanga na hÚcráine, ach fiú tar éis Réabhlóid an Maidan agus gabháil na Crimé i Meán Fómhair 2014, bhí cóimheas 50-50 idir an dá teanga.
Sa suirbhé is déanaí, áfach, roghnaigh 87% de na freagróirí cumarsáid a dhéanamh san Úcráinis, agus fiú i measc daoine san oirthear agus sa deisceart roghnaigh 74% an Úcráinis.
In 2014 de réir mar a lean an t-agallamh ar aghaidh labhair 44% an Úcráinis, 45% a labhair an Rúisis, agus meascán den dá theanga a bhí ag 11%. Sa suirbhé is déanaí labhair 74% an Úcráinis amháin, níor labhair ach 13% an Rúisis amháin agus labhair 13% meascán den dá theanga. Agus fiú san oirthear agus sa deisceart, labhair 52% in Úcráinis, i gcomparáid le 26% a labhair an Rúisis agus 22% a labhair meascán den dá theanga.
Deir an t-eolaí polaitíochta Volodymyr Kulyk, a choimisiúnaigh an suirbhé, go léiríonn sé go dtuigeann formhór mhuintir na hÚcráine an gá atá le hÚcráinis a labhairt i gcumarsáid níos foirmeálta agus gurb é seo an t-athrú is mó agus is tábhachtaí atá tarlaithe i gcás na teanga ó cuireadh tús le hionsaí na Rúise ar an tír.
“Anois tá gach deis agus cúis le tógáil ar an dul chun cinn seo ionas go mbeidh an Úcráinis ina príomhtheanga réamhshocraithe do gach cleachtas poiblí.”
Sa saol príobháideach, deir sé go leanfaidh saoránaigh orthu i gcónaí ag déanamh cumarsáide “ar bhealach atá níos áisiúla agus níos taitneamhaí dóibh” ach gur “cinnte go n-aistreofar na scileanna agus na nósanna a fhaightear sa chaint phoiblí chuig an chaint phríobháideach”.
Léirigh an suirbhé go labhraíonn 62% an Úcráinis amháin nó Úcráinis go príomha sa bhaile, méadú 11% ó 2017, agus nár labhair ach 16% Rúisis sa bhaile – laghdú 9% ó 2017. Teaghlaigh dhátheangacha ab ea an chuid eile.
Dúirt 68% gur Úcráinis a labhraíonn siad an t-am ar fad nó an chuid is mó den am san ionad oibre, 11% a labhraíonn an Rúisis, agus 21% a deir go labhraíonn siad meascán den dá theanga. Deir Volodymyr Kulyk go léiríonn sé seo go bhfuil “deireadh curtha ar deireadh” leis an ionad oibre mar áit ina gcuirtear “iallach” ar mhuintir na hÚcráine an Rúisis a labhairt an t-am go léir nó cuid den am ar mhaithe le “sásamh mianta na n-ollchomhlachtaí, na gcliant nó réamhchlaonta faoi conas is cóir labhairt sa réimse seo”.
Léirigh an suirbhé gur tháinig méadú mór ar sciar na ndaoine a mheasann nach bhfuil aon tábhacht ar chor bith leis an Rúisis do shaoránaigh na hÚcráine – 58% anois i gcomparáid le 9% i 2014. Bhí 46% i gceist i gcás daoine atá ina gcónaí sa deisceart agus san oirthear agus 35% de na daoine a labhraíonn Rúisis den chuid is mó, síleann siad nach bhfuil tábhacht leis an teanga do shaoránaigh. Deir Kulyk go bhfuil an-áthas air nach dteastaíonn ó Úcránaigh go bhfanfadh an Rúisis mar an teanga chumarsáide phoiblí a thuigtear ‘go coitianta’ sa tír agus go bhfuil an ról sin anois ag an Úcráinis. Níor shíl ach 1% de na freagróirí nach bhfuil an Úcráinis tábhachtach.
Léirigh an suirbhé go gcreideann formhór de mhuintir na tíre, agus fiú formhór de chainteoirí Rúisise na tíre, gur “gur chóir go mbeadh an Úcráinis mar phríomhtheanga i ngach réimse cumarsáide”. Bhí 80% de mhuintir na tíre trí chéile agus 57% de chainteoirí Rúisise den tuairim seo ach deir Kulyk “nach dteastaíonn uathu [na cainteoirí Rúisise] i ndáiríre go dtarlódh sé [an t-athrú] go tapa ná go rachadh sé i bhfeidhm orthu go pearsanta”.
Nuair a ceistíodh daoine faoi cén príomhpholasaí ba chóir a bheith ag an stát i réimse na teanga thacaigh 66% leis an rogha “an Úcráinis a chur chun cinn i ngach réimse den saol”.
Ba í Institiúid Idirnáisiúnta Socheolaíochta Chív a rinne an suirbhé. Cuireadh agallamh fóin idir 4-27 Nollaig, 2022 ar 2,005 duine laistigh de theorainneacha na gceantar a bhí á rialú ag údaráis na hÚcráine go dtí an 24 Feabhra, 2022. Is é 2.4% an lamháil earráide a bhaineann le torthaí an tsuirbhé.
Eamon O Donnchadha
Is mór an trua nach bhfuil an spiorad céanna i bheidhm in Eirinn|
Art
Is mór an trua ach tá praghas an-ard á dhíol acu. An mbeadh muidne toillteanach praghas dá leithéid a íoc?
Eoin Ó Murchú
An féidir le Fachtna an difear – má tá difear ann – idir Rúisis is Úcráinis a aithint?