Iománaithe na Gaillimhe agus mallacht Staid Semple

Ní dea-chuimhní atá ag iománaithe na Gaillimhe ar a bheith ag imirt i Staid Semple, gan ach dhá chluiche craoibhe buaite acu ann le beagnach 30 bliain anuas

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Semple Stadium, Thurles, Co. Tipperary 28/7/2013 Galway vs Clare Jonathan Glynn of Glaway dejected at the end of the game Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

An deireadh seachtaine seo, tabharfaidh lucht leanúna na Gaillimhe aghaidh ar an mbóthar go Durlas Éile, aistear atá déanta acu go minic thar na blianta.

Aistear é freisin, áfach, ar dual don ghol teacht ag a dheireadh. Sna deich gcluiche craoibhe is déanaí atá imeartha ag foireann sinsear na Gaillimhe i Staid Semple, níl ach péire buaite acu. I 2014, ’13. ’11, ’09, ’08, ’06, ’04 agus ’98, ba i Staid Semple a tháinig deireadh le samhradh na nGaillimheach. Mar bharr ar an donas, bualadh greadadh ceart orthu i gcuid de na cluichí sin.

I mBabhta 2 de na cluichí cáilithe i 2004, thug Gaillimh aghaidh ar Chill Chainnigh i nDurlas Éile. Bhí foireann Bhrian Cody ar thóir a dtríú Craobh Uile-Éireann as a chéile, ach bhí gaoth i seolta na Gaillimhe chomh maith agus an tsraith buaite acu an bhliain sin. Níor mhair an dóchas sin i bhfad.

Thug Cill Chainnigh ceann de na taispeántais is fearr a bhí feicthe againn uathu faoi cheannas Cody agus cé nach raibh ach trí phointe ag scaradh na bhfoirne gan ach 20 nóiméad fágtha, d’aimsigh na Cait 3-9 san am a bhí fágtha agus gan 0-2 ag Gaillimh sa tréimhse chéanna.

I 2011, chuaigh Gaillimh chuig Staid Semple arís agus cúpla taispeántas maith tugtha uathu sna cluichí roimhe sin inar chuir siad An Clár agus Corcaigh de dhroim seoil. Dhealraigh sé go raibh dul chun cinn á dhéanamh acu, go háirithe le hais Phort Láirge, a bhí rompu sa chluiche ceathrú ceannais i nDurlas Éile. Chaill na Déise le 21 pointe i gcoinne Thiobraid Árann coicís roimhe sin.

Tabla

Faraor do na Gaillimhigh, fágadh ina staic arís iad. Sa 20 nóiméad roimh leath ama agus sa 20 nóiméad ina dhiaidh, níor aimsigh fir an iarthair ach trí phointe agus tháinig deireadh le tréimhse bainistíochta John McIntyre i ndiaidh an chluiche.

Ba é an scéal céanna é ag na Gaillimhigh anuraidh. Tar éis dóibh cluiche leathcheannais Chúige Laighean a chailleadh san athimirt i gcoinne Chill Chainnigh, chas siad le Tiobraid Árann i mBabhta 1 de na cluichí cáilithe.

Agus 20 nóiméad fágtha, bhí cuma na maitheasa ar imreoirí Anthony Cunningham iad ag fágáil Durlas Éile ach bhuail mallacht Staid Semple arís iad. Sa 20 nóiméad deireanach, tháinig Tiobraid Árann, a bhí sé phointe chun deiridh, ar ais go tréan agus bhuaigh siad le naoi bpointe. 2-10 a d’aimsigh siad sa tréimhse sin agus gan ach aon phointe amháin mar fhreagra ag Gaillimh orthu.

Thuigfeá  go maith cén fáth a mbeadh lucht leanúna na Gaillimhe éadóchasach go maith agus iad ag siúl ar Phort Omna agus an Aonach Dé Domhnaigh.

Rud amháin a thabharfaidh léas éigin dóchais dóibh, áfach, ná gurb iad Corcaigh an t-aon chontae a bhfuil an ceann is fearr faighte acu orthu i Staid Semple sa chraobh le beagnach 30 bhliain. Fiú sa tsraith is deireanaí a bhuaigh Gaillimh, in 2010, ba ar Chorcaigh a bhuaigh siad sa chluiche ceannais i Durlas Éile.

I gcraobh na bliana 2002, ba iad imreoirí na Gaillimhe a rinne gaisce scórála sa dara leath chun buachan go bog ar Chorcaigh. Bhí siad ar comhscór ag leath ama ach bhí forlámhas iomlán ag Gaillimh sa dara leath. 0-21 in aghaidh 1-9 an scór a bhí ann faoin am a séideadh feadóg an chlabhsúir.

In 2009, bhí an choimhlint níos géire ach tháinig Gaillimh slán, a bhuíochas le cúl Joe Gantley sa 63ú nóiméad. Níor thug an bua mórán spreagaidh d’fhir an iarthair, áfach, mar taobh istigh de sheachtain, thug Port Láirge an bóthar dóibh agus b’in deireadh lena gcraobh. Cén áit? Cén áit eile ach i Staid Semple!

Fág freagra ar 'Iománaithe na Gaillimhe agus mallacht Staid Semple'