‘Inár gcroí go deo’ greanta i leac uaighe Margaret Keane

Cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana an mhí seo caite cinneadh nach raibh cead teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe

‘Inár gcroí go deo’ greanta i leac uaighe Margaret Keane

Tá ‘Inár gcroí go deo’ greanta ar leac uaighe Margaret Keane i reilig Naomh Giles in Exahall, Coventry.

Cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana an mhí seo caite cinneadh nach raibh cead teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe.

Bua mór a bhí ann do mhuintir Margaret Keane, a bhásaigh in 2018, a bhí ag iarraidh ‘Inár gcroí go deo’ a chur ar  leac uaighe a máthar gan aon aistriúchán Béarla a bheith ag dul leis.

D’fhógair muintir Keane inniu go raibh leac curtha acu ar uaigh Margaret Keane.

I ndiaidh éisteacht a mhair nach mór ocht n-uair an chloig, a d’fhógair an breitheamh Morag Ellis QC cinneadh Chúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury an mhí seo caite.

Dúirt Ellis, Déan Chúirt Eaglasta Canterbury, gur pléadh le linn na héisteachta “ábhar dlí fíorspéisiúil agus casta” agus “ábhar a raibh mothúcháin chasta ag baint leis”. Tabharfar míniú ar chinneadh na cúirte amach anseo.

Sárú ar chearta an duine ab ea an cinneadh gan teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a cheadú ar an leac chuimhneacháin dá máthair, a dúradh le linn na héisteachta.

Mhaígh abhcóide mhuintir Margaret Keane go raibh an cinneadh a rinne Deoise Coventry leatromach agus go raibh sé bunaithe “ar réasúnaíocht nach raibh aon chiall léi”.

Chreid muintir Keane, a dúirt Caoilfhionn Gallagher QC, go raibh an cinneadh ar nós “rud éigin a léifí thiar sna 1970idí”.

Níorbh aon iontas é, a dúirt sí, dá gceapfadh muintir Keane gurbh ionann an t-áiteamh nach dtuigfí an Ghaeilge agus a rá ‘You’re in England, speak English’.

Dúradh sa chúirt go raibh a muintir agus go háirithe a baintreach fir, Bernie, “cráite” mar gheall ar an scéal. Bhraith Bernie Keane, a dúradh, “gur lig sé a bhean chéile síos”.

Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil as an gcultúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.

Dúradh nach raibh a clann ach ag iarraidh go léireodh an leac chuimhneacháin saol Margaret Keane mar a bhí agus an bealach a raibh siad féin ag iarraidh ómós a thabhairt di. Bhíothas ag iarraidh aitheantas a thabhairt don ghrá a bhí aici don Ghaeilge agus an grá a bhí aici dá tír dhúchais agus do Coventry féin.

I Meitheamh 2020, dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arb as Maigh Eo ó dhúchas di.

Fág freagra ar '‘Inár gcroí go deo’ greanta i leac uaighe Margaret Keane'

  • SÉAMUS O'CONNELL

    Nár cheart dó a bheith ‘Inár gcroíthe go deo’ ?

  • Aistritheoir

    Níor cheart. ‘Inár gcroíthe go deo’ a bhí luaite le linn an fheachtais ceart go leor ach is cirte ‘inár gcroí go deo’. Is é nós na Gaeilge an uimhir uatha a úsáid mar nach bhfuil ach croí amháin ag an duine. Sampa eile: tá beatha daoine i mbaol. Caithfidh gur chuir duine éigin é sin ar a súile don teaghlach (ní mise a bhí ann!).