Cead tugtha do mhuintir Margaret Keane ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar leac uaighe a máthar

Cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Coventry curtha ar ceal i gCúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury i Londain

Cead tugtha do mhuintir Margaret Keane ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar leac uaighe a máthar

Cuireadh ar ceal sa chúirt eaglasta is airde i Sasana tráthnóna cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Coventry.

Bua mór a bhí anseo do mhuintir Margaret Keane, a bhásaigh in 2018, a bhí ag iarraidh ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar  leac uaighe a máthar gan aon aistriúchán Béarla a bheith ag dul leis.

Cuirfear an t-aistriúchán Béarla ar fáil ar chlár an pharóiste.

Thart ar 17.40 i séipéal Naomh Marty-Le-Bow i Londain, i ndiaidh éisteacht a mhair nach mór ocht n-uair an chloig, a d’fhógair an breitheamh Morag Ellis QC cinneadh Chúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury.

Dúirt Ellis, Déan Chúirt Eaglasta Canterbury, gur pléadh le linn na héisteachta “ábhar dlí fíorspéisiúil agus casta” agus “ábhar a raibh mothúcháin chasta ag baint leis”. Tabharfar míniú ar chinneadh na cúirte amach anseo.

Sárú ar chearta an duine ab ea an cinneadh gan teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a cheadú ar an leac chuimhneacháin dá máthair, a dúradh le linn na héisteachta.

Mhaígh abhcóide mhuintir Margaret Keane go raibh an cinneadh a rinne Deoise Coventry leatromach agus go raibh sé bunaithe “ar réasúnaíocht nach raibh aon chiall léi”.

Chreid muintir Keane, a dúirt Caoilfhionn Gallagher QC, go raibh an cinneadh ar nós “rud éigin a léifí thiar sna 1970idí”.

Níorbh aon iontas é, a dúirt sí, dá gceapfadh muintir Keane gurbh ionann an t-áiteamh nach dtuigfí an Ghaeilge agus a rá ‘You’re in England, speak English’.

Dúradh sa chúirt go raibh a muintir agus go háirithe a baintreach fir, Bernie, “cráite” mar gheall ar an scéal. Bhraith Bernie Keane, a dúradh, “gur lig sé a bhean chéile síos”.

Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil as an gcultúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.

Dúradh nach raibh a clann ach ag iarraidh go léireodh an leac chuimhneacháin saol Margaret Keane mar a bhí agus an bealach a raibh siad féin ag iarraidh ómós a thabhairt di. Bhíothas ag iarraidh aitheantas a thabhairt don ghrá a bhí aici don Ghaeilge agus an grá a bhí aici dá tír dhúchais agus do Coventry féin.

I Meitheamh 2020, dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arb as Maigh Eo ó dhúchas di.

Dúirt an Sainsailéir sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Dúirt an Sainsailéir chomh maith nach dtuigfeadh ach “mionlach beag” an ráiteas dá mbeadh sé i nGaeilge amháin. Ní bheadh sé “cuí” a leithéid a chur ar an leac gan aistriúchán Béarla in Coventry Shasana, áit a labhraítear Béarla.

San achomharc inniu, mhaígh Caoilfhionn Gallagher QC gur bac ar an gceart ar shaoirse cainte in Alt 10 den Acht um Chearta Daonna a bhí sa chinneadh. Dúradh gur sárú a bhí ann chomh maith ar Alt 14 agus Alt 8 den Acht céanna.

Tugann Alt 14 den alt cosaint do dhuine ón leatrom agus tugann Alt 8 cosaint don cheart chun príobháideachais.

Dúirt sí nach raibh ciall ar bith leis an tuairim go mbeadh “daoine ag siúl i reilig in Coventry, go bhfeicfidís Gaeilge, go n-aitheoidís gur Gaeilge a bhí inti agus go measfaidís gur ráiteas polaitiúil a bhí ann”.

Morag Ellis QC

Bhí an cinneadh bunaithe ar “réasúnaíocht sa dorchadas” a mhaígh sí.

“Níor cheart géilleadh do réamhthuairimí lochtach claonta in eagras ilchultúrtha,” a dúirt sí.

Cé go raibh an leac in áit phoiblí agus feidhm phoiblí léi bhí cúis an-phearsanta agus príobháideach ag muintir Keane leis an teachtaireacht a bheith i nGaeilge amháin, a dúirt Gallagher.

Nuair a d’áitigh an príomhbhreitheamh, Morag Ellis QC, gurbh amhlaidh go gcabhródh aistriúchán Béarla ar an leac leis an teachtaireacht ómóis a scaipeadh ar níos mó daoine, thug muintir Keane féin le fios gur mhaith leo labhairt lena lucht dlí. Cuireadh stop ar feadh tamaill le himeachtaí chun deis a thabhairt dóibh sin a dhéanamh.

Dúirt an t-abhcóide Caoilfhionn Gallaghar ina dhiaidh sin gurbh amhlaidh go raibh muintir Keane buartha go raibh míthuiscint ann faoin gcúis go raibh siad ag iarraidh go mbeadh an teachtaireacht i nGaeilge amháin.

Dúirt Morag Ellis nach raibh sa chaint a rinne sí ach cur i gcás ar mhaithe le freagraí a fháil ar a cuid ceisteanna.

An chúis a bhí leis an teachtaireacht i nGaeilge amháin ná rud éigin a rá faoi oidhreacht Margaret Keane, a dúirt Gallagher.

Dá mbrúfaí aistriúchán Béarla orthu cheilfí orthu a gceart an teachtaireacht sin a thabhairt. B’ionann sin, arsa Gallagher, agus iachall a chur orthu teanga eile a úsáid “chun brí agus tábhacht a bhronnadh ar an nGaeilge”.

Dúirt Gallagher gur cinneadh é a bhí leatromach ar mhuintir Keane agus ar an nGaeilge. Ní raibh an cinneadh sin ag teacht le cinntí a rinneadh faoi theangacha eile ar leaca eile i reilig Naomh Giles in Exahall, Coventry. Ba chosúil “gur caitheadh leis an nGaeilge ar bhealach difriúil ó theangacha eile”.

Tugadh sampla de leac sa reilig chéanna a raibh teachtaireacht i mBreatnais amháin uirthi. Bhí aistriúchán i mBéarla ar an teachtaireacht Bhreatnaise tugtha i gclár an pharóiste agus glacadh leis sin.

Le linn an phlé, d’iarr an Breitheamh Ellis an mbeadh clann Keane sásta leis an réiteach sin agus tugadh le fios go mbeadh.

Agus deireadh á chur lena cás, dúirt abhcóide mhuintir Keane go raibh feartlaoi an fhir ghrinn Spike Milligan – ‘Dúirt mé leat go raibh mé breoite’ – i nGaeilge ar a leac uaighe i séipéal Naomh Tomás in Winchelsea in oirthear Sussex.

Ceadaíodh an fheartlaoi sin i nGaeilge toisc gur síleadh nach mbeadh sí ‘cuí’ dá mbeadh sí i mBéarla, ach in ainneoin gur i nGaeilge a bhí sí roghnaíodh í i suirbhé mar an fheartlaoi ab ansa le muintir Shasana.

D’impigh Gallagher ar an gcúirt cinneadh nach raibh “réasúnta” ná “réasúnach” a chur ar ceal, deireadh a chur le tréimhse a bhí “an-deacair” do mhuintir Keane agus, mar a bhí á éileamh acu féin, treoir a thabhairt ionas nach dtarlódh a leithéid do dhaoine eile.

Thagair abhcóide Chonradh na Gaeilge Londan Tim Moloney don cheangal láidir atá ag Eaglais Shasana leis an nGaeilge. Dúirt sé go raibh an cinneadh leatromach ar mhuintir Keane ar bhonn cearta teanga agus ar bhonn na féiniúlachta náisiúnaí.

Triúr breithiúna a d’éist an cás a rinne abhcóidí mhuintir Keane agus chraobh Londan Chonradh na Gaeilge.

Thacaigh Ardeaspag Canterbury féin le cás mhuintir Keane agus tá a dtáillí dlí á n-íoc aige.

Dúirt muintir Margaret Keane go raibh an-áthas orthu faoi thoradh an Court of Arches agus ghabh siad buíochas leis an uile dhuine a thacaigh lena bhfeachtas fada.

Fág freagra ar 'Cead tugtha do mhuintir Margaret Keane ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar leac uaighe a máthar'