Iltascáil imreoirí Luimnigh an eiseamláir san iomáint nua

Aon imreoir atá ag imirt do Luimneach nó d’aon chontae eile i láthair na huaire tuigeann sé go gcaithfidh sé a bheith ar a chompord ag imirt in ionaid éagsúla ar an bpáirc

Iltascáil imreoirí Luimnigh an eiseamláir san iomáint nua

Sa ‘tseaniomáint’ is minic a bhíodh caint ar an imreoir a raibh an cumas ann imirt I gcúpla áit ar an bpáirc. An ‘utility player’. Bhí imreoir mar sin ag beagnach gach foireann club agus contae. Ach níor shantaigh formhór imreoirí an cháil sin mar minic go leor ní bhfaigheadh an t-imreoir ilionaid áit bhuan ar an gcéad chúigear déag .

In iomáint na linne seo, imreoir ilionaid atá i mbeagnach gach imreoir, agus murar imreoir den chineál sin thú tá seans maith ann nach mbeidh tú ag tosú na gcluichí. Ní haon rud nua é anois imreoir ar a bhfuil uimhir a dó, trí nó ceathair a bheith ar liosta na scórálaithe. Dar ndóigh tá an pheil athraithe ar fad agus cuid mhaith cúil bháire anois sásta agus ábalta agus dána a ndóthain go leor ama a chaitheamh amuigh i lár na páirce ag cabhrú lena gcomhimreoirí agus, anois is arís, ag scóráil iad féin. Is minic anois a thógann an cúl báire ciceanna daichead a cúig méadar agus ciceanna saora eile. Níl a leithéid tarlaithe san iomáint fós ach a leithéid d’athrú atá tagtha uirthi. Agus cé go n-ainmnítear an fhoireann ar an gcuma chéanna i gcónaí – cúl báire, seisear cosantóirí, beirt lár páirce agus seisear tosaithe – is go rí-annamh ar fad a imríonn aon chontae anois agus gach imreoir ina áit féin.

Le tuairim is fiche bliain anuas tá an cosantóir le cois againn. Rinne Anthony Daly é agus é ina bhainisteoir le contae an Chláir agus ansin thosaigh a chara Davy Fitzgerald ag útamáil timpeall le déantús na foirne. In 2013 rinne FitzGerald agus an Clár chuid maith oibre ar theaicticí difriúla agus iad ar a slí chuig Craobh na hÉireann.

Agus mar atá feicthe againn go minic i rith na mblianta déanann na contaetha eile aithris i gcónaí ar stíl agus ar chur chuige na seaimpíní.  In 2023 is ag Luimneach is airde atá an caighdeán agus le roinnt blianta anuas tá na contaetha eile atá ag imirt sa chraobh ag déanamh a seacht ndícheall córas imeartha Luimnigh a bhualadh.

Theip ar gach aon iarracht le trí bliana anuas.

Ach aon imreoir atá ag imirt do Luimneach nó d’aon chontae eile i láthair na huaire tuigeann sé go gcaithfidh sé a bheith ar a chompord ag imirt in ionaid éagsúla ar an bpáirc.

Níl ach imreoir amháin ar aon fhoireann atá ina ‘speisialtóir’ in áit amháin agus, dar ndóigh, sin an cúl báire. Caithfidh fear na bpocanna saora a bheith ina speisialtóir sa chúram sin freisin ach oiread leis na himreoirí eile caithfidh sé siúd a bheith sásta agus ábalta a bheith ina chosantóir agus ina thosaí. Tá an lá imithe a mbíodh ualach na scórála ar na tosaithe amháin agus cúram na cosanta ar na cosantóirí amháin. Ar feadh i bhfad ní thagadh an líne lánchúil nó an líne lántosaithe níos faide amach ná an líne 13 méadar. Sinne atá críonna go leor, is cuimhin linn Brian Whelehan Uíbh Fhailí, a bhí ina fhathach ag uimhir a sé le blianta, ag aistriú isteach go dtí na tosaithe do chraobh na hÉireann 1998. Cheapamar gur rud iontach a bhí ann. Agus dar ndóigh rud iontach a bhí ann ag an am. Ansin, cúpla bliain ina dhiaidh sin, deineadh an rud céanna le Brian Corcoran Chorcaí. Arís bhíomar ag déanamh iontais faoi cé chomh maith is a d’oibrigh an plean sin do Chorcaigh nuair a bhuaigh Corcoran dhá bhonn uile-Éireann mar thosaí ag deireadh a shaoil iomána.

Ach ansin tháinig Luimneach le córas imeartha a chuir ceangal ar gach imreoir bheith sásta agus ábalta pé rud a bhí ag teastáil ón bhfoireann a dhéanamh aon áit ar fud na páirce.

In 2023 tá gach contae ag leanúint an treoirphlean chéanna, ach níl aon chontae eile ábalta é a chur i bhfeidhm chomh slachtmhar céanna. An sampla is déanaí den chur chuige nua an cúl agus an cúilín a fuair uimhir 4 Luimnigh Barry Nash i gcluiche ceannais na sraithe seachtain ó shin.

An mbeidh aon contae ábalta, Luimneach, foireann na n-imreoirí ilionaid, a bhascadh i mbliana? Bhuel, ní fada go mbeidh a fhios againn.

Fág freagra ar 'Iltascáil imreoirí Luimnigh an eiseamláir san iomáint nua'