Iarracht ar bun Coláiste Lú ‘a ghlanadh’ den saol agus é imithe ó thrí shuíomh idirlín

Léiríonn íomhánna atá curtha ar fáil ag an gclár Tús Áite an t-eolas faoi Choláiste Lú a bhíodh ar fáil ar thrí shuíomh idirlín ach nach bhfuil ar fáil orthu faoi láthair

Iarracht ar bun Coláiste Lú ‘a ghlanadh’ den saol agus é imithe ó thrí shuíomh idirlín

Tá iarracht ar bun Coláiste Lú “a ghlanadh” den saol, dar leis an ngrúpa tuismitheoirí atá i mbun agóide faoin tsáinn maidir leis an aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa, Aidan Kinsella, an méid sin tráthnóna inné agus é ag trácht ar an scéala go bhfuil suíomh idirlín Choláiste Lú bainte den idirlíon agus go bhfuil gach tagairt do Choláiste Lú agus d’aonad Gaeilge bainte de shuíomh idirlín Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

Chomh maith leis sin tá tagairtí do Choláiste Lú bainte de shuíomh idirlín de chuid Shinn Féin.

Tá íomhánna curtha ar fáil ag an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a léiríonn an t-eolas faoi Choláiste Lú a bhíodh ar fáil ar na suíomhanna idirlín éagsúla go dtí le fíordhéanaí ach nach bhfuil ar fáil orthu faoi láthair.

Is i bpróifíl faoi Thomás Ó Searcaigh, príomhoide Choláiste Chú Chulainn atá ina chomhairleoir contae chomh maith, a bhí na tagairtí do Choláiste Lú ar an suíomh de chuid Shinn Féin i gcontae Lú.

Níl fáil ar an bpróifíl sin faoi láthair ar an suíomh ná níl Tomás Ó Searcaigh luaite ann faoi láthair i measc ionadaithe poiblí an pháirtí i gcontae Lú.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Shinn Féin faoin chúis nach bhfuil fáil ar phróifíl Uí Shearcaigh.

Níor éirigh linn teacht ar Thomás Ó Searcaigh féin.

Tá Gerry Adams, iaruachtarán Shinn Féin agus Teachta Dála de chuid an pháirtí i gcontae Lú, i measc na bpolaiteoirí a bhfuil tacaíocht léirithe acu do  thuismitheoirí agus do dhaltaí Choláiste Lú. Dúirt Adams chomh maith nár chóir ceist phearsanta a dhéanamh den scéal, ná aon iarracht a dhéanamh míchlú a tharraingt ar aon duine, príomhoide na scoile, Tomás Ó Searcaigh, san áireamh.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite, baineadh gach tagairt do ‘Coláiste Lú’ de shuíomh an LMETB.

Níl aon trácht anois ar ‘Choláiste Lú’,  d’aonad Gaeilge nó do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge sa chur síos a dhéantar ar Choláiste Chú Chulainn ar shuíomh an LMETB.

Tuairiscíodh ar an chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné go raibh ainm Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge, bainte chomh maith de shuíomh Choláiste Chú Chulainn agus de shuíomh Shinn Féin.

Tá Coláiste Lú, an t-aonad Gaeilge sa scoil, go mór i mbéal an phobail mar gheall ar aighneas faoin soláthar oideachais lán-Ghaeilge ann.

Ó thús na scoilbhliana seo tá níos lú ábhar á múineadh trí Ghaeilge do dhaltaí an aonaid agus iad curtha isteach i ranganna na ndaltaí atá á múineadh trí Bhéarla d’ábhair áirithe.

Deir an grúpa tuismitheoirí a bhfuil baint acu leis an aonad gurb amhlaidh go bhfuil Coláiste Lú “ar leaba á bháis” agus go bhfuil iarracht á déanamh “a ainm a scrios”.

Maíonn an LMETB agus údaráis na scoile gur easpa acmhainní agus múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu is cúis leis an athrú seo.

Cruinniú “teasaí” a bhí sa chéad chruinniú a bhí ag tuismitheoirí dhaltaí an aonaid le hionadaithe ón LMETB agus príomhoide an choláiste, Tomás Ó Searcaigh, an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Iarracht ar bun Coláiste Lú ‘a ghlanadh’ den saol agus é imithe ó thrí shuíomh idirlín'

  • Ocsamórón

    Comhbhréagnú focal is ea “Coláiste” a ghlaoch ar “Aonad”. Bíonn Coláistí ar suíomhanna faoi leith agus a neamhspleáchas fhéin acu. Fís atá sa teideal “Coláiste Lú”. Ba chóir do Gaeil Chontae Lúghaí an LMETB a chur faoi bhrú go dtí go mbeidh siad sásta Coláiste Lú a bhunú ar shuíomh neamhspleách.
    Is Gaelcholáiste a ba chóir a bheith á cur ar fáil ag an LMETB i gContae Lúghaí agus ní Aonad. Is mó dochar a dhéanann na hAonaid “Ghaeilge” ná sochar toisc go mbíonn brú an Bhéarla ó gach taobh iontu.