Imní nach mbeidh aon oideachas lán-Ghaeilge iarbhunscoile idir Baile Brigín agus Béal Feirste agus Coláiste Lú ‘i mbaol’

Deir Gaeloideachais gur dúnadh seacht gcinn d’aonaid Ghaeilge le fiche bliain anuas ‘de dheasca easpa tacaíochta’ ón Roinn Oideachais

Imní nach mbeidh aon oideachas lán-Ghaeilge iarbhunscoile idir Baile Brigín agus Béal Feirste agus Coláiste Lú ‘i mbaol’

Pictiúr: @CnaG/Twitter

Tá an baol ann go ndúnfar Coláiste Lú i bhfianaise aighneas faoin soláthar Gaeilge ann, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aon oideachas lán-Ghaeilge iarbhunscoile ar fáil idir Baile Brigín agus Béal Feirste.

Sin an imní atá ar lucht gaeloideachais agus easaontas idir lucht bainistíochta na scoile agus tuismitheoirí agus daltaí.

Reáchtáil tuismitheoirí agus daltaí de chuid Choláiste Lú i nDún Dealgan agóid ar maidin inniu chun a míshástacht a chur in iúl faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil.

Shiúil daltaí Choláiste Lú amach as an scoil i dteannta a gcuid tuismitheoirí ar maidin agus cuireadh picéad ar oifigí LMETB, Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar Shráid an tSéipéil i nDún Dealgan.

Aonad lán-Ghaeilge é Coláiste Lú a bhunaigh an LMETB in 2013. Tá foirgneamh agus áiseanna á roinnt ag an Choláiste le Coláiste Chú Chulainn, iarbhunscoil Bhéarla a bunaíodh ar an láthair chéanna faoi phátrúnacht an LMETB in 2014.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Breandán Mac Craith, urlabhraí Chomhairle Tuistí Choláiste Lú a d’eagraigh an agóid, go raibh tuismitheoirí fágtha “i bhfolús agus gan eolas ar bith ar fáil” maidir leis an soláthar oideachais trí Ghaeilge atá á chur ar fáil i gColáiste Lú.

“Tá sé dochreidte amach is amach go bhfuil seo ag tarlú. Is cosúil nach ann don tumoideachas sa scoil seachas roinnt ábhar a bheith á múineadh i nGaeilge agus culaith scoile dá gcuid féin a bheith ag daltaí Choláiste Lú.

“Roghnaigh muid Coláiste Lú chun go mbeadh tumoideachais Gaeilge á fháil ag na páistí suas go dtí an Ardteist agus tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil formhór na ranganna á múineadh i mBéarla.

Pictiúr: @CnaG/Twitter

“Tá iníon agamsa ag gabháil don Teastas Sóisearach agus tá gach ábhar déanta aici go dtí seo i nGaeilge. I mbliana, is cosúil nach mbeidh ach roinnt ábhar ar fáil i nGaeilge agus go mbeidh sí i mbun ranganna i mBéarla den chéad uair le daltaí Choláiste Chú Chulainn,” arsa Mac Craith.

Mhaígh sé go raibh “neamhaird iomlán” á déanamh ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí Choláiste Lú.

“Ag pointe ar bith ní dhearnadh teagmháil le tuismitheoirí chun míniú a thabhairt dúinn ar na hathruithe seo. Lorg muid cruinniú leis an scoil seachtain ó shin agus níor freagraíodh an t-iarratas sin go fóill,” a dúirt Breandán Mac Craith, urlabhraí Chomhairle na dTuistí i gColáiste Lú.

Cé go raibh ag éirí le Coláiste Lú soláthar iomlán tumoideachas a chur ar fáil dá gcuid daltaí sna blianta tosaigh, tháinig athrú mór ar an scéal sin anuraidh nuair a cuireadh an dá scoil isteach san aon fhoirgneamh amháin.

Dúirt Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas le Tuairisc.ie inniu gur eascair “roinnt mhaith” de dheacrachtaí an aonaid Ghaeilge i nDún Dealgan ón athrú suímh sin a tharla anuraidh.

“Tharla laghdú ar an tumoideachas a bhí ar siúl sa scoil nuair a cuireadh an dá scoil san aon fhoirgneamh amháin. Ní raibh an sóisialú céanna i gceist do na daltaí trí mheán na Gaeilge toisc iad a bheith i measc daltaí na máthairscoile agus ní raibh an réimse chéanna ábhar á cur ar fáil i nGaeilge,” ar sí. 

Pictiúr: @CnaG/Twitter

Dúirt Clare Spáinneach go raibh plé leanúnach idir grúpa tuismitheoirí Choláiste Lú, lucht bainistíochta na scoile agus an bord oideachais agus gur socraíodh beartais éagsúla ag na cruinnithe sin.

Ar na beartais ar thángthas ar shocrú aontaithe fúthu, bhí go mbeadh na croí-ábhair agus sciar de na hábhair roghnacha á dteagasc i nGaeilge, go mbeadh spás sóisialta dá gcuid féin ag na daltaí i gColáiste Lú agus go dtabharfaí aitheantas d’fhéiniúlacht an choláiste Gaeilge.

Ach is léir gur in olcas a chuaigh an scéal i dtús na scoilbhliana nua agus tuigtear gur fhág roinnt de na múinteoirí a bhíodh ag teagasc san aonad Gaeilge an scoil.

“Tá pobal scoile Choláiste Lú i mbun agóide inniu ar mhaithe le cearta teanga agus oideachais dóibh féin. Ní fios cad a bheas i ndán don scoil amach anseo.

“Tá muid an-bhuartha go ndúnfar Coláiste Lú má chinneann na daltaí agus na tuismitheoirí sin tarraingt siar go hiomlán ón scoil. Chiallódh sin nach mbeadh aon soláthar iarbhunscoile lán-Ghaeilge ar fáil don cheantar ó Bhaile Brigín go Béal Feirste.

“Is scoil é Coláiste Lú, atá beag go leor go fóill ach atá ag freastal ar réigiún ollmhór agus atá an-tábhachtach i gcomhthéacs an leanúnachais ón naíonra go bunscoil go hiarbhunscoil,” a dúirt Clare Spáinneach ó Ghaeloideachas.

Réiteach na faidhbe, dar leis an eagraíocht sin go mbronnfaí stádas mar scoil neamhspleách ar Choláiste Lú, cé gur diúltaíodh don iarratas ar a leithéid i mí Aibreán seo caite.

Dá bhfaigheadh an coláiste neamhspleáchas, a deir Clare Spáinneach, bheadh “na cearta céanna aige is a bheadh ag aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge”. Bheadh príomhoide agus bord bainistíochta dá chuid féin aige, agus “uaireanta teagaisc” dá chuid féin “seachas a bheith spleách ar mháthairscoil Bhéarla”.

I ráiteas a chuir Gaeloideachas amach faoin scéal tráthnóna dúradh go bhfuil 12 aonad lán-Ghaeilge eile ag feidhmiú faoi láthair in iarbhunscoileanna Béarla timpeall na tíre, agus go bhfuil siad ar fad chomh “leochaileach” céanna, toisc nach bhfuil polasaí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna “maidir le bunú agus buanú aonaid Ghaeilge”.

Dúradh i ráiteas Gaeloideachais  chomh maith gur dhún seacht gcinn d’aonaid Ghaeilge le fiche bliain anuas “de dheasca easpa tacaíochta cuí” ón Roinn.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Choláiste Chú Chulainn agus ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí faoin soláthar oideachais trí Ghaeilge i gColáiste Lú agus faoin agóid a reáchtáladh inniu.

Pictiúr: @CnaG/Twitter

Fág freagra ar 'Imní nach mbeidh aon oideachas lán-Ghaeilge iarbhunscoile idir Baile Brigín agus Béal Feirste agus Coláiste Lú ‘i mbaol’'

  • Mairéad

    Ni féidir éiteas LánGhaeilge a chothú ar an láthair céanna le scoil Bhéarla.

  • An Fiach Liath

    An Ghaeloideachas a bhíonn thíos le gach cás den gcomh-láithriú le gall-scoil. Oireann sé go bin do na gall-scoileanna toisc go mbaineann a gcuid daltaí siúd leas as an dteagmháil. Galldaíonn sé clós na scoile agus tugann sé an Bhéarla – atá ina teanga atá de facto doicheallach don nGaeilge .i. teanga forleathan v. teanga neamh-fhorleathan – céim eile chun tosaigh i ndíothú na Gaeilge agus an dúchais.
    I gcead do Bhrian:
    Is cúirt gan acht, gan reacht, gan riail
    Agus cúirt na gcreach mar a chleachtaíomar riamh
    An chúirt seo a ghluais ón rialtas chugainn
    Cúirt na drúch, na mbúch, ’s na ngall.