Cead ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, scrúdú cainte Gaeilge d’iarrthóirí

Dheimhnigh Aire Stáit nua na Gaeltachta Thomas Byrne nach mbeidh toghchán an Údaráis ar siúl mí an Mheithimh, ach gheall sé go raibh an ‘daonlathas ag teacht ar ais’ go dtí an Ghaeltacht

Cead ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, scrúdú cainte Gaeilge d’iarrthóirí

Beidh cead ag comhairleoirí contae a bheith ina n-iarrthóirí i dtoghchán Údarás na Gaeltachta.

Dheimhnigh Aire Stáit nua na Gaeltachta Thomas Byrne aréir nach mbeadh an toghchán ar siúl mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe ach gheall sé go raibh an “daonlathas ag teacht ar ais” go dtí an Ghaeltacht.

Dúradh roimhe seo nach mbeadh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall den Bhord, ach de réir leasuithe reachtaíochta a foilsíodh inné, beidh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán.

Tugadh le fios gur ar mhaithe leis an bpolaitíocht a ruaigeadh ó bhord an Údaráis a beartaíodh nach mbeadh cead ag ionadaithe tofa a bheith ina n-iarrthóirí.

De réir leasú eile a foilsíodh inné beidh ionadaíocht chomh maith ag comhairleoirí contae ar na trí  choiste réigiúnach a bheidh le bunú d’fhonn an nasc idir an bord agus pobal na Gaeltachta a láidriú.

De réir na leasuithe nua, cáilíocht sa Ghaeilge labhartha amháin a bheidh ag teastáil ó bhaill bhord na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Roimhe seo dúradh go gcaithfeadh gach comhalta boird caighdeán B2 ar a laghad a bheith acu “sa Ghaeilge” sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha [TEG], ach deirtear sna leasuithe gur B2 “sa Ghaeilge labhartha” amháin a bheidh ag teastáil.

Le linn an phlé faoin dréachtreachtaíocht i dTeach Laighean anuraidh, léiríodh imní go gcuirfeadh scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí toghcháin cainteoirí dúchais ó dhoras.

Níl aon rud ráite sna leasuithe faoi chothromaíocht inscne ar an mbord, an cheist is mó a luadh leis an moill ar an reachtaíocht.

Foilsíodh cinn leasaithe an bhille inné, ach tá an bille féin fós á dhréachtú.

Ag labhairt dó ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir, gheall Thomas Byrne, Aire Stáit na Gaeltachta, go dtabharfaí an toghchán ar ais.

“Ní bheidh an toghchán ar siúl i mí an Mheithimh, measaim gur eol do chách é sin, mar níl an reachtaíocht dréachtaithe fós.

“Tá cinn an bhille foilsithe inniu, ach tá níos mó oibre le déanamh. Ach tá mise ag iarraidh an reachtaíocht seo a chur tríd an Dáil, tríd an Seanad agus an reachtaíocht a chur i bhfeidhm roimh an samhradh, roimh bhriseadh an tsamhraidh.

“Tá sé sin an-thábhactach dom, tá an daonlathas ag teacht ar ais. Beidh toghcháin ansin, ach ní féidir iad a reáchtáil roimh mhí an Mheithimh.”

Dúirt Byrne go ndéanfadh sé “a dhícheall” an reachtaíocht a bhrostú tríd an Oireachtas.

De réir na leasuithe, má théann duine a thoghtar sa toghchán ar saoire reachtúil ón mbord – saoire mháithreachais, saoire atharthachta nó saoire uchtaíoch –  beidh cead ag an té sin duine a ainmniú ina háit nó ina áit.

Má bhíonn comhalta den Údarás atá i dteideal táillí boird as láthair ó chruinniú gan teastas dochtúra nó míniú eile, gearrfar a tháille. Má bhíonn comhalta as láthair do shé chruinniú i ndiaidh a chéile féadfaidh an Cathaoirleach  moladh a chur faoi bhráid an Aire faoi cé acu ar cheart nó nár cheart an duine sin a fhágáil ar an mbord.

Mar a chéile a bheidh struchtúr an bhoird leis an struchtúr a leagadh síos sna chéad leasuithe, a foilsíodh in 2022.

Bord 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird. Roimhe seo, baill roghnaithe a cheaptaí ina gCathaoirleach ach beidh cead ag baill tofa anois a bheith sa ról sin.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta arís aréir go raibh sé den tuairim go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Níl an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht aitheanta ag aon Aire Stáit Gaeltachta roimhe seo.

“Níl aon dabht ach go bhfuil an Ghaeilge chun leanúint ar aghaidh. Beidh an Ghaeilge againn. Tá a lán deacrachtaí sa Ghaeltacht ag daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Tá an fhreagracht againn féin, tá freagracht ag an Rialtas freisin chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh sin a dhéanamh.”

Dúirt sé gurb é an “rud is tábhachtaí” dar leis ná sprioc an Rialtais gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an státchóras faoi 2030.

“Leanfaidh a lán rudaí ó sin. Beidh níos mó daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, beidh an deis ag níos mó daoine an Ghaeilge a úsáid nuair atá na daoine ansin.”

Dúirt Byrne go raibh “géarchéim tithíochta” sa Ghaeltacht a bhaineann “le cúrsaí teanga freisin”.

Dúirt sé go bhfoilseofaí i gceann roinnt seachtainí na treorlínte pleanála nua don Ghaeltacht a gealladh ar dtús beagnach dhá bhliain go leith ó shin.

Dúirt an t-aire stáit go mbeadh sé “ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine maireachtáil sa Ghaeltacht agus clann a thógáil le Gaeilge” agus go raibh súil aige go gcabhródh na treoirlínte nua leis sin. Ba mhaith leis, a dúirt sé, go mbeadh ról níos mó ag Údarás na Gaeltachta i dtithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

“Nuair a thagann na hionadaithe tofa, beidh an-éileamh acu air sin,” a dúirt sé.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.

Faoin gcóras mar atá ainmníonn Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Fág freagra ar 'Cead ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, scrúdú cainte Gaeilge d’iarrthóirí'