Toghchán Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais in 2025, deichniúr ball le toghadh ag an bpobal

Ní bheidh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta ó 2025

Toghchán Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais in 2025, deichniúr ball le toghadh ag an bpobal

Tabharfar ar ais toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta chun deichniúr a thoghadh ar an mbord in 2025.

Bord 16 comhalta in áit 12 a bheidh ann an uair sin agus roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird.

Ní bheidh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall den Bhord.

Tabharfaidh an Rialtas reachtaíocht isteach an bhliain seo chugainn a thabharfaidh feidhm do na hathruithe ag tús 2025.

Beidh ionadaíocht bhuan ar an mbord ag gach contae Gaeltachta agus caithfidh Gaeilge ar a thoil a bheidh ag gach comhalta boird.

Beidh ar gach iarrthóir toghcháin caighdeán B2 ar a laghad a bheith acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha.

Ní bheidh cead ag aon chomhalta feasta ach dhá théarma a chaitheamh ar an mbord.

Bunófar Coistí Réigiúnacha chun an “nasc” idir an bord agus pobal na Gaeltachta “a threisiú”.

Dhá choiste réigiúnach a bheidh ann ceann ag plé le ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus na Mí agus an coiste eile ag plé le Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge. Cuirfidh na coistí comhairle ar an mbord faoi cheisteanna a bheidh “ag déanamh scime do phobail na Gaeltachta”.

Faoi láthair, mná iad 40%  agus fir iad 60% de chomhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta.

Iarrfar ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge “scrúdú a dhéanamh ar bhearta” chun cothromaíocht inscne a bhaint amach faoin bpróiseas nua.

Tá ceist thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain anuas

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an méid sin sa Dáil inné nuair a thug sé le fios go gceapfaí bord nua ar an eagraíocht Ghaeltachta mí Eanáir tríd an gcóras céanna atá ann faoi láthair.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.

Faoin gcóras mar atá ainmníonn Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

In agallamh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie anuraidh dúirt sé gurb é “a thuairim phearsanta” go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Agus fógra an lae inniu á dhéanamh aige, dúirt an tAire Stáit go raibhathrú suntasach tagtha le deich mbliana anuas ar chlár oibre an Údaráis” go háirithe mar gheall ar an bpróiseas pleanála teanga a bheith faoi chúram na heagraíochta.

“Le go mbeadh ionchur agus glór cuí ag gach pobal agus contae Gaeltachta, beidh bord níos mó ann feasta agus suíochán buan ag gach ceann de na contaetha Gaeltachta ar an mbord feasta– Gaeltacht Mhúscraí, na Mí agus na nDéise san áireamh.

“De thoradh na n-athruithe eile atá beartaithe, féachfar chuige chomh maith go dtoghfar iarrthóirí de bhunadh na gceantar Gaeltachta seachas iad a bheith ainmnithe ag na húdaráis áitiúla. Is céim mhór chun cinn é seo a chuireann bonn níos daonlathaí fós faoin gcaoi a cheaptar Bord an Údaráis.”

Mhaígh Chambers go gcabhródh na hathruithe “le glór níos láidre fós a thabhairt do phobail na Gaeltachta mar a bhaineann sé le obair an Údaráis thar ceann na bpobal sin”.

Dúirt an tAire sinsearach Catherine Martin go raibh “tábhacht faoi leith lena chinntiú go mbíonn nasc chomh láidir agus is féidir dó a bheith idir Bord an Údaráis agus pobal na Gaeltachta trí chéile”.

Dúirt sí chomh maith gur mhaith léi mná “a spreagadh le hainmniúcháin a lorg le bheith ceaptha ar bhoird stáit go ginearálta, agus ar bhord Údarás na Gaeltachta go háirithe”.

Fág freagra ar 'Toghchán Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais in 2025, deichniúr ball le toghadh ag an bpobal'

  • Liam

    Is maith an rud é go mbeidh guth buan ag Múscraí, na Déise agus muintir Ghaeltacht na Mí.