CÁS CHOLÁISTE LÚ: ‘Is mór an trua gur gá dul chun na sráideanna le bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint’

Tá agóid beartaithe amárach faoi chás an aonaid Ghaeilge Coláiste Lú i ndiaidh cruinniú ‘teasaí’ idir tuismitheoirí agus údaráis Choláiste Chú Chulainn

CÁS CHOLÁISTE LÚ: ‘Is mór an trua gur gá dul chun na sráideanna le bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint’

Is lú muinín ná riamh atá ag tuismitheoirí Choláiste Lú go dtiocfar ar réiteach ar an tsáinn maidir leis an aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan.

Tá Coláiste Lú, an t-aonad Gaeilge sa scoil, go mór i mbéal an phobail mar gheall ar aighneas faoin soláthar oideachais lán-Ghaeilge ann.

Dúradh le Tuairisc.ie gur cruinniú “teasaí” a bhí sa chéad chruinniú a bhí ag tuismitheoirí dhaltaí an aonaid le hionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, an LMETB, agus príomhoide an choláiste, Tomás Ó Searcaigh.

Eagraíodh an cruinniú sin tar éis don LMETB litir dlíodóra a fháil ag bagairt go dtabharfadh grúpa tuismitheoirí cás Ard-Chúirte in aghaidh an LMETB.

Míshástacht faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil is cúis leis an aighneas.

Shiúil daltaí Choláiste Lú amach as an scoil i dteannta a gcuid tuismitheoirí ag tús na míosa agus cuireadh picéad ar oifigí an bhoird oideachais.

Dúirt Aidan Kinsella, urlabhraí ó Chomhairle na dTuistí i gColáiste Lú le Tuairisc.ie tráthnóna nár tugadh “aon chomhartha” do na tuismitheoirí ag an chruinniú leis an LMETB go dtiocfadh feabhas ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge atá á chur ar fáil san aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn.

Dúirt sé gur thug an LMETB le fios don ghrúpa tuismitheoirí a bhí i láthair ag an chruinniú gur easpa múinteoirí le Gaeilge is cúis leis an titim mhór i líon na n-ábhar atá á dteagasc trí Ghaeilge san aonad. Dúradh go raibh iarrachtaí á ndéanamh tuilleadh  múinteoirí a earcú.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Aidan Kinsella nárbh léir do na tuismitheoirí go raibh “aon phlean cuimsitheach” ag an LMETB maidir le múinteoirí Gaeilge a earcú “taobh amuigh den ghnáthfhógraíocht” á dhéantar ar fholúntais.

Dúirt Kinsella nár tugadh aon mhíniú do thuismitheoirí ach oiread ag an chruinniú faoin chúis gur fhág múinteoirí le Gaeilge an scoil le linn an tsamhraidh.

Idir an dá linn, tá ceist ann faoi bhranda ‘Coláiste Lú’ agus gach tagairt don aonad bainte de shuíomh an LMETB. Níl aon trácht ar ‘Choláiste Lú’,  d’aonad Gaeilge nó do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge sa chur síos a dhéantar ar Choláiste Chú Chulainn ar shuíomh an LMETB.

Mhaígh Kinsella go raibh dochar á dhéanamh ag an bhord oideachais agus oiliúna d’iarrachtaí an gaeloideachas a chur chun cinn sa cheantar agus go raibh “scrios” á dhéanamh “ar ainm na scoile”.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí Chomhairle na dTuistí chomh maith go bhfuil titim mhór ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Choláiste Lú ó thús na bliana de bharr na conspóide faoin oideachas Gaeilge sa scoil.

Cheadaigh an tAire Oideachais dóthain acmhainní do 75 daltaí don aonad Gaeilge, ach meastar nach bhfuil ach 50 dalta anois ann. Tuigtear go bhfuil diúltaithe ag an Ghaelscoil sa cheantar moladh dá gcuid daltaí freastal ar Choláiste Lú.

Tá mórshiúl á reáchtáil amárach, Dé Sathairn, ag Conradh na Gaeilge agus lucht an ghaeloideachais i gCo. Lú agus a n-agóid ag tosú ag meán lae  i gCearnóg an Mhargaidh i nDún Dealgan.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le tuismitheoirí agus daltaí Choláiste Lú agus an feachtas seo ar bun chun tumoideachas lán-Ghaeilge a chinntiú sa scoil.

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, an scoil agus na húdaráis áitiúla oideachais na céimeanna cuí a ghlacadh chun an t-éileamh láithreach ar scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a shásamh, gan mhoill.

“Ní mór teacht a bheith láithreach ag na daltaí seo ar oideachas trí Ghaeilge agus ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe. Tá ardmholadh tuilte ag na daltaí agus ag na tuismitheoirí atá ag seasamh ar son chearta oideachais agus ar son chearta teanga sa chás seo agus beidh Conradh na Gaeilge ag tacú leo sna hiarrachtaí seo.”

Dúirt Aideen McCormick, tuismitheoir a bhfuil páistí aici ar Choláiste Lú: “Is mór an trua gur gá dúinn sa lá atá inniu ann dul chun sráideanna chun bunchearta oideachais agus bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint. Níl uainn ach an soláthar Gaeloideachais a gealladh dúinn nuair a chuir muid ár bpáistí go Coláiste Lú…

“Tá muid ag iarraidh ar údaráis na scoile, ar an Aire Oideachais agus ar na húdaráis oideachais eile sa cheantar theacht ar réiteach láithreach chun scolaíocht iomlán trí Ghaeilge a chinntiú arís i gColáiste Lú. Tá sé mar dhualgais ar na húdaráis seo ar fad feidhmiú go práinneach agus go héifeachtach chun réiteach sásúil agus láithreach a aimsiú.”

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

Fág freagra ar 'CÁS CHOLÁISTE LÚ: ‘Is mór an trua gur gá dul chun na sráideanna le bunchearta teanga ár bpáistí a chosaint’'