I gceantar ina mbíonn seanmhná ag siúl na promanáide a scríobhfar mo chuid alt feasta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: bíonn pointe féachana ag saothar ficsin, ach bíonn pointe féachana ag an údar, leis – agus mar a fuair ár gcolúnaí amach an tseachtain seo, is féidir leis é a chur dá threoir

I gceantar ina mbíonn seanmhná ag siúl na promanáide a scríobhfar mo chuid alt feasta

Mar a luaigh mé an tseachtain seo caite ní haon dóithín é bheith ag iarraidh a bheith ag scríobh agus tú ag bogadh tí. Fuair mé amach ó shin nach aon dóithín é ach oiread peann a chur le páipéar sna laethanta díreach tar éis do dhuine bogadh.

Seachtain atá caite agam i m’árasán nua anois agus tá mé rud beag caillte i mo theach féin go fóill. Gach uair a théim isteach sa leithreas, téann mo mhéara ar strae ar an mballa ar thaobh na láimhe clé, mar a mbíodh cnaipe an tsolais i mo shean-árasán.

Tá mo chuid leabhar ar na seilfeanna. Tá spás scríbhneoireachta socraithe agam. Den chéad uair le coicís anuas tá am dom féin agam, fiú amháin. D’fhéadfainn peann a chur le páipéar dá mba mhian liom – ach níl fonn ar bith orm, agus ní hiad an strus agus an tuirse a bhaineann le bheith ag bogadh tí amháin is cúis leis sin.

Bíonn pointe féachana ag chuile shaothar ficsin. Insítear úrscéalta agus gearrscéalta sa chéad, sa tríú, nó (go hannamh, ar ámharaí an tsaoil) sa dara pearsa.

Bíonn pointe féachana ag an údar féin, leis. Go hiondúil, is éard a bhíonn i gceist nuair a bhítear ag trácht ar ‘phointe féachana an údair’ ná tuairim ar nós: ‘is léir gur fear bán meánaosta a scríobh an scéal sin’, nó ‘d’fhág a hóige ar oileán Antigua agus imirce go Meiriceá in aois a 17 lorg láidir ar shaothar Jamaica Kincaid’.

Ach ar ndóigh, tá brí i bhfad níos litriúla le ‘pointe féachana an údair’, leis. An áit a mbíonn a chathaoir agus a dheasc – sin é pointe féachana an scríbhneora: an áit óna mbreathnaíonn sé ar an domhan, agus ar an saol.

Níl ceithre chiliméadar féin idir an t-árasán gar do lár chathair Salvador, sa Bhrasaíl, a d’fhág mé i mo dhiaidh an tseachtain seo caite agus an t-árasán ina bhfuil cónaí orm anois, sa chathair chéanna ach buailte ar an bhfarraige – ach tá mo chompás inmheánach curtha dá threoir.

Ag breathnú siar (‘i dtreo an iarthair’ atá i gceist agam, ní ‘siar san am’) atá mé agus an t-alt seo á scríobh agam – seachas soir, mar a bhínn le nach mór trí bliana déag anuas. Áiteanna sa chathair agus sa domhan a bhíodh os mo chomhair amach, tá siad ar mo chúl anois; tá a mbíodh ar thaobh mo láimhe clé anois ar thaobh mó láimhe deise. Creid é nó ná creid ach tá iarracht den tinneas farraige orm.

Ach tá níos mó i gceist ná sin. Cuid dár bhféiniúlacht an áit a bhfuil cónaí orainn (fiú murar as an áit sin ó dhúchas muid.) Le trí bliana déag anuas, bhí cónaí orm i gceantar de chuid na híseal-mheánaicme. Bhí cónaí orm i measc múinteoirí, tiománaithe tacsaí, oibrithe siopa. Ceantar de chuid na meánaicme atá sa cheantar ina bhfuil cónaí orm anois agus tá an chosúlacht air go bhfuil formhór mór mo chuid comharsan in aois an phinsin (agus go bhfuil pinsean maith acu lena chois.)

Ní airím uaim an síorghleo sa cheantar ina mbíodh cónaí orm go dtí le gairid – an fear a bhíonn ag ní carranna ag maslú an ghruaigeadóra sráide in ard a ghlóir, an karaoke go dtí a trí a chlog ar maidin sa bheár béal dorais – ach airím uaim an dlúthcheangal síceolaíoch a mhothaigh mé leis an áit.

Ní i gceantar glórach de chuid an lucht oibre ach i gceantar ina mbíonn seanmhná ag siúl ar an bpromanáid lena gcuid púdal a scríobhfar pé leabhar, alt nó colún a scríobhfaidh Alex Hijmans feasta.

Ach cén dochar, bhí cónaí ar Clarice Lispector i gceantar i gcathair Rio de Janeiro a bhí breac le púdail freisin. Agus ní hé nach mbíodh tóir ag aos dána Salvador riamh anall ar an gceantar ina bhfuil cónaí orm anois: deirtear liom go mbíodh cónaí ar dhuine de mhórchumadóirí amhrán na Brasaíle, Caetano Veloso, i dteach ar an taobh eile den tsráid.

An lá cheana, in iarracht dul i ngleic leis an mearbhall tíreolaíoch a bhí orm, chuaigh mé ag spraoi leis an gcompás ar mo ghuthán póca. Is iontach an gléas é sin: ní hamháin go dtaispeánann sé duit cén áit go díreach a bhfuil tú féin agus cá háit a bhfuil thuaidh, thoir, theas agus thiar, ach taispeánann sé céard atá ar an taobh eile den fharraige.

Ón áit a bhfuil mé i mo shuí anois, ar bhalcóin an árasáin nua, tá mé ag breathnú i dtreo an Mhoil Theas, caol díreach idir an tSeoirsia Theas agus Oileáin Fháclainne (nó Las Malvinas, más fearr leat.) Má chlaonaim mo cheann oiread na fríde i dtreo na láimhe deise, tá cósta thoir theas na Brasaíle romham. Má théim amach ar an tsráid agus má chlaonaim mo cheann i dtreo na láimhe clé, tá Kaapstad na Afraice Theas ar dtús, ansin Windhoek na Namaibe, Benguela agus Luanda in Angóla, agus ar deireadh Libreville sa Ghabúin romham; ceileann an rinn ar a bhfuil teach solais Itapuã, taobh ó thuaidh de chathair Salvador, an chuid eile de chósta na hAfraice orm.

Sin é an áit a bhfuil mé anois; sin é pointe féachana an údair seo feasta.

Fág freagra ar 'I gceantar ina mbíonn seanmhná ag siúl na promanáide a scríobhfar mo chuid alt feasta'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go n-éirí leat, a Alex!

  • alan titley

    Nach aoibhinn é!

  • JP

    Cuirfidh an fharraige cluain ort diaidh ar ndiaidh.

  • Pádraic

    Go n-éirí go geal leat san árasán nua! Táim cinnte go dtabharfaidh an áit nua neart inspioráide duit.

  • Gearoid

    A Alex, mile buíochas as an alt seo. Chaith mé tréimhse sa chathair Salvador blianta ó shin agus chuir an cuntas áilleacht agus atmaisféar álainn na cathrach sin i gcuimhne dom.