Caibidil nua in árasán nua

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is beag rud ar an saol seo a chuireann as chomh mór sin don scríbhneoireacht agus bogadh tí, mar a fuair ár gcolúnaí amach idir dhá Nollaig

Caibidil nua in árasán nua

Gan choinne, tá mé ag bogadh tí.

Ní raibh aon phlean agam bogadh.

Tá cónaí orm le nach mór 13 bliain anuas in árasán i gceantar de chuid na híseal-mheánaicme gar do lár chathair Salvador, sa Bhrasaíl, agus (callán na gcomharsan as an áireamh) tá mé sásta go maith ann.

Ach díreach roimh an Nollaig fuair mé tairiscint nach bhféadfainn diúltú di: árasán ar cóimhéid leis an gceann ina bhfuil cónaí orm faoi láthair – ach fiche (20!) méadar ón bhfarraige, agus i gceantar i bhfad níos ciúine.

Cara liom (úinéir an ionaid aclaíochta a mbím i mbun na meáchan ann le blianta fada) is ea úinéir an árasáin nua agus ba bheag nár impigh sé orm an t-árasán a thógáil ar cíos. Tá sé féin ina chónaí béal dorais.

Bhí an chuid eile de mo chairde ag impí orm an t-árasán a thógáil ar cíos freisin: áit le héadaí a athrú ann agus cith a thógáil buailte ar an trá, nach mbeadh sé sin áisiúil?

Ach bhí mé féin idir dhá chomhairle.

Ní hé go raibh mé dall ar na buntáistí ar fad a bhainfeadh leis an áit nua.

Ach tá an-chion agam ar an dá spás scríbhneoireachta atá agam san árasán ina bhfuil mé faoi láthair (ceann amháin don cholúnaíocht agus ceann eile don scríbhneoireacht chruthaitheach.) San árasán seo a scríobh mé mórchuid na scéalta sa chnuasach Gonta, an leabhar grianghraf Splancanna ó Shaol Eile, an t-úrscéal An Tearmann, an cnuasach gearrscéalta Idir dhá Thír, agus úrscéal i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, a chríochnaigh mé le gairid.

Tá cuimhní liteartha ag baint leis an seanárasán. Agus an éireodh liom spásanna scríbhneoireachta ar aon dul leis na cinn atá agam anseo a chruthú dom féin san áit nua?

Ach bhí an fharraige do mo mhealladh.

Leabhar a scríobh i leaba luascáin ar an mbalcóin fhairsing úd gan de thrup i mo chluasa ach búireach na dtonnta – nár bhreá sin?

Rinne mé mo mhargadh le mo chara, an t-úinéir, agus thosaigh ag cur mo chuid stuif i mboscaí. B’éigean dom ord agus eagar a chur faoi dheireadh ar an gcartlann a bhí faoi chaibidil agam sa cholún seo le gairid; ní thabharfaidh mé liom ach na leabhair nótaí ina bhfuil chéad dréachtaí mo chuid saothar. B’éigean dom ord agus eagar a chur ar mo leabhragán freisin. Bhronn mé leabhair nach bhfuil suim agam iontu a thuilleadh ar chairde agus d’fhág cuid eile i leabharlann bhabhtála.

Agus thug mé suntas, a luaithe is a bhí an cinneadh déanta agam bogadh, d’fheiniméan síceolaíoch aisteach: ar an bpointe boise, stop mo shamhlaíocht ag obair.

An colún seo as an áireamh, níor chuir mé peann le páipéar ó shin. Is beag rud ar an saol seo a chothaíonn oiread struis agus bogadh tí, agus thuig an chuid sin díom a bhíonn de shíor ag cumadh scéalta agus ag cur snas ar abairtí nárbh fhiú tabhairt faoi thada go dtí go mbeidh gach rud san áit cheart san árasán nua.

Fág freagra ar 'Caibidil nua in árasán nua'

  • alan titley

    Athrú ríomhaire a chuireann as domsa, agus an baol go gcaillfidh tú seoda (dar leat) atá i bhfolach ann leis na blianta san aistriú. Ach teach cois farraige mar sin! Cúis éada go dearfa!