Gradam CLG buaite ag físeán Na Gaeil Óga

Ba é Seán T. Ó Meallaigh a rinne an físeán a bhfuil ‘Gradam na Gaeilge’ buaite aige mar chuid de Ghradaim MacNamee 2019

Gradam CLG buaite ag físeán Na Gaeil Óga

Tá Gradam MacNamee Chumann Lúthchleas Gael buaite ag cumann lán-Ghaeilge na hardchathrach, Na Gaeil Óga.

Fógraíodh buaiteoirí na ngradam tráthnóna agus roghnaíodh físeán na Gaeil Óga do ‘Gradam na Gaeilge’.

Ba é Seán T. Ó Meallaigh, atá ina bhall den chumann, a chuir an físeán le chéile, físeán ina dtugtar léargas ar iarrachtaí na foirne an 15ú cluiche sraithe as a chéile a bhuachan ag deireadh 2018.

D’éirigh leo an cluiche sin a bhuachan agus ardú céime a fháil sa tsraith den tríú bliain as a chéile agus den séú huair le seacht mbliana anuas.

“Sampla iontach é seo den iriseoireacht nua-aimseartha, a thugann blaisín beag dúinn den teannas, den díocas, den uaillmhian, den thuas seal agus den thíos seal a bhaineann le foirne agus iad páirteach i gcluichí móra,” a dúirt ráiteas CLG ag fógairt na mbuaiteoirí.

“Feiceann muid cumhacht ‘an chlub’ san fhíseán seo agus léirítear dúinn go mbíonn i bhfad níos mó i gceist le clubanna ná foirne spóirt. Is ‘clann’ iad Na Gaeil Óga agus tagann sé sin trasna san fhíseán iontach seo a dhéanann ceiliúradh ar éachtaí Na Gaeil Óga in 2018.”

Bronnfaidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, John Horan, na gradaim ar na buaiteoirí ag searmanas bronnta i bPáirc an Chrócaigh oíche amárach.

Fág freagra ar 'Gradam CLG buaite ag físeán Na Gaeil Óga'