Glactha ag páirtithe parlaiminte FF, FG agus na nGlasach le margadh comhrialtais

Cuirfear an clár faoi bhráid bhaill na bpáirtithe anois agus má ghlacann siadsan leis bunófar comhrialtas nua idir deargnaimhde an Chogaidh Chathartha agus an Comhaontas Glas

Glactha ag páirtithe parlaiminte FF, FG agus na nGlasach le margadh comhrialtais

Tá glactha ag páirtithe parlaiminte Fhine Gael, Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais leis an gclár rialtais nua.

Cuirfear an clár faoi bhráid bhaill na bpáirtithe anois agus má ghlacann siadsan leis bunófar an comhrialtas nua.

Vótáil naonúr den 12 Teachta Dála atá ag gComhaontas Glas ar son an mhargaidh, ina measc leascheannaire an pháirtí, Catherine Martin. Staon an triúr eile – Neasa Hourigan, Patrick Costello and Francis Noel Duffy.

Fógrófar torthaí vóta bhaill na bpáirtithe ar an lá céanna, Dé hAoine an 26 Meitheamh.

Dá nglacfaí leis an margadh an uair sin, thoghfaí Taoiseach nua Dé Sathairn an 27 Meitheamh nó Dé Luain an 29 Meitheamh san Ionad Náisiúnta Comhdhála.

Má thugann cosmhuintir na bpáirtithe a mbeannacht don cháipéis d’fhágfadh sé go mbeadh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Bheadh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas dul i mbun rialtais, ach sula dtarlóidh sin caithfidh dhá thrian de bhaill an pháirtí vótáil ar son dul i gcumhacht arís.

Meastar gurb é sin an chonstaic is mó atá fágtha roimh bhunú an rialtais nua, cé go bhfuil feachtas darb ainm Fairer Future bunaithe chomh maith laistigh d’Fhianna Fáil chun cur i gcoinne an mhargaidh.

Gach a bhfuil sa chlár rialtais nua faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta…

Ba é iar-leascheannaire Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív an chéad bhall sinsearach as aon cheann den trí pháirtí nuair a thug sé le fios don suíomh seo gur chóir cur i gcoinne an mhargaidh.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach gcaillfeadh an páirtí a chuid “féiniúlachta” de thoradh an mhargaidh agus gur “ócáid stairiúil” a bheadh ann.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur dóigh leis gur rialtas seasmhach a bheadh ann a mhairfeadh cúig bliana. Dúirt an Taoiseach gurbh ionann an tríú seal a bheith ag Fine Gael i mbun rialtais agus an ‘dara seans’ a bheith faighte acu. D’fhéadfaí, ar sé, cuid de na fadhbanna nár éirigh leo iad a leigheas a chur ina gceart.

cuid mhaith de bhunéilimh an Chomhaontais Ghlais sa cháipéis rud a dhéanfaidh cúrsaí níos fusa d’Eamon Ryan, tabhairt ar na baill glacadh leis.

Má fhaigheann an cháipéis beannacht chosmhuintir na bpáirtithe, bheadh Micheál Martin ina Thaoiseach go dtí an 15 Nollaig 2022 agus seal Leo Varadkar a bheadh ann ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Glactha ag páirtithe parlaiminte FF, FG agus na nGlasach le margadh comhrialtais'