‘Níl sa chlár rialtais ach an gnáth-soft soap faoin nGaeilge agus ba chóir vótáil ina choinne ’ – Éamon Ó Cuív

Deir an t-iar-aire Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur chóir d’aon duine sa pháirtí sin ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht vótáil i gcoinne an chláir rialtais nua

‘Níl sa chlár rialtais ach an gnáth-soft soap faoin nGaeilge agus ba chóir vótáil ina choinne ’ – Éamon Ó Cuív

Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur chóir d’aon duine sa pháirtí sin ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht vótáil i gcoinne an chláir rialtais nua.

Is é an t-iar-aire Gaeltachta an duine is sinsearaí i bhFianna Fáil a thug le fios go dtí seo nach mbeadh sé ag tacú leis an dréachtchlár rialtais ar thug Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan a mbeannacht dó ar maidin.

Tá a chuid amhrais curtha in iúl cheana ag Ó Cuív faoin bplean comhrialtas a bhunú le Fine Gael agus faoin treo atá Fianna Fáil ag dul le tamall de bhlianta anuas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Ó Cuív, a raibh a sheanathair Éamon de Valera ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil, nár cheart d’aon duine ar spéis leo a bhfuil i ndán don teanga ná don Ghaeltacht tacú leis an gclár rialtais nua.

“Éinne ar spéis leo an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin, ba cheart dóibh vótáil ina aghaidh,” ar sé.

Rinne Ó Cuív cáineadh láidir ar a laghad sonraí atá sa cháipéis faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Is cosúil nach bhfuil ann ach dinnéar atéite. Níl aon rud cinnte ann, ráitis gan bhrí agus gealltanais a rinneadh cheana sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, straitéis nár cuireadh i bhfeidhm le 10 mbliana anuas.

“Gealladh cheana go ndéanfaí an Bille Teanga a láidriú, go dtógfaí lárionaid Ghaeilge. Níl tada ann don Ghaeltacht, ná níl aon tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Níl aon rud ann seachas an gnáth-soft soap.

“Níl ann ach dea-bhriathra, gan aon ghníomh cinnte molta. Níl ann ach an gnáthmholadh a fhaigheann Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta ach gan aon ghníomh dearfach ná an maoiniú  a theastódh le haon rud a chur i gcrích.”

Idir an dá linn, tá ráite ag Conradh na Gaeilge gur geallúintí “in aisce” a bheadh sna beartais a luaitear ó thaobh na teanga sa chlár rialtais mura mbíonn Aire Sinsearach sa rialtas agus dóthain maoinithe ag Údarás  na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta chun iad a chur i bhfeidhm.

Cé gur chuir an eagraíocht teanga “fáilte ar leith” roimh gheallúintí áirithe sa chlár rialtais faoin nGaeilge, dúradh go raibh an cháipéis gann ar shonraí faoi mhaoiniú.

“Má tá an Rialtas nua seo dáiríre faoi na beartais seo a chur i bhfeidhm ar leibhéal a dhéanfaidh difear don teanga agus don phobal, caithfear maoiniú breise a sholáthar agus aitheantas Aire Shinsearaigh a chinntiú mar bhunchloch leis an Chlár Rialtais seo. Sin a bheas á lorg ag Conradh na Gaeilge sna laethanta atá amach romhainn,” arsa Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh cás na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge cheana “nach leor beartais gan an tacaíocht airgeadais”. Dúirt de Spáinn gur chóir do na páirtithe seasamh lena ngealltanais réamhthoghcháin.

“Baineann an próiseas stocaireachta seo le muinín agus le dea-thoil. Nuair a thugtar gealltanais, bímis ag súil leis go gcomhlíonfar iad.

“Tá muid i dteagmháil leanúnach anois le hurlabhraithe na bpáirtithe faoi cheist na teanga agus tá súil againn gur féidir linn an tacaíocht chuí a fháil ó na páirtithe chun toradh níos fiúntaí a chinntiú,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Níl sa chlár rialtais ach an gnáth-soft soap faoin nGaeilge agus ba chóir vótáil ina choinne ’ – Éamon Ó Cuív'

  • Bríd

    Go bhfóire Dia ar ár dteanga más ag brath ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá sí. Cur i gcéill & cur amú airgid stáit ag dream gur neamhshuim dóibh an teanga.