Gach a bhfuil sa chlár rialtais nua faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta…

Maítear in Our Shared Future, an dréachtchlár rialtais nua, go bhfuil ‘fís’ ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas d’Éirinn mar áit ina ndéantar an Ghaeilge ‘a chothú agus a chur chun cinn’

Gach a bhfuil sa chlár rialtais nua faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta…

Maítear i réamhrá an chláir nua rialtais, Our Shared Future, go bhfuil “fís” sa cháipéis d’Éirinn mar áit ina ndéantar an Ghaeilge “a chothú agus a chur chun cinn”.

“This Programme outlines a vision of an Ireland for all ages where arts and culture thrives, the Irish language is nurtured and developed, and sport inspires us to healthier and better lives,”  a deirtear.

Gealltar chomh maith go n-aithneodh an rialtas nua tábhacht na Gaeilge “as the first language of the State, as a living language, and as vital component of the heritage of this island”.

Deirtear go bhfuil Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas meáite ar chur leis an “visibility of our native language, but also its daily use in the community”.

Déantar tagairt chomh maith sa cháipéis don chainteoir dúchais agus don fhoghlaimeoir.

“We want first-language Irish speakers to feel empowered as active citizens and for those without fluency to feel confident enough to use Irish on a regular basis in everyday life, in the workplace and in the community,” a deirtear.

Maidir leis na sonraí faoi céard go díreach a dhéanfadh an rialtas nua ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, deirtear go gcuirfear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Plean Gnímh do Ghaeilge 2010-2030 i bhfeidhm.

Dhéanfaí Acht na dTeangacha Oifigiúila a leasú agus a láidriú faoi dheireadh na bliana seo.

Ar na geallúintí eile atá ann i dtaobh na Gaeilge:

  • Deirtear go bhforbrófaí ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre, polasaí atá luaite cheana i Project 2040
  • Maítear go gcabhrófaí leis an nGaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht agus i measc an aosa óig trí ardáin a fhorbairt dóibh ar TG4, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Raidió Rí-Rá
  • Deirtear go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn in áiteanna oibre agus sóisialta le cúnamh Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Bheadh feachtas náisiúnta sna meáin mar chuid den obair seo.
  • Deirtear go ndéanfaí an scéim ‘Teanga Tí’, scéim de chuid Ghlór na nGael,  a leathnú agus bhreathnófaí ar scéimeanna dá leithéid a thabhairt isteach ar fud na tíre
  • Gealltar go mbeadh an rialtas nua tiomanta do chosaint agus do chaomhnú na Gaeltachta le cinntiú go mbeadh sí ‘mar chroílár na teanga beo’

Tá roinnt geallúintí sa cháipéis 139 leathanach faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

Deirtear go ndéanfaí athbhreithniú leanúnach ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge sna scoileanna agus go gcuirfear béim níos mó ar an nGaeilge labhartha sa seomra ranga.

Gealltar chomh maith go ndéanfar líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana, polasaí a fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Thabharfaí isteach ‘polasaí cuimsitheach’ don oideachas Gaeilge ón réamhscoil go dtí na coláistí oiliúna.

Chuirfí tacaíocht bhreise ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Deirtear go gcuirfí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil san áit a bhfuil ‘éileamh láidir’ ar a leithéid agus go mbunófaí Ciste Barr Feabhais don Oideachas Gaeilge.

Leagfaí dualgas ar an gComhairle Náisúnta Curaclaim agus Measúnachta cúrsa gearr i léann na hÉireann a fhorbairt don Teastas Sóisearach.

Luaitear chomh maith scéim ina mbeadh an Ghaeilge á teagasc tríd an gcorpoideachais i ngach bunscoil sa tír, scéim ar cuireadh tús léi ar bhonn piolótach anuraidh.

Gealltar sa dréachtchlár rialtais chomh maith go dtógfaí ionaid Ghaeilge ar fud na tíre, geallúint a tugadh dhá bhliain ó shin in Project Ireland 2040, cé gur beag dul chun cinn atá déanta ina taobh ó shin.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, deirtear:

  • Go dtacófaí leis an eagraíocht fiontraíochta ó thaobh cruthú fostaíochta agus ó thaobh na pleanála teanga trí ‘dóthain maoinithe’ a chur ar fáil di
  • Go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis na toghcháin do Bhord an Údaráis
  • Go dtacófaí leis an mbranda ‘Gaeltacht na hÉireann’

Deirtear sa cháipéis go dtacófaí le TG4, Raidió na Gaeltachta agus ‘ardáin’ eile agus go dtabharfaí aitheantas do ‘ról’ na Gaeilge sa chraoltóireacht seirbhís phoiblí agus san athstruchtúrú atá á dhéanamh ag RTÉ mar gheall ‘ar na hathruithe ar shaol na meán’.

Fág freagra ar 'Gach a bhfuil sa chlár rialtais nua faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Díomá an mhór orm leis an gclár rialtais, chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeltacht. Cuid mhaith den cheart ag Éamon Ó Cuív. Briathra gan substaint ná spriocanna. ‘Aithbhreithniú’ ar an gcóras faoina roghnaítear Bord an Údaráis seachas seasamh leis an geallúint solúnta a thug Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, i litir a chuir sé ag Cumann Forbartha Chois Fharraige roimh an toghchán ina dúradh go ndéanfadh Fianna Fáil toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais, dá mbeadh an páirtí sa rialtas. Cá sheasann an gheallúint sin anois?

  • Pól Ó Braoin

    Agus ma chreideann tú sifleáil bhladair na fuarchúise maidir le cur chun cinn ár dteanga ón dream ceanann céanna a bhfuil muid faoina gcois acu le suas le deich mbliana is na ceithre fichid, bhuel creidfidh tú a gcuid geallúintí eile, muis…