€13 milliún d’ionaid Ghaeilge agus €33 milliún do bheartais Ghaeltachta

Tá sonraí breise tugtha ag an Rialtas faoin airgead atá geallta acu faoi Project Ireland 2040 don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin

Pictiúr: Twitter/@merrionstreet

Tá tuilleadh eolais tugtha ag an Rialtas ar maidin faoin airgead atá geallta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi Project Ireland 2040.

Gealltar €178 milliún as seo go ceann deich mbliana don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Phlean Forbartha Náisiúnta a seoladh i Sligeach mí Feabhra.

Fógraíodh na sonraí breise faoin infheistíocht sin ag fóram i nDánlann Náisiúnta na hÉireann a d’oscail an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan ar maidin. Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i láthair ag an ócáid chomh maith.

Fógraíodh inniu go gcaithfear €13 milliún den €178 milliún atá luaite le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán ar lárionad Gaeilge nua a bhunú i mBaile Átha Cliath agus ar ionaid Ghaeilge a fhorbairt sna 16 baile atá aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus i gceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge. €4 milliún atá curtha ar leataobh sa phlean don lárionad nua i mBaile Átha Cliath.

Dúradh  go mbainfidh €33 milliún den €178 milliún a chaithfear as seo go ceann deich mbliana le “gníomhartha a bhfuil mar aidhm leo tacú leis an bPróiseas Pleanála Teanga Gaeltachta”, ag áireamh athchóiriú ar choláistí samhraidh, seirbhísí réamhscoile Gaeltachta agus oifigí nua comharchumainn agus pobail.

€27 milliún atá geallta chun feabhas a chur “ar bhonneagar muirí” Inis Oírr, Inis Meáin agus Oileán Thoraí.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “cúis dhóchais” é go bhfuil an Rialtas “ag léiriú tacaíochta do chothú agus do chaomhnú na teanga” go háirithe sa Ghaeltacht. Dúirt sé go raibh Conradh na Gaeilge ag súil le soiléiriú a fháil “maidir leis an líne ama a bhaineann leis na geallúntais phleanála seo”.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “moladh tuillte” ag na grúpaí ar fad a rinne “stocaireacht ar an ábhar seo” agus ag an Rialtas agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta “as éisteacht leo”. 

Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí an fhreasúra ar an leibhéal maoinithe atá geallta ag an Rialtas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa phlean forbartha náisiúnta. Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív i leith an Aire Stáit Joe McHugh sa Dáil le déanaí go mbíonn sé ag déanamh “gaisce” as an maoiniú caipitil a chuirtear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach gurb é fírinne an scéil go raibh an caiteachas sin tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún in 2018. 

Mhaígh Ó Cuív go raibh an scéal amhlaidh in ainneoin go raibh mórán an méid chéanna caiteachais caipitil – €62 billiún – á dhéanamh ag an Rialtas i mbliana is a bhí á dhéanamh in 2008 agus nach raibh ach €78 milliún, thar thréimhse deich mbliana, d’airgead nua i gceist dáiríre leis an maoiniú atá geallta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh inniu go gcuirfeadh an maoiniú atá geallta  Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027 ar chumas an Rialtais “fíordhifear a dhéanamh do phobail Ghaeilge agus do líonraí Gaeilge laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di agus dóibh sin atá ar na hoileáin”. 

Dúirt sé go dtabharfaí tús áite d’infheistíocht “a chabhródh leis na pobail sin a chothú”  agus go mbeifí “ag cruthú deiseanna do níos mó daoine ar fud na tíre baint a bheith acu leis an nGaeilge”.

Dúirt an tAire Josepha Madigan go raibh “ríméad” uirthi “plean stairiúil infheistíochta caipitil inár gcultúr, inár dteanga agus inár n-oidhreacht” a sheoladh.

Ag labhairt dó ag ócáid an lae inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go saibhríonn an cultúr agus an Ghaeilge an saol.

“Cultúr, ceol agus ealaín na hÉireann agus an Ghaeilge, is iad sin an chéad léargas a fhaigheann an domhan mór orainn. Is gné lárnach iad den dea-íomhá atá ag daoine dínn agus den dea-cháil atá orainn ar fud an domhain. Saibhríonn an cultúr agus an chruthaitheacht ár saol; is cuid shuntasach dár ngeilleagar iad,” a dúirt an Taoiseach.

I measc na dtograí nua i ‘Project Ireland 2040’, tá ionad Gaeilge agus cultúrtha i lár chathair Bhaile Átha Cliath a mhaítear a chuirfidh le fás phobal na Gaeilge san ardchathair. Gealltar chomh maith go n-ardófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta de réir a chéile go dtí €12 milliún. Maítear go gcuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis 400 post nua in aghaidh na bliana a chruthú i dtús thréimhse an phlean agus go n-ardófaí an sprioc sin go dtí 1,000 post sa bhliain ina dhiaidh sin.

€1.2 billiún ar fad atá geallta do chúrsaí cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta in Project Ireland 2040.

Fág freagra ar '€13 milliún d’ionaid Ghaeilge agus €33 milliún do bheartais Ghaeltachta'