Varadkar, Martin agus Ryan ar tí margadh stairiúil comhrialtais a dhéanamh

Thug ceannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais le fios aréir gur dócha go dtabharfaidís a mbeannacht don mhargadh rialtais maidin inniu

Varadkar, Martin agus Ryan ar tí margadh stairiúil comhrialtais a dhéanamh

Tá ceannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais ar tí margadh stairiúil comhrialtais a dhéanamh agus dréachtchlár rialtais a aontú.

Bhí Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan i mbun idirbheartaíochta i gcaitheamh an lae inné faoin dréachtchlár a d’aontaigh lucht idirbheartaíochta an pháirtí.

Tá formhór na cáipéise aontaithe cheana féin ag na ceannairí ach tá an fhoclaíocht le haontú fós faoi roinnt ceisteanna, amhail aois an phinsin agus cúrsaí cánach. 

Dúirt ceannairí na bpáirtithe aréir go raibh siad muiníneach go n-éireodh leo margadh a dhéanamh inniu. Bhí cruinniú ag páirtí parlaiminte an Chomhaontais Ghlais aréir chun an cháipéis a phlé ach inniu atá sé i gceist acu cinneadh a dhéanamh fúithi. 

Tá sé i gceist ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael cruinnithe a bheith acu inniu chomh maith chun an cháipéis a phlé. Údar iontais a bheadh ann mura nglacfadh na páirtithe parlaiminte leis an dréachtchlár rialtais.

Má thugann cosmhuintir na bpáirtithe a mbeannacht don cháipéis ina dhiaidh sin d’fhágfadh sé go mbeadh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Bheadh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas dul i mbun rialtais, ach sula dtarlóidh sin caithfidh dhá thrian de bhaill an pháirtí vótáil ar son dul i gcumhacht arís.

Meastar gurb é sin an chonstaic is mó atá fágtha roimh bhunú an rialtais nua. 

Ach breis agus ceithre mhí ó chaith an pobal a vóta in Olltoghchán 2020, tá dóchas i measc na gceannairí – Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan – go n-éireoidh leo a chur ina luí ar chosmhuintir na bpáirtithe glacadh leis an margadh.

Tá cuid mhaith de bhunéilimh an Chomhaontais Ghlais sa cháipéis rud a dhéanfaidh cúrsaí níos fusa d’Eamon Ryan, tabhairt ar na baill glacadh leis.

Deirtear sa cháipéis, a bhfuil os cionn 100 leathanach inti, go ndéanfadh an rialtas nua astaíochtaí gásanna ceaptha teasa a laghdú 7% in aghaidh na bliana, ‘líne dhearg’ de chuid an Chomhaontais Ghlais. Dhéanfaí an cháin charbóin a ardú €100 in aghaidh an tonna faoi 2030.

Faoin bplean atá leagtha amach ag na trí pháirtí, dhéanfaí infheistíocht bhreise chomh maith sa chóras iompair phoiblí (2:1 i gcomparáid leis an gcaiteachas ar bhóithre). Dhéanfaí infheistíocht €360 milliún gach bliain  i gcosáin agus i rotharbhealaí agus bheadh deontais le fáil do cheannach rothar leictreach.

Tuairiscítear nach bhfuil aon togra bóthair ar leith luaite sa cháipéis agus gealltar go ndéanfar athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta chun an tionchar a bheadh ag na tograí atá luaite ann ar an timpeallacht a mheas. 

Tá sé i gceist chomh maith go gcuirfí cosc ar aon taiscéalaíocht gáis amach ó chósta na hÉireann agus ar iompórtáil gás fraiceáilte. 

Bhunófaí Cúirt Timpeallachta chun cinntí pras a dhéanamh faoi chásannna a mbeadh tionchar acu ar an timpeallacht.

Ar na geallúintí eile atá ann, deirtear go gcuirfear deireadh leis gcóras soláthar díreach le linn thréimhse an rialtais. 

Thabharfaí isteach reachtaíocht nua faoin gcoireacht fuatha agus plean gnímh náisiúnta chun dul i ngleic leis an gciníochas. 

Ar na beartais mhóra atá sa cháipéis le dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta de dheasca na paindéime Covid-19, tá pacáiste le fostaíocht a chruthú agus Plean Tarrthála Náisiúnta. 

Sheolfaí an pacáiste fostaíochta an mhí seo chugainn agus thabharfaí isteach an Plean Tarrthála Náisiúnta mí Dheireadh Fómhair.

Deirtear go mbainfear leas as an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun feabhas a chur ar an gcóras sláinte.

Ar na beartais eile atá geallta, tá coimisiún do dhaoine aosta agus athbhreithniú ar an scéim Fair Deal. Deirtear go ndéanfaí leasuithe móra ar an earnáil árachais.

Maidir le cúrsaí talmhaíochta gealltar go gcaithfí cuid den teacht isteach ón gcáin charbóin san earnáil sin agus go mbunófaí Ombudsman Bia a chinnteodh go bhfaigheadh feirmeoirí ‘praghas féaráilte’. Gealltar íocaíochtaí nua d’fheirmeoirí.

I réimse an oideachais, gealltar go ndéanfaí a thuilleadh infheistíochta san oideachas tríú leibhéal go háirithe. 

Tá sprioc sa cháipéis go dtógfaí 50,000 teach sóisialta. Deirtear freisin go gcuirfí síneadh leis an moratorium ar dhaoine a dhíbirt as a dtithe.

Bhunófaí Tionól Saoránach chun scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le coiriúlú drugaí agus, neamhspleách air sin, dhéanfaí athbhreithniú ar na rialacha a bhaineann le húsáid cannabais i gcúrsaí leighis.

Gealltar cúig reifreann nua sa cháipéis, ag áireamh ceann faoi chosaint na timpeallachta, ceann faoin gceart atá ag duine teach a bheith aige agus ceann faoin gceart chun uisce. 

Reáchtálfaí chomh maith reifreann faoi ról na mban sa teaghlach agus faoi chead a thabhairt do shaoránaigh atá ina gcónaí thar lear vótáil i dtoghcháin uachtaránachta. 

Gealltar go gcaidhpeálfaí táillí ar chúram leanaí agus crècheanna agus go gcuirfear síneadh leis an tsaoire thuismitheoireachta.

Lena chois sin go léir, gealltar go gcuirfí frithghiniúint ar fáil saor in aisce. 

Fág freagra ar 'Varadkar, Martin agus Ryan ar tí margadh stairiúil comhrialtais a dhéanamh'