Géillte ag Trump nach bhfuil aon téipeanna aige de chomhráite le Comey

Ba é Trump féin a chuir tús leis an gcaint faoi thaifead a bheith aige de chomhráite le James Comey, iar-stiúrthóir an FBI ar thug an tUachatrán an bóthar dó an mhí seo caite

Géillte ag Trump nach bhfuil aon téipeanna aige de chomhráite le Comey

Tá géillte ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá nach bhfuil aon téipeanna aige de chomhráite a bhí aige le James Comey, iarstiúrthóir an FBI.

Ba ar Twitter a thug an tUachtarán Trump le fios nach raibh aon taifead de na comhráití aige in ainneoin gur thug sé a mhalairt le fios cheana.

Ba é Trump féin a chuir tús leis an gcaint faoi na téipeanna i dtvúit eile dá chuid a seoladh i ndiaidh dó an bóthar a thabhairt do Comey an mhí seo caite.

Dúirt James Comey gur choinnigh sé taifead scríofa de na comhráite a bhí aige le Donald Trump toisc imní a bheith air go n-inseodh an tUachtarán bréaga faoin méid a tharla.

“Tá súil le Dia agam go bhfuil téipeanna ann,” a dúirt Comey agus é ag trácht ar an ráiteas a rinne Trump inar thug sé le fios go raibh taifead ann de na comhráite céanna.

Bhí James Comey os comhair Choiste Faisnéise an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos túisce an mhí seo agus fiosrú ar bun faoi líomhaintí go raibh oifigigh a d’oibrigh ar fheachtas toghchánaíochta Trump i mbun claonpháirtíochta leis na Rúisigh le linn thoghchán uachtaránachta Mheiriceá.

 

Fág freagra ar 'Géillte ag Trump nach bhfuil aon téipeanna aige de chomhráite le Comey'