‘Lordy, I hope there are tapes’ – iarstiúrthóir an FBI ag trácht ar a chomhráite conspóideacha le Trump

Tá James Comey, iarstiúrthóir an FBI ar thug Donald Trump an bóthar dó, os comhair Choiste Faisnéise an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu

‘Lordy, I hope there are tapes’ – iarstiúrthóir an FBI ag trácht ar a chomhráite conspóideacha le Trump

Dúirt James Comey, iarstiúrthóir an FBI ar thug Donald Trump an bóthar dó, gur choinnigh sé taifead scríofa de na comhráite a bhí aige le Donald Trump toisc imní a bheith air go n-inseodh an tUachtarán bréaga faoin méid a tharla.

“Tá súil le Dia agam go bhfuil téipeanna ann,” a dúirt Comey agus é ag trácht ar ráiteas a rinne Donald Trump inar thug sé le fios go raibh taifead aige féin de na comhráite céanna.

Tá James Comey os comhair Choiste Faisnéise an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus fiosrú ar bun faoi líomhaintí go raibh oifigigh a d’oibrigh ar fheachtas toghchánaíochta Trump i mbun claonpháirtíochta leis na Rúisigh le linn thoghchán uachtaránachta Mheiriceá.

Mhaígh sé go ndearna an tUachtarán Trump agus oifigigh dá chuid “clúmhilleadh” air féin agus  ar an FBI nuair a dúradar nach raibh muinín ag foireann na heagraíochta as mar stiúrthóir.

“Bréaga amach is amach a bhí ansin,” a dúirt Comey

Nuair a cuireadh ceist air ar dhóigh leis go raibh bac an cheartais i gceist le comhrá a bhí aige leis an Uachtarán Trump faoin iarchomhairleoir slándála Michael Flynn, dúirt Comey nár faoi féin a bhí sé an cheist sin a fhreagairt.

Tugadh an bóthar do Flynn nuair a tháinig sé chun solais go raibh teagmháil neamhchuí aige leis an Rúisigh agus maíonn Comey gur iarr Trump air gan a bheith “ródhian” ar Flynn agus cás an iarchomhairleora “a scaoileadh thairis”.

Dúirt Comey go raibh sé suntasach gur iarr an tUachtarán ar gach duine eile a bhí i láthair an seomra a fhágáil roimh a gcomhrá faoi chás Flynn.

“…Why did he kick everybody out of the Oval Office? …That to me as an investigator is a very significant fact.”

Dúirt Comey nach raibh aon amhras ann ach go ndearna Rialtas na Rúise iarrachtaí sofaisticiúla éagsúla cur isteach ar an toghchán uachtaránachta i SAM.

Thug sé le fios chomh maith gur iarr Trump air an scéal a chur amach nach raibh an tUachtarán féin á fhiosrú.

Dúirt Comey go ndúirt sé mar fhreagra ar an méid sin ‘go bhfeicfeadh sé cad a d’fhéadfaí a dhéanamh’ ach gur bealach ‘cladhartha’ a bhí ansin deireadh a chur leis an gcomhrá fóin.

Thug iarstiúrthóir an FBI le fios den chéad uair inniu gur tháinig an tUachtarán féin “faoi scáth” an fhiosrúcháin atá ar bun faoi chlaonpháirtíocht le hoifigigh de chuid na Rúise, ach dúirt sé nach raibh sé á fhiosrú “go sonrach”.

Dúirt Comey chomh maith gur mheas sé gur ghá taifead scríofa a dhéanamh de na comhráití a bhí aige leis an Uachtarán Trump toisc go raibh na comhráití sin ‘neamhghnách’ agus gur tháinig neamhspleáchas i gceist.

“Déanta na fírinne, bhí imní orm go n-inseodh sé bréaga faoi éirim an chruinnithe agus mheasas go raibh sé tábhachtach taifead a choinneáil de,” a dúirt iarstiúrthóir an FBI.

Dúirt sé nár bhraith sé riamh go raibh gá taifead scríofa a choinneáil de na comhráití a bhí aige le Barack Obama nó le George Bush roimhe sin.

Mhínigh Comey chomh maith cad a bhí i gceist aige lena mhaíomh go raibh Donald Trump ag iarraidh go mbeadh caidreamh eatarthu a bheadh bunaithe ar “phátrúnacht”.

Mhaígh sé gur bhraith sé go raibh “rud éigin” á lorg “mar chúiteamh” ag Trump as é a fhágáil ina phost mar stiúrthóir an FBI. Tá ráite ag Comey chomh maith gur iarr Trump air go mbeadh sé “dílis” dó, rud atá séanta ag Trump.

Fág freagra ar '‘Lordy, I hope there are tapes’ – iarstiúrthóir an FBI ag trácht ar a chomhráite conspóideacha le Trump'