Gealltanas tugtha ag an Roinn Sláinte go mbeidh eolas faoin vacsaín ar fáil i nGaeilge

Tá sé i gceist ag an rialtas tabhairt faoi fheachtas scaipthe eolais go luath agus iad ag iarraidh an pobal a chur ar an eolas maidir leis an vacsaín

Gealltanas tugtha ag an Roinn Sláinte go mbeidh eolas faoin vacsaín ar fáil i nGaeilge

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá geallta ag an Roinn Sláinte go gcuirfear eolas maidir leis an vacsaín Covid-19 ar fáil i nGaeilge.

Gealladh chomh maith go gcuirfí an t-eolas i nGaeilge ar fáil an t-am céanna a fhoilseofar i mBéarla é.

Inniu atá an tascfhórsa a bunaíodh chun féachaint i ndiaidh an chláir vacsaínithe lena bplean a fhoilsiú, agus tá sé i gceist ag an rialtas tabhairt faoi fheachtas scaipthe eolais go luath chun an pobal a chur ar an eolas faoin vacsaín.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist an t-eolas a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna agus go bhfuil an t-ábhar a bhaineann leis an bhfeachtas á aistriú i láthair na huaire.

Tá plean gnímh agus feachtas scaipthe eolais á réiteach ag tascfhórsa an Rialtais agus tá a dtuairisc le tabhairt os comhair na Dála Dé Máirt seo chugainn.

Tá cáineadh déanta go minic ar an Roinn Sláinte agus ar an Rialtas as an easpa ábhar Gaeilge faoin gcoróinvíreas atá curtha ar fáil acu ó thús na paindéime.

Ní chuirtear ar fáil i nGaeilge ach fíorbheagán den eolas, den chomhairle agus de na treoirlínte faoin choróinvíreas, a bhíonn á nuashonrú gach lá i mBéarla ar shuíomh an rialtais.

Níl aon radharc go fóill ar leagan Gaeilge den chomhairle a tugadh ag tús na míosa maidir le conas an Nollaig a chaitheamh go slán.

Mar atá léirithe ag tuairiscí éagsúla ar an suíomh seo le hocht mí anuas, tá eolas tábhachtach poiblí faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí á fhoilsiú i mBéarla amháin ó thús na paindéime.

Tá leithscéalta éagsúla tugtha ag na húdaráis sláinte agus an Rialtas as gan eolas a chur amach i nGaeilge nó gan eolas a chur amach i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Dúirt an Dr John Walsh ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais ag deireadh na míosa seo caite go raibh teipthe “go hiomlán ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go gcuirfí eolas i nGaeilge faoin ngéarchéim sláinte poiblí ar fáil don phobal”.

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag an Roinn Sláinte go mbeidh eolas faoin vacsaín ar fáil i nGaeilge'