Cad is fiú reachtaíocht teanga murar féidir eolas i nGaeilge a chur ar fáil le linn paindéime?

Léiríodh le linn na géarchéime sláinte poiblí is mó ó bunaíodh an stát go bhfuil sé thar am aghaidh a thabhairt ar cheist na fógraíochta sa reachtaíocht teanga

Cad is fiú reachtaíocht teanga murar féidir eolas i nGaeilge a chur ar fáil le linn paindéime?

Dhein an Coimisinéir Teanga tagairt do sheirbhísí Gaeilge in aimsir COVID-19 cúpla seachtain ó shin agus dúirt sé go raibh an chosúlacht ann gur úsáideadh an víreas mar leithscéal chun an Ghaeilge a bhrú ar leataobh.

Aontaím leis sin agus tá go leor fianaise bailithe agam féin ó mhí na Márta i leith a léiríonn gur theip go hiomlán ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go gcuirfí eolas i nGaeilge faoin ngéarchéim sláinte poiblí ar fáil don phobal.

Dar ndóigh, réitíodh an tAcht suas le 20 bliain ó shin nuair nach raibh greim chomh daingean ag an gcumarsáid leictreonach agus ag na meáin shóisialta ar ár saol ach léiríonn géarchéim COVID-19 níos mó ná riamh cheana b’fhéidir go bhfuilimid ag brath go mór ar an saol digiteach anois chun a bheith i dteagmháil le chéile go slán sábháilte. Níl sé de chumas ag Acht na dTeangacha Oifigiúla dul i ngleic leis an riachtanas sin agus sin é an fáth nár foilsíodh ach fíorbheagán fógraíochta i nGaeilge faoin ngéarchéim agus nár cuireadh eolas leictreonach ar fáil ar shuíomhanna ar nós gov.ie i nGaeilge.

Tuigim go bhfuil litir seolta ag stiúrthóirí Tuairisc.ie chuig Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ag moladh go dtabharfaí aghaidh ar cheist na fógraíochta san Acht nua agus tacaím leis an iarratas san – mholfainn go ndéileálfaí le ceist na fógraíochta sna caighdeáin teanga.

Ceist eile is ea na comharthaí aonteangacha Béarla atá feicthe agam féin agus ag daoine eile in áiteanna éagsúla – ba cheart faoin Acht reatha go mbeadh an chomharthaíocht ar fad dátheangach ach nach léiriú é an teip fhorleathan sin ar an obair mhór atá le déanamh fós? Níl an-chuid eolais de dhíth sa chomharthaíocht – ní bhíonn iontu ach dornán focal go minic – ach níor éirigh le go leor comhlachtaí poiblí ar nós údaráis áitiúla agus a leithéid an riachtanas bunúsach sin a chomhlíonadh.

Baineann an fhadhb chéanna le teip an rialtais leagan dátheangach den chéad leabhrán eolais a chur chuig gach tigh sa tír – arís eile bhí sé sin clúdaithe cheana faoi fhoráil dhíreach in Acht 2003 ach níor cloíodh léi. Is fianaise iad na samplaí seo dar liom den dúshlán mór groí atá romhainn chun córas le dealramh a bhunú a chuirfidh seirbhísí Gaeilge ar fáil. Molaim go dtabharfaí aghaidh ar na ceisteanna seo – go háirithe an chumarsáid leictreonach – sna caighdeáin teanga atá le hullmhú faoin Acht nua.

Ní eolas fada, casta, teicniúil den chuid is mó a bhíonn á scaipeadh faoi Covid-19. Is taobh le téacsanna gairide, leabhráin agus fógraíocht ar líne a bhíonn an pobal agus iad ar thóir eolais faoin bpaindéim. Ní fál go haer é eolas bunúsach mar sin a sholáthar i nGaeilge, nó níor cheart gurb ea.

Ar deireadh thiar thall, cad is fiú reachtaíocht teanga a bheith againn murar féidir leis an Acht a chinntiú go gcuirfear eolas i nGaeilge ar fáil faoin ngéarchéim sláinte phoiblí is mó ó bunaíodh an stát?

– Tá an t-alt seo bunaithe ar aitheasc a thug an Dr John Walsh ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais an tseachtain seo

Fág freagra ar 'Cad is fiú reachtaíocht teanga murar féidir eolas i nGaeilge a chur ar fáil le linn paindéime?'

  • Donncha Eile

    Go díreach. Ba chóir go mbeadh sé chomh héasca céanna an t-eolas a chuir ar fáil i gceart trí Ghaeilge. Ní cheart go mbeadh orainn cur suas le ráitis fánach agus tvuíteanna páistiúil uaidh Údarás na Gaeltachta nuair a thagann sé go dtí eolas sláinte poiblí.