‘Foilsítear eolas faoi Covid-19 i mBéarla amháin mar is gá é a bheith ag daoine go gasta’ – an Roinn Sláinte

Ar an 14 Aibreán a foilsíodh ‘an t-eolas is deireanaí ar Covid-19’ i nGaeilge ar shuíomh an rialtais gov.ie agus baineann an chomhairle sláinte air le mí an Mhárta

‘Foilsítear eolas faoi Covid-19 i mBéarla amháin mar is gá é a bheith ag daoine go gasta’ – an Roinn Sláinte

Tá iniúchadh á dhéanamh ag an Roinn Sláinte ar shuíomh idirlín an Rialtais féachaint cén áit ar cheart tosú ar dhul i ngleic leis an easpa ábhar Gaeilge faoin choróinvíreas atá ar fáil air.

Ní chuirtear ar fáil i nGaeilge ach fíorbheagán den eolas, den chomhairle agus de na treoirlínte faoin choróinvíreas, atá á nuashonrú gach lá i mBéarla ar shuíomh an rialtais.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte go bhfuil ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.

Táthar anois ag dul siar ar chuid den ábhar a foilsíodh cheana chun Gaeilge a chur air.

Thug an Roinn le fios gur cuireadh tús leis an iniúchadh ar an ábhar a chuireann siad ar fáil faoi Covid-19 an tseachtain seo caite agus go bhfuil “tosaíocht á tabhairt” d’aistriúchán a dhéanamh ar na “leathanaigh is mó a mbíonn trácht orthu”. 

“Tá súil againn an obair seo a chur i gcrích laistigh de sheachtain, ach caithfear na laincisí a bhaineann leis an bhfoireann a bheith ag obair ón mbaile agus an t-am a thógann sé chun aistriúchán gairmiúil a chur ar fáil a chur san áireamh,” a dúradh.

Ar an 14 Aibreán a foilsíodh ‘an t-eolas is deireanaí ar Covid-19’ i nGaeilge ar shuíomh an rialtais gov.ie.

An tseachtain seo caite, go gairid sular fhógair an Taoiseach go mbeifí ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 de phlean díchuibhruithe an rialtais, a foilsíodh eolas i nGaeilge den chéad uair faoi Céim 1 den phlean.

Níl aon eolas ar fáil i nGaeilge faoi ‘Céim 2’ ar cuireadh tús léi inné, ná faoin dá chéim eile atá beartaithe mar chuid den phlean.

Is amhlaidh an scéal maidir leis an ‘Comhairle Leasa Shóisialaigh’. Tá Gaeilge curtha le roinnt laethanta anuas ar chuid mhór de na ‘Bearta sláinte poiblí’ ar shuíomh an rialtais.

Faoin mhír ‘Comhairle Sláinte’, iarrtar i mBéarla ar dhaoine fanacht ina gceantar féin agus muid i gCéim 2 de phlean oibre an rialtais maidir le hathoscailt na tíre.

Ach de réir na comhairle sláinte is déanaí i nGaeilge is féidir leis “an chuid is mó de dhaoine leanúint ar aghaidh ag dul ar obair, ar scoil nó chuig áiteanna poiblí eile mar is gnách”.

De réir na comhairle is déanaí i nGaeilge, níl ach ocht dtír atá “thíos le leathadh Covid-19”agus iarrtar ar dhaoine iad féin a leithlisiú sa chás go raibh siad ar cuairt ar aon cheann de na hocht dtír sin le gairid.

Ar ndóigh d’fhógair an WHO ar an 12 Márta gur paindéim dhomhanda a bhí sa Covid-19 agus moltar do gach duine a thagann isteach sa tír ó aon tír eile iad féin a leithlisiú ar feadh 14 lá, is cuma siomptóim Covid-19 orthu nó nach bhfuil.

Caithfidh gach duine a thagann isteach chun na tíre eolas a thabhairt do na húdaráis maidir le cá mbeidh siad ag fanacht agus leithlisiú a dhéanamh orthu féin ar feadh coicíse.

Cé go moltar do dhaoine masc nó clúdach aghaidhe a chaitheamh i spásanna poiblí nach féidir cloí go héasca leis an scoitheadh sóisialta iontu, amhail siopaí agus an córas iompar poiblí, níl faic luaite i nGaeilge faoin chomhairle sin ar shuíomh an rialtais gov.ie.

Níl raibh aon chomhairle ar fáil do dhaoine i nGaeilge faoin teorann taistil cúig chiliméadar a bhí i bhfeidhm go dtí inné agus níl aon chomhairle ar fáil i nGaeilge faoin teorann nua taistil a tugadh isteach ina háit inné.

Níl aon chomhairle ar fáil i nGaeilge ar shuíomh an Rialtais do ghnóthaí atá le hoscailt arís nó oibrithe atá ag filleadh ar an obair.

Tá dul chun cinn déanta ag an rialtas maidir leis na leaganacha éagsúla de phóstaeir Covid-19 atá ar fáil don phobal i nGaeilge.

Sa ráiteas a chuir an Roinn Sláinte ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go raibh siad “tiomanta a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh” agus go ndéanann siad “gach iarracht ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a chur ar fáil go comhuaineach nuair is féidir”. 

“Sa gcás áirithe seo agus athruithe móra á ndéanamh ar ábhar le teacht leis an gcomhairle is déanaí faoin tsláinte phoiblí, tógann sé níos mó ama ná mar ba mhian linn an dá leagan a sholáthar,” a dúradh.

Dúradh go gcuirtear ábhar ar fáil i nGaeilge go rialta ar na meáin shóisialta agus go mbíonn cainteoirí Gaeilge ag na preasócáidí de chuid NPHET a chraoltar beo, gach lá. Maíodh go raibh leagan Gaeilge ar fáil “den ábhar ar fad (bileoga eolais, póstaeir etc) a chuirtear ar fáil don phobal”.

Fág freagra ar '‘Foilsítear eolas faoi Covid-19 i mBéarla amháin mar is gá é a bheith ag daoine go gasta’ – an Roinn Sláinte'

  • Léitheoir

    Nach ann do Rannóg an Aistriúcháin? Nach ann dosna haistritheoirí atá ag obair sa Rannóg san, aistritheoirí gurbh fhéidir leo – nó, ar a laghad, atá in ainm is a bheith i ann – Gaolainn a chur ar cháipéisí oifigiúla agus é sin a dhéanamh “go gasta”?

    Dar ndóigh, caithfear an t-eolas a roinnt go tapa agus sinn i lár géarchéime. Dá bharr san, i rith géarchéime, ba chóir go n-iarrfaí ar Rannóg an Aistriúcháin na doiciméid is tábhachtaí – cáipéisí, treoirlínte, bileoga, nó pé rud – a aistriú chomh gasta agus is féidir chun iad a chur ar fáilt do shaoránaigh an Stáit chomh luath agus is féidir. Is é sin ceartréiteach na faidhbe i Stát dátheangach.

    Níl leithscéal ar bith don laghad Gaolainne atá le clos agus le léamh ón Stát ó thús na paindéime. Mo náire an Stáitín bídeach aonteangach s’againne…

  • Seán Mistéil

    Tacaím leis an Léitheoir. In am an ghátair, mar atá déanta ar fud na seirbhíse poiblí, tá oifigigh ag bogadh go ról eile, ag glacadh le freagrachtaí nua ar bhonn sealadach. Cén fáth nach dtárlódh a leithéid i gcás aistritheoirí atá sean-bhunaithe? Is scannal agus masla an easpa cothromaíochta atá léirithe sa scéal seo. Ní haon scéal nua é, ar ndóigh – ach an gá cur leis, má rud é go bhfuil duine díomhaoin leath an ama ceal brú oibre ina rannóg féin?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an tAontas ag cur eolas ar fáil go gasta agus as Gaeilge https://ec.europa.eu/info/live-work-travel-eu/health/coronavirus-response_ga