Ná déantar dearmad ar ‘shláinte’ na Gaeilge le linn na paindéime – an Coimisinéir Teanga

Dúirt an Coimisinéir Teanga i dTeach Laighean inniu go raibh géarghá le tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar an mbille nua chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Ná déantar dearmad ar ‘shláinte’ na Gaeilge le linn na paindéime – an Coimisinéir Teanga

Agus aghaidh á tabhairt ar an bpaindéim agus an Breatimeacht, níor cheart dearmad a dhéanamh ar cheist “inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo”, a deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt Ó Domhnaill an méid sin tráthnóna agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean.

Bhí an baol ann go n-imeodh ceist na Gaeilge “as radharc”, a dúirt sé.

Dúirt sé gur léirigh cás na teanga le linn na paindéime Covid-19 go raibh an baol ann gur nuair is “tábhachtaí agus is práinní” an chumarsáid gur lú an seans go ndéanfar an chumarsáid sin i nGaeilge.

Dúirt an Coimisinéir teanga go raibh “géarghá” le leasuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga lena chinntiú go ndéanfaidh an Stát “freastal níos fearr” ar phobal labhartha na Gaeilge “ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta”.

Chuir an Coimisinéir Teanga fáilte roimh na leasuithe atá molta ag an Rialtas ar an dréachtreachtaíocht teanga, ach tharraing sé aird ar na lochtanna, dar leis, atá uirthi i gcónaí.

Glacadh leis an mbille ag an dara céim sa Dáil níos túisce an mhí seo agus tá geallta ag an Rialtas go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go gcloisfear “go leor cainte” idir seo agus lá achtaithe an Bhille “faoi céard atá indéanta agus céard nach bhfuil”. Ach ba chóir, a dúirt sé, a chinntiú ag “chuile staid den phróiseas seo” go bhfuiltear “ag freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta”. Ba chóir freisin tús áite a thabhairt sa phlé do “stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga oifigiúil na tíre”.

Agus dul chun cinn déanta sa Dáil faoi dheireadh maidir leis an leasú ar an reachtaíocht teanga a luadh ar dtús naoi mbliana ó shin, dúirt an Coimisinéir Teanga go gcaithfí an deis a thapú an méid atá beartaithe a neartú.

“Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta,” a dúirt sé.

Chuige sin, a dúirt sé, theastódh “níos mó cinnteachta” faoin sprioc sa bhille maidir le cainteoirí Gaeilge a earcú, theastódh foráil a chosnódh cearta phobal na Gaeltachta, agus theastódh soiléiriú ó thaobh cé atá freagrach as cur i bhfeidhm an phlean.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeadh dúshlán ag baint le sprioc an Rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí faoi 2030 agus go gcaithfí tabhairt faoin obair “ar bhealach eagraithe, pleanáilte”.

Le go mbeadh muinín ag an bpobal as an reachtaíocht, chaithfí “barántas” a thabhairt nach gcuirfí “an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile”.

Maidir leis an leagan amach a bheadh ar an gCoiste Comhairleach a bhunófaí chun an plean náisiúnta earcaíochta 20% a chur le chéile, thug an Coimisinéir le fios gur ábhar imní é gur ionadaithe ón earnáil phoiblí féin a bheadh ar an gcoiste den chuid is mó.

“Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin,” arsa an Coimisinéir Teanga.

Luaigh sé chomh maith an doiléire, dar leis, a bhaineann leis an mbille mar atá ó thaobh cá bhfuil an fhreagracht as an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm.

“Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach.

“Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a thiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm,” arsa an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach” go ndéanfaí soláthar níos fearr sa bhille do riachtanais phobal na Gaeltachta.

“Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin.

“D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a chur san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.”

Fág freagra ar 'Ná déantar dearmad ar ‘shláinte’ na Gaeilge le linn na paindéime – an Coimisinéir Teanga'