Bíodh #SafeChristmas agat ach ní #NollaigShlán – radharc ar bith ar leagan Gaeilge den chomhairle is déanaí ón Rialtas

Tá eolas tábhachtach poiblí faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí á fhoilsiú i mBéarla amháin ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte ó thús na paindéime

Bíodh #SafeChristmas agat ach ní #NollaigShlán – radharc ar bith ar leagan Gaeilge den chomhairle is déanaí ón Rialtas

Tá srianta Leibhéal 3 tagtha i bhfeidhm ar fud an stáit ó inné agus comhairle á chur ar dhaoine maidir le conas an Nollaig a chaitheamh go slán, ach níl aon radharc ar shuíomh an Rialtais ar aon chuid den eolas sin i nGaeilge.

Osclaíodh siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta inné den chéad uair le sé seachtaine agus scaoileadh na srianta Leibhéal 5 a bhí i bhfeidhm le linn an dara tréimhse dianghlasála.

Tá an t-eolas is deireanaí maidir leis na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair agus comhairle an Rialtais don Nollaig ar fáil i mBéarla ar shuíomh an Rialtais agus tá an t-eolas á scaipeadh ar na meáin shóisialta chomh maith faoin haischlib #SafeChristmas.

Níl radharc ar bith ar aistirúchán Gaeilge den eolas sin, áfach. Tá iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn an Taoisigh, atá freagrach as an eolas a fhoilsiú, an bhfuil sé i gceist leagan Gaeilge den chomhairle a chur ar fáil ach níl aon fhreagra faighte againn uathu go fóill.

Bhí moill mhór le foilsiú an leagan Gaeilge den ‘Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19’, agus cé go bhfuil cuid de ar fáil i nGaeilge ar shuíomh an rialtais anois, is i mBéarla amháin atá an t-eolas a bhaineann le Leibhéal 3 agus an chomhairle maidir le tréimhse na Nollag.

Mar atá léirithe ag tuairiscí éagsúla ar an suíomh seo le hocht mhí anuas, tá eolas tábhachtach poiblí faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí á fhoilsiú i mBéarla amháin ó thús na paindéime.

Tá leithscéalta éagsúla tugtha ag na húdaráis sláinte agus an Rialtas as gan eolas a chur amach i nGaeilge nó gan eolas a chur amach i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie cheana go mbíonn ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla acu sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.

Dúirt an Dr John Walsh ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais an tseachtain seo caite go raibh teipthe “go hiomlán ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go gcuirfí eolas i nGaeilge faoin ngéarchéim sláinte poiblí ar fáil don phobal”.

Agus é os comhair an choiste céanna mí Dheireadh Fómhair, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill gur léirigh cás na teanga le linn na paindéime Covid-19 go raibh an baol ann gur nuair is “tábhachtaí agus is práinní” an chumarsáid gur lú an seans go ndéanfar an chumarsáid sin i nGaeilge.

Tá ráite ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee gur cheart don Rialtas a chinntiú go gcuirfear eolas tábhachtach faoin bpaindéim amach ag an am céanna sa Ghaeilge agus sa Bhéarla feasta.

“Níl aon leithscéal ann dearmad a dhéanamh ar ár gcearta teanga,” a dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil atá ina ball de Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Bíodh #SafeChristmas agat ach ní #NollaigShlán – radharc ar bith ar leagan Gaeilge den chomhairle is déanaí ón Rialtas'

  • S. Mac Muirí

    Glanchur ina gcoinne is ea an t-aon mhodh amháin le feancadh a bhaint as síoroibriú an Bhéarla éigeanta so a imríonn údaráis an dá stáit orainn. Tá an tUasal Breandán Ó Cíobháin le moladh go mór as an seasamh a rinne sé arú inné i gCorca Dhuibhne ar an ábhar céanna so. (Chraol RnaG agallamh leis inné.) Ba neamhní leis neamhfhógraíocht na Comhairle Contae. Is é sin mí-iompar teangadh Co. Co. a léirigh dearg-neamhaird i leith sláinte mhuintir na háite, i gceantar Gaeltachta.
    Aon dath nach bhfuil inár dteangaidh, ní bhaineann sé linn 7 ní fhéadfadh sé a bheith bailí faoi aon reacht. Is fearr beag beann a dhéanamh de ghné chearta an duine sa réimse seo. Is é bailíocht / neambailíocht faoin dlí an áit a bhfuil an t-éasc. Ansúd ba chóra dúinn go léir an bhéim a leagan. Níl i gcearta nach mbronntar ach éagóir 7 is cuma le móramh na ndaoine faoi éagóracha éagsúla. Gnó eile ar fad is ea iompar aindleathach. Ní féidir leis an stát féin sní leis ar an ealaín sin i bhfad má oibrítear an dlí ina choinne.

  • Gabriel Rosenstock

    TRÉAS CULTÚRTHA.