Gártha catha agus comhaontais Donald Trump

Dearbhófar agus daingneofar smacht Donald Trump ar a pháirtí agus a gcuid polasaithe an tseachtain seo chugainn

Gártha catha agus comhaontais Donald Trump

Cuirfear tús le coinbhinsiún náisiúnta an pháirtí Phoblachtaigh in Milwaukee Dé Luain. Dearbhófar Donald Trump mar iarrthóir de chuid an pháirtí sa toghchán uachtaránachta i mí na Samhna. Tarlóidh rud amháin eile i rith na seachtaine seo chugainn freisin – dearbhófar agus daingneofar smacht Trump ar an bpáirtí agus ar a gcuid polasaithe.

Ní sa tír seo amháin a bhíonn clár toghchánaíochta ag páirtithe le polasaithe a bpáirtí a chur i láthair an phobail agus is amhaidh cás sna Stáit Aontaithe. In 2016 a d’fhoilsigh an Páirtí Poblachtach ceann go deireadh. Níor bhac siad le ceann in 2020 nuair a bhí Trump san iomaíocht cheana don dara téarma.

D’athraigh siad réamhrá chlár na bliana seo ach tá obair déanta anois ar an gcáipéis lena chinntiú, dar le baill an choiste atá dá hullmhú, go mbeidh polasaithe an pháirtí ag teacht le tuairimí an iarrthóra. Léargas a thabhairt ar pháirtí atá aontaithe agus ar aon fhocal faoi pholasaithe cinniúnacha atá mar aidhm leis an obair sin.

Síleann na Poblachtaigh go dtabharfaidh seo buntáiste dóibh, beag beann ar ráitis Trump. Tá an páirtí sásta a chinntiú go mbeidh siad ar aon fhocal ar mhaithe le dochar dosháraithe a dhéanamh d’fheachtas Joe Biden. Más léir do phobal na Stát Aontaithe an tseachtain seo chugainn go bhfuil na Poblachtaigh aontaithe, meallfar iad siúd atá éiginnte i dtreo Trump. Sin í an teoiric ar aon nós – leas a bhaint as deacrachtaí na nDaonlathach agus an éiginnteacht faoi shláinte an Uachtaráin Biden agus a chumas fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile.

Ar cheann de na réimsí polasaí a mbeidh aird ar leith air, tá ceist an ghinmhillte. D’éirigh le Trump deireadh a chur le Roe v Wade mar a gheall a pháirtí le fada trí bhreithiúna coimeádacha a ainmniú ar an gCúirt Uachtarach. Tá sciar mór de phobal na Stát Aontaithe a bhfuil alltacht orthu faoin staid ina bhfuil a gcuid dlíthe ginmhillte – tá go leor eile buíoch go bhfuil na geallúintí atá tugtha le fada comhlíonta. Is iad an tríú dream – iad siúd nach bhfuil cinneadh déanta acu go fóill a gcaithfear dul i gcion orthu an tseachtain seo chugainn ag an gcoinbhinsiún.

Déanann coinbhinsiún náisiúnta páirtí leas dá chuid tacaíochta, de ghnáth. Glactar leis go mbainfidh Trump buntáiste as imeachtaí na seachtaine seo chugainn más féidir leis greim a choinneáil ar a theanga. Beidh sé in ann maíomh as páirtí atá ar aon fhocal faoi chúrsaí polasaí, chomh maith leis na gártha catha a bhíonn aige de ghnáth a úsáid.

An t-aon bhealach go ndéanfar dochar do sheasamh Trump le linn an choinbhinsiúin, tráthúil go leor, ná má thagann scéala faoi chinneadh a bheith déanta ag an bpáirtí Daonlathach brú a chur ar Joe Biden seasamh i leataobh. Tá go leor sa bpáirtí Daonlathach a chreideann nach mbeidh Biden fós san iomaíocht faoi dheireadh na míosa – beidh súil ag ceannairí an pháirtí Phoblachtaigh nach i rith na seachtaine seo chugainn a thiocfaidh an scéala sin chun solais.

Fág freagra ar 'Gártha catha agus comhaontais Donald Trump'