Gan taifead ar bith ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana inar sháraigh comhlacht a dhualgas i leith na Gaeilge

Tugadh le fios sa Dáil faoi dhó le déanaí go mbíonn íocaíocht deontas an Údaráis ag brath ar choinníollacha teanga, ach níl aon mhioneolas ag an Údarás faoi cé mhéad uair a sáraíodh na coinníollacha sin le deich mbliana anuas

Gan taifead ar bith ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana inar sháraigh comhlacht a dhualgas i leith na Gaeilge

Níl aon taifead ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh siar deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

Tugadh le fios sa Dáil faoi dhó le déanaí go mbíonn íocaíocht deontas an Údaráis ag brath ar choinníollacha teanga a bheith comhlíonta ag comhlachtaí, ach níl aon mhioneolas ag an Údarás faoi cé mhéad uair a sáraíodh na coinníollacha sin.

Tháinig an méid sin chun solais de thoradh ceisteanna a chuir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, ar Aire na Gaeltachta.

Tá athbhreithniú ar siúl ar chur chuige an Údaráis maidir leis an coinníollacha teanga a leagtar ar na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.

Dúirt Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, gurb amhlaidh gur thug Údarás na Gaeltachta le fios dó nach raibh an teicneolaíocht acu le cuntas a choimeád ar chásanna inar sháraigh comhlachtaí na coinníollacha Gaeilge a leagadh orthu agus gur coinníodh siar a ndeontas dá bharr.

Thug an tAire Stáit le fios nach raibh d’eolas ar fáil ón Údarás ach nár tharla a leithéid i “mórán cásanna thar na blianta”.

“Tuigtear dom nach bhfuil córas teicneolaíochta faisnéise an Údaráis curtha in oiriúint chun a leithéid de mhioneolas atá iarrtha ag an Teachta a bhailiú. Tá deimhnithe ag an eagraíocht dom, áfach, go dtuigtear nár coinníodh airgead siar i mórán cásanna thar na blianta sna cúinsí atá luaite ag an Teachta agus go n-éiríonn leis an Údarás, den chuid is mó, dul i gcion ar chomhlachtaí maidir leis na coinníollacha teanga.

“Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an Údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair maidir leis na coinníollacha teanga a chuirtear i bhfeidhm ar chliantchomhlachtaí agus ar na bealaí a ndéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, nach raibh sé “sásúil beag ná mór” nach mbeadh taifead ag Údarás na Gaeltachta ar chomhlachtaí nach bhfuil ag comhlíonadh a ndualgas teanga.

“Má tá cinntí móra á ndéanamh ag Údarás na Gaeltachta airgead a choimeád siar ó chomhlacht atá ag sárú coinníollacha teanga, caithfidh go bhfuil taifead i scríbhinn áit éigin,” arsa Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

“Tá sé seafóideach a rá nach bhfuil ‘córas teicneolaíochta faisnéise’ sách maith acu taifead a choimeád nuair nach bhfuil i gceist ach taifead faoi chinntí airgeadais agus an chúis a bhain leo.”

Dúirt Ó Snodaigh nach mbeadh sé casta an t-eolas a choimeád agus go bhfuil an chuma ar an scéal nár shocraigh an tÚdarás riamh na sonraí seo a bhailiú.

Maíodh i bhfreagraí ar cheisteanna Dála le déanaí go mbíonn deontais an Údaráis ag brath ar choinníollacha teanga a chomhlíonadh.

Thug Údarás na Gaeltachta le fios go mbíonn “mórchuid” na bpríomhaithe sna cliantchomhlachtaí “báúil don Ghaeilge” agus dúradh go mbíonn oifigigh teanga na heagraíochta i dteagmháil “rialta” leis na cliantchomhlachtaí chun a ndualgas maidir leis an nGaeilge a chur in iúl dóibh agus chun tacú leo na dualgais sin a chomhlíonadh.

“Den chuid is mó, éiríonn leis na hOifigigh Teanga dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta sna cliantchomhlachtaí agus tuairiscítear go mbíonn tionchar dearfach ar a gcuid oibre,” a dúirt an tAire Stáit Chambers.

Dúirt Ó Snodaigh gur léirigh sin go mbíonn amanna ann nach n-éiríonn leis an Údarás dul i bhfeidhm ar a gcliantchomhlachtaí maidir leis an nGaeilge agus go bhfuil soiléiriú breise ag teastáil.

“Ba chóir go mbeadh muid dáiríre faoi choinníollacha teanga a chur ar mhaoiniú stáit Gaeltachta nó tá gach seans ann go dtarlóidh an éagóir a tharla i Randox arís ach gan leithscéal nó réiteach sa deireadh,” arsa Ó Snodaigh.

Tharraing Randox, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis a bhfuil saotharlann acu i nGaeltacht Dhún na nGall, raic níos luaithe i mbliana nuair a seoladh treoir chuig a gcuid oibrithe gan ach Béarla a labhairt ag an obair.

Ghabh Randox leithscéal as an treoir a sheoladh chuig a gcuid oibrithe sa Ghaeltacht, dúradh gur seoladh í “trí bhotún” agus nár bhain sí le hionad an chomhlachta ar an gClochán Liath.

Ní dúradh tada faoin treoir a tharraingt siar in ionaid eile oibre an chomhlachta. Tá ceannáras agus saotharlann ag Randox i gcontae Aontroma.

Ina ainneoin sin, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta nach eol dóibh cearta teanga a bheith á sárú ag aon chliantchomhlacht dá gcuid.

Pléadh conspóid Randox sa Dáil an mhí seo caite agus an comhlacht á cháineadh go láidir ag roinnt Teachtaí Dála. Aontaíodh go n-iarrfaí ar Údarás na Gaeltachta teacht os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais chun an chonspóid a phlé. Tá sé i gceist ag baill an choiste ceisteanna a chur ar Údarás na Gaeltachta faoin bpolasaí atá acu i leith teanga oibre na gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Dúirt Údarás na Gaeltachta ag an am go raibh an scéal pléite acu le bainistíocht shinsearach Randox agus gur deimhníodh gur trí bhotún a scaipeadh an nóta, go raibh aiféala ar an gcomhlacht gur tharla sé agus go bhfuil an comhlacht fós “tiomanta don Ghaeilge”.

Dúradh sa mheamram, a raibh ‘Use of English Language’ mar theideal air, go gcaithfí a thuiscint go mb’fhéidir go mbraithfeadh daoine “scoite amach” dá gcloisfidís san ionad oibre teanga eile seachas an Béarla.

“Ní mór Béarla a labhairt i gcónaí, bíodh tú ag comhrá faoin obair nó ag caint go neamhchúiseach le ball foirne eile,” a dúradh sa mheamram foirne.

Fág freagra ar 'Gan taifead ar bith ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana inar sháraigh comhlacht a dhualgas i leith na Gaeilge'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Scannalach amach is amach!!