‘Gan aon dul chun cinn déanta ag cúrsaí reatha Gaeilge ar an teilifís ó na 1970idí’

Ceistíodh fiúntas an naisc idir RTÉ agus TG4 agus RTÉ agus Raidió na Gaeltachta ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais inné

‘Gan aon dul chun cinn déanta ag cúrsaí reatha Gaeilge ar an teilifís ó na 1970idí’

Dúradh ag cruinniú i seomra na Dála inné nach raibh aon dul chun cinn déanta ó thaobh cúrsaí reatha i nGaeilge ar an teilifís ó bhí na 1970idí ann.

Moladh chomh maith ag an gcruinniú de choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta go hiomlán neamhspleách ó RTÉ.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur chóir d’Aire na Gaeltachta agus na Meán “athrú as cuimse” a dhéanamh ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do chraoltóirí na Gaeilge.

Dúirt Ó Cuív gur chóir dóthain maoinithe a chur ar fáil do TG4 a cheadódh dóibh a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil seachas a bheith ag brath ar RTÉ.

Mhaígh sé gurb é TG4 agus ní RTÉ “an craoltóir náisiúnta” do chuid mhaith daoine sa tír seo.

“Má bhreathnaímid ar chúrsaí reatha ar TG4 tá leathuair an chloig 7Lá [sa tseachtain ann]. Má bhreathnaíonn tú ar na hacmhainní atá ag an gclár sin le hais, mar shampla, Prime Time amháin – bhuel, aon duine a bhíonn ag plé leis an dá stáisiún bíonn daoine ag titim ar a chéile i gceann amháin agus ní hé TG4 é.

“Bhí leathuair ann fadó sna seachtóidí ag RTÉ de chúrsaí reatha nuair a bhí Féach ann. Tá 7Lá ina áit. Níl aon dul chun cinn déanta in ainneoin go bhfuil stáisiún náisiúnta ag craoladh trí Ghaeilge,” a dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt sé chomh maith gur gá maoiniú a chur ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta díreach ón státchiste “gan aon lámh a bheith ag RTÉ sa scéal”.

Chinnteodh sin “cothromas agus cumas maidir le cláracha a dhéanamh,” arsa Ó Cuív.

“Thógfadh sé seo athrú reachtaíochta. Níl mise ag iarraidh cloisteáil ariamh nár mhol Coimisiún na Meán é. Is muide an tOireachtas, is tusa an tAire. Is comhairle a chuireann chuile dhuine eile oraibh, ach is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh,” a dúirt Ó Cuív.

Mhol an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly go mbeadh Raidió na Gaeltachta neamhspleách ó RTÉ feasta mar gur léir “nach dtuigeann RTÉ an tábhacht a bhaineann leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí” atá ar siúl ag an stáisiún Gaeilge.

Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh sí ag súil go ndéileálfadh An Coimisiún Um Thodhchaí na Meán le go leor de na ceisteanna a pléadh ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné.

Dúirt sí go raibh sí “ag tnúth” le tuairisc an Choiste a fháil mí Iúil.

Chuir an tAire Catherine Martin fáilte roimh an scéal go bhfuil RTÉ chun athbhreithniú a dhéanamh ar an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ agus tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí faoin scéal.

Bhí RTÉ neamhspleách, a dúirt sí, ach ba í “a tuairim phearsanta” gur chóir go mbeadh “an Béarla agus an Ghaeilge ar comhchéim” agus go léireofaí “an meas céanna” ar an dá theanga. Níor mhaith léi a cheapadh, a dúirt an tAire, go mbeadh daoine san eagraíocht chéanna ag fáil pá éagsúil as an obair chéanna a dhéanamh.

Pléadh chomh maith ag an gcruinniú an easpa fógraíochta a dhéanann an stát ar na meáin Ghaeilge.

Dúirt an tAire Martin go raibh a comhghleacaí, an tAire Stáit Jack Chambers, chun dul i ngleic leis an gceist sin sa bhille teanga atá á phlé i dTithe an Oireachtais.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

De réir suirbhé a rinne TG4 féin, tá an pobal “ag éileamh a thuilleadh” thar mar atá á fháil acu ó Nuacht TG4 agus 7Lá, dhá chlár a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Mhaígh Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, faoi dhó le déanaí gurb amhlaidh gur laghdaíodh buiséad nuacht an Bhéarla gach bliain le roinnt blianta anuas agus gur mhéadaigh an caiteachas ar an nuacht Ghaeilge sa tréimhse chéanna.

Ní raibh RTÉ sásta aon fhigiúirí a chur ar fáil do Tuairisc.ie mar thacaíocht le maíomh a gceannasaí nuachta go bhfuil méadú tagtha ar an gcaiteachas a dhéantar ar nuacht teilifíse na Gaeilge le ceithre bliana anuas.

Fág freagra ar '‘Gan aon dul chun cinn déanta ag cúrsaí reatha Gaeilge ar an teilifís ó na 1970idí’'